Comhairliúchán ar an dara Plean Oiriúnaithe Earnála don Athrú Aeráide do Líonraí Leictreachais agus Gáis (EGN SAP 2025)
- Foilsithe: 1 Lúnasa 2025
- oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 1 Lúnasa 2025
- dúnadh na haighneachtaí: 5 Meán Fómhair 2025
- An t-eolas is déanaí: 1 Lúnasa 2025
Tá an Comhairliúchán ar oscailt
Forbhreathnú ar an gcomhairliúchán
D’ullmhaigh an Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil dréacht-Phlean Oiriúnaithe Reachtúil don Earnáil Líonraí Leictreachais agus Gáis le haghaidh comhairliúchán poiblí.
Is é aidhm an chomhairliúcháin seo aiseolas a bhailiú ó dhaoine aonair, ó phobail, ó ghnólachtaí agus ó eagraíochtaí ar fud na hÉireann ar an dréachtleagan den dara Plean Oiriúnaithe Earnála don Athrú Aeráide do Líonraí Leictreachais agus Gáis (an Plean Oiriúnaithe Earnála do Líonraí Leictreachais agus Gáis 2025).
Dírítear sa Phlean Oiriúnaithe Earnála do Líonraí Leictreachais agus Gáis 2025 ar an oiriúnú don athrú aeráide. Is doiciméad straitéiseach é atá deartha chun cabhrú le líonraí leictreachais agus gáis na hÉireann athléimneacht fhadtéarmach a thógáil in aghaidh tionchair aeráide agus in aghaidh eachtraí adhaimsire.
Ba mhaith linn d’aiseolas a fháil ar an tionchar a bheidh ag an athrú aeráide ar na líonraí leictreachais agus gáis, dar leat.
Tugtar cuireadh do gach páirtí leasmhar a dtuairimí ar an Dréachtphlean a chur in iúl le linn an phróisis comhairliúcháin 5 seachtaine seo.
Cúlra
Tá an t-athrú aeráide ag déanamh difear dár gcóras fuinnimh cheana féin, agus is féidir leis a bheith mar chúis le bristeacha cumhachta agus le damáiste don bhonneagar. Idir stoirmeacha gaoithe, theochtaí a bhíonn ag ardú agus thonnta teasa, tá an adhaimsir ag déanamh difear dár líonraí leictreachais agus gáis. Fágann sé sin gur rud níos tábhachtaí fós í an dóigh a ndéanaimid ár líonraí leictreachais agus gáis a dhearadh, a thógáil, a oibriú agus a chothabháil.
Chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin, rinne an Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil, ag obair di i gcomhar le príomh-gheallsealbhóirí, an dara Plean Oiriúnaithe Earnála don Athrú Aeráide do Líonraí Leictreachais agus Gáis (an Plean Oiriúnaithe Earnála do Líonraí Leictreachais agus Gáis 2025) a fhorbairt. Leagtar amach sa dréachtphlean sin conas is féidir le líonraí leictreachais agus gáis na hÉireann oiriúnú do rioscaí aeráide amach anseo, agus conas is féidir linn athléimneacht fhadtéarmach ár mbonneagair fuinnimh a fheabhsú.
Tá an comhairliúchán mar chuid den phróiseas arb éard é an leagan bunaidh den Phlean Oiriúnaithe Earnála don Athrú Aeráide do Líonraí Leictreachais agus Gáis a foilsíodh sa bhliain 2019 a nuashonrú, i gcomhréir le Creat Náisiúnta Oiriúnaithe na hÉireann agus leis na Treoirlínte Pleanála Earnála le haghaidh Oiriúnú don Athrú Aeráide 2024.
Ba mhaith linn do thuairimí a fháil chun cabhrú leis an leagan deiridh den dara Plean Oiriúnaithe Earnála don Athrú Aeráide do Líonraí Leictreachais agus Gáis a mhúnlú. Ba mhaith linn do thuairimí a fháil ar na ceisteanna seo a leanas go háirithe:
- Cé acu a chabhraíonn nó nach gcabhraíonn an plean leis na líonraí leictreachais agus gáis a ullmhú don athrú aeráide
- Cé na codanna de na líonraí leictreachais agus gáis is mó atá i mbaol agus cén difear atá á dhéanamh do do cheantar cheana féin
- Cén tacaíocht, nó cé na hathruithe, atá riachtanach chun oiriúnú aeráide a chur i mbun gnímh
- Conas is féidir linn a chinntiú go mbeidh na hathruithe sin cothrom agus trédhearcach agus go n-oirfeadh siad do chách
Trí d’aiseolas a thabhairt, is féidir leat cabhrú leis an dóigh a n-ullmhaíonn Éire do thionchair aeráide a mhúnlú agus is féidir leat a chinntiú go bhfanfaidh ár líonraí leictreachais agus gáis sábháilte, slán, iontaofa, athléimneach agus inacmhainne do chách.
Maolú Aeráide nó Oiriúnú don Aeráid – Cad é an difríocht?
Is é atá i gceist le maolú dul i ngleic leis na cúiseanna leis an athrú aeráide (mar shampla, astaíochtaí a laghdú nó aistriú chuig teicneolaíochtaí ísealcharbóin).
Is é atá i gceist le hoiriúnú freagairt do thionchair aeráide atá ag tarlú cheana féin nó a bhfuiltear ag súil go dtarlóidh siad sa todhchaí (mar shampla, ullmhú do stoirmeacha gaoithe, do thuilte, do thonnta teasa agus d’eachtraí eile a bhaineann leis an aeráid).
Tagraíonn athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide dár gcumas chun ullmhú do thionchair an athraithe aeráide, chun freagairt dóibh agus chun téarnamh uathu.
An fáth a bhfuil tábhacht leis an oiriúnú don athrú aeráide
Tá tábhacht le hoiriúnú don athrú aeráide toisc go gcabhraíonn sé linn ár leochaileacht i leith éifeachtaí díobhálacha an athraithe aeráide, amhail eachtraí adhaimsire, a laghdú. Trí oiriúnú go réamhghníomhach d’athruithe, is féidir linn na tionchair dhiúltacha ar ár líonraí leictreachais agus gáis agus ar an mbonneagar gaolmhar a íoslaghdú, agus leas á bhaint as deiseanna nua ag an am céanna.
Leagtar amach sa phlean seo 31 ghníomh tosaíochta chun an cur isteach ar an líonra a laghdú, chun ár mbonneagar leictreachais agus gáis a chumhdach, agus chun soláthairtí cumhachta na hÉireann a choinneáil ar siúl go sábháilte.
Leis an bplean, tugtar do chuideachtaí agus oibritheoirí san earnáil leictreachais agus gáis agus do phobail na huirlisí, an t-eolas agus an tacaíocht a theastaíonn chun pleanáil, infheistiú agus oiriúnú de réir mar is gá.
Is féidir tuilleadh faisnéise faoin gCreat Náisiúnta Oiriúnaithe agus faoi na Treoirlínte a fháil ar shuíomh gréasáin na Roinne.
Conas aighneacht a dhéanamh
Is é 5.30pm Dé hAoine an 5 Meán Fómhair 2025 an dáta deiridh ar a nglacfar le haighneachtaí.
Ba cheart aighneachtaí a sheoladh le ríomhphost chuig EGNSAP@dcee.gov.ie nó le casadh an phoist chuig:
Comhairliúchán ar an dara Plean Oiriúnaithe Earnála don Athrú Aeráide do Líonraí Leictreachais agus Gáis
An Rannán um Chomhairle Theicniúil Fuinnimh
An Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil
Teach Tom Johnson
Bóthar Haddington
D04 K7X4
Cosaint sonraí
Táimid tiomanta do dhul i dteagmháil le geallsealbhóirí ar bhealach soiléir, oscailte agus trédhearcach. Féadfaidh aon duine nó eagraíocht aighneacht a dhéanamh i ndáil leis an gcomhairliúchán seo. Breithneoimid na haighneachtaí uile agus an t-aiseolas ar fad sula bhfoilseoimid na leaganacha deiridh den Phlean.
Beidh do fhreagra ar an gcomhairliúchán seo faoi réir na nithe seo a leanas:
- an tAcht um Shaoráil Faisnéise, 2014
- na Rialacháin um Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol, 2007 go 2018
- an tAcht um Chosaint Sonraí, 2018
Freagraí a fhoilsiú
Tá sé de rún againn a bhfuil sna haighneachtaí uile a gheofar mar fhreagra ar ár gcomhairliúcháin a fhoilsiú ar ár suíomh gréasáin. Cuirfimid sonraí pearsanta in eagar (bainfimid iad) roimh fhoilsiú.
Leag béim ar aon fhaisnéis atá íogair
Agus freagra á thabhairt agat ar an gcomhairliúchán seo, leag béim go soiléir ar na háiteanna ina gcuimsítear i do fhreagra aon fhaisnéis nár mhaith leat go n-eiseofaí í faoi Shaoráil Faisnéise nó faoi Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol ná go bhfoilseofaí í ar shlí eile. Is féidir na nithe seo a leanas a bheith i gceist leis sin:
- faisnéis phearsanta
- faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de
- faisnéis rúnda
Léigh ár bhFógra Príobháideachta Sonraí
Ba mhaith linn d’aird a tharraingt ar ár bhFógra Príobháideachta Sonraí, rud ina mínítear na nithe seo a leanas:
- conas agus cén uair a bhailímid sonraí pearsanta
- cén fáth a mbailímid iad
- conas a chaithimid leis an bhfaisnéis sin
- na cearta atá agat i ndáil le bailiú faisnéise pearsanta
- conas a fhéadfaidh tú na cearta sin a fheidhmiú