English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Déan iarratas ar an gCárta Cruthúnais Aoise

  • Ó: An Garda Síochána

  • Foilsithe: 25 Bealtaine 2018
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Áis a thugann deis d'úsáideoirí atá 18 mbliana d'aois nó níos sine iarratas a chur isteach ar chárta aitheantais. In Éirinn ní féidir le duine ar bith atá faoi 18 mbliana alcól a cheannach go dlíthiúil. Tá forálacha i Rialacháin 2010 an Achta um Dheochanna Meisciúla 1988 (Cárta Aoise) le haghaidh scéim dheonach Cárta Aoise, a chruthaíonn go bhfuil an aois dhlíthiúil bainte amach ag duine aonair chun alcól a cheannach. Is cruthúnas ar aois é Cárta Aoise agus ní Cárta Aitheantais é.