Comhairliúchán Poiblí Ar Threoir Maidir Le Próiseáil Sonraí Pearsanta Leanaí
- Foilsithe: 18 Nollaig 2020
- oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 18 Nollaig 2020
- Dúnadh na haighneachtaí: 31 Márta 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Consultation is closed
Tá comhairliúchán poiblí á reáchtáil ag an gCoimisiún um Chosaint Sonraí (DPC) maidir lena chomhairliúchán poiblí dar teideal “Leanaí sa Tosach agus sa Lár: Bunphrionsabail le haghaidh Cur Chuige a Dhíríonn ar Leanaí maidir le Próiseáil Sonraí” (na “Bunphrionsabail”). Tugann na Bunphrionsabail isteach prionsabail léirmhínitheacha cosanta sonraí a bhaineann go sainiúil le leanaí agus bearta a mholtar a chuirfidh leis an leibheál cosanta a thugtar do leanaí i gcoinne na rioscaí cosanta sonraí atá ann dóibh nuair a úsáideann siad seirbhísí/nuair a bhfaigheann siad rochtain ar sheirbhísí sa saol ar líne agus as líne araon.
.Is féidir cóip de na Bunphrionsabail a íoslódáil ó shuíomh gréasáin an DPC www.dataprotection.ie. Tá sé beartaithe ag an DPC ábhair uile na n-aighneachtaí a gheofar mar fhreagra ar an gcáipéis comhairliúcháin seo agus aitheantas an pháirtí a mbeidh an aighneacht á déanamh aige nó aici (murar duine aonair an páirtí sin agus go bhfuil sé iarrtha go sainráite aige nó aici gan a ainm nó a hainm a thabhairt) a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an DPC. Iarrtar ar aon pháirtí lena mbaineann sé freagairt ar an gcáipéis seo trí aighneachtaí a dhéanamh/a gcuid tuairimí agus tráchtanna maidir leis an gcáipéis seo a chur ar fáil don DPC faoin 31 Márta 2021.
Ba cheart go gcuirfear aon fhreagraí ar ríomhphost chuig childrensconsultation@dataprotection.ie. De rogha air sin, is féidir freagraí a chur sa phost chuig an seoladh seo a leanas: An Coimisiún um Chosaint
Sonraí, An t-Aonad Polasaí Leanaí, 21 Cearnóg Mhic Liam Theas, D02 RD28, Éire.