Comhairliúchán ar an Earnáil Téimh Ceantair – An Bille Teasa (Líonraí agus Forálacha Ilghnéitheacha), 2024
- Foilsithe: 19 Meitheamh 2025
- oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 19 Meitheamh 2025
- dúnadh na haighneachtaí: 31 Iúil 2025
- An t-eolas is déanaí: 19 Meitheamh 2025
Tá an Comhairliúchán ar oscailt
Forbhreathnú ar an gcomhairliúchán
Tá sé mar aidhm leis an gcomhairliúchán seo aiseolas a bhailiú ó gheallsealbhóirí maidir leis an mBille Teasa (Líonraí agus Forálacha Ilghnéitheacha), 2024 atá beartaithe, rud lena dtabharfar creat rialála agus reachtach le haghaidh téamh ceantair isteach in Éirinn.
Cúlra
Le Téamh Ceantair, úsáidtear foinse láraithe teasa chun roinnt foirgnimh éagsúla a théamh ar fud limistéar geografach, ar limistéir é a d’fhéadfadh a bheith leathan. Fágann sé sin gur féidir roinnt cineálacha foinsí teasa láraithe a úsáid chun na mílte foirgneamh a théamh ar fud sráidbhaile, baile nó cathair ar fad. Buntáiste mór amháin a bhaineann le Téamh Ceantair is ea gur féidir le húsáid a bhaint as foinse teasa in-athnuaite nó as foinse dramhtheasa cabhrú le ceantar ar fad a dhícharbónú. Chomh maith leis sin, tá sé ina dheis uathúil an téamh a dhícharbónú agus a nuachóiriú i bhfoirgnimh phoiblí agus i bhfoirgnimh oidhreachta nach bhfuil oiriúnach d’iarfheistiú domhain.
Cuimsíodh sa Phlean Gnímh don Aeráid 2021 raon gníomhartha a raibh mar aidhm leo tacú le téamh ceantair a leathnú sa Stát. Bunaíodh an Grúpa Stiúrtha um Théamh Ceantair faoin bPlean Gnímh don Aeráid 2021 chun forbairt struchtúrtha an téimh ceantair a chinntiú.
I mí Iúil 2023, cheadaigh an rialtas foilsiú na Tuarascála ón nGrúpa Stiúrtha um Théamh Ceantair. Sa tuarascáil, tugadh sraith moltaí ar mhaithe le bunchloch a bhunú le haghaidh téamh ceantair a fhorbairt in Éirinn. Agus an tuarascáil sin á ceadú aige, thug an Rialtas dá aire gur gá córas rialála a fhorbairt le haghaidh téamh ceantair chun a chinntiú go gcosnófar tomhaltóirí agus go mbeidh earnáil téimh ceantair bheoga ann, agus cheadaigh sé dréachtú na reachtaíochta cuí chun tacú le leathnú an téimh ceantair ag an Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil.
An 30 Deireadh Fómhair 2024, cheadaigh an rialtas Scéim Ghinearálta an Bhille Teasa (Líonraí agus Forálacha Ilghnéitheacha). A bhuí le forbairt na reachtaíochta sin, éascófar fás earnála téimh ceantair in Éirinn, arb earnáil éifeachtúil ísealcharbóin í a rannchuideoidh le teas a dhícharbónú agus a chabhróidh le spriocanna náisiúnta agus idirnáisiúnta a chomhlíonadh. Táimid ag leanúint den Bhille Teasa 2024 a fhorbairt chun ár gcuspóirí sa réimse sin a chomhlíonadh.
Tá sé mar chuspóir leis an suirbhé seo measúnú a dhéanamh ar na tionchair a d’fhéadfadh a bheith ag an mbille ar mhicreaghnólachtaí agus ar ghnólachtaí beaga agus meánmhéide agus a shainaithint, i gcás gur féidir, cé na bearta maolaithe is féidir a dhéanamh chun tionchair dhiúltacha a íoslaghdú.
Conas aighneacht a dhéanamh
Is é 5.30pm Déardaoin an 31 Iúil 2025 an uair dheiridh a ghlacfar le haighneachtaí
Ba cheart d’aon duine atá ag iarraidh aighneacht a dhéanamh an suirbhé ar líne atá ar fáil ar shuíomh gréasáin EUSurvey a chomhlánú.
Mura féidir leat an suirbhé a rochtain ar chúis ar bith, seol ríomhphost chuig an bhfoireann ag DistrictHeating@dcee.gov.ie
Cosaint Sonraí
Táimid tiomanta do dhul i dteagmháil le geallsealbhóirí ar bhealach soiléir, oscailte agus trédhearcach. Féadfaidh aon duine nó eagraíocht aighneacht a dhéanamh i ndáil leis an gcomhairliúchán seo. Breithneoimid na haighneachtaí uile agus an t-aiseolas ar fad sula dtabharfar an Bille Teasa atá beartaithe chun críche.
Beidh do fhreagra ar an gcomhairliúchán seo faoi réir na nithe seo a leanas:
- an tAcht um Shaoráil Faisnéise, 2014
- na Rialacháin um Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol, 2007 go 2018
- an tAcht um Chosaint Sonraí, 2018
Freagraí a fhoilsiú
Tá sé de rún againn a bhfuil sna haighneachtaí uile a gheofar mar fhreagra ar ár gcomhairliúcháin a fhoilsiú ar ár suíomh gréasáin. Cuirfimid sonraí pearsanta in eagar (bainfimid iad) roimh fhoilsiú.
Leag béim ar aon fhaisnéis atá íogair
Agus freagra á thabhairt agat ar an gcomhairliúchán seo, leag béim go soiléir ar na háiteanna ina gcuimsítear i do fhreagra aon fhaisnéis nár mhaith leat go n-eiseofaí í faoi Shaoráil Faisnéise nó faoi Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol ná go bhfoilseofaí í ar shlí eile. Is féidir na nithe seo a leanas a bheith i gceist leis sin:
- faisnéis phearsanta
- faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de
- faisnéis rúnda
Léigh ár bhFógra Príobháideachta Sonraí
Ba mhaith linn d’aird a tharraingt ar ár bhFógra Príobháideachta Sonraí, rud ina mínítear na nithe seo a leanas:
- conas agus cén uair a bhailímid sonraí pearsanta
- cén fáth a mbailímid iad
- conas a chaithimid leis an bhfaisnéis sin
- na cearta atá agat i ndáil le bailiú faisnéise pearsanta
- conas a fhéadfaidh tú na cearta sin a fheidhmiú