Comhairliúchán Poiblí maidir le Mapáil Críche Náisiúnta le haghaidh Leictreachas In-athnuaite
- Foilsithe: 3 Meán Fómhair 2025
- oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 3 Meán Fómhair 2025
- dúnadh na haighneachtaí: 10 Deireadh Fómhair 2025
- An t-eolas is déanaí: 3 Meán Fómhair 2025
Tá an Comhairliúchán ar oscailt
Forbhreathnú ar an gcomhairliúchán
Is é aidhm an Chomhairliúcháin Phoiblí seo aiseolas ón bpobal agus ó gheallsealbhóirí a bhailiú maidir le Mapáil Críche Náisiúnta le haghaidh Leictreachas In-athnuaite, ar ceanglas é faoi Threoir (AE) 2023/2413 maidir le Fuinneamh In-athnuaite (RED III). Tá an páipéar comhairliúcháin agus na mapaí ar fáil thíos:
- Mapáil Críche Náisiúnta le haghaidh Leictreachas In-athnuaite - Tuarascáil Comhairliúcháin Phoiblí
- Mapa 1: Mapáil Críche Náisiúnta le haghaidh Fuinneamh Gaoithe ar Talamh ar Scála na hEangaí in Éirinn
- Mapa 2: Mapáil Críche Náisiúnta le haghaidh Fuinneamh Fótavoltach Gréine ar Scála na hEangaí in Éirinn
- Mapa 3: Limistéir atá ar fáil le haghaidh Fuinneamh In-athnuaite Amach ón gCósta in Éirinn
Cúlra
Le Treoir (AE) 2023/2413 maidir le Fuinneamh In-athnuaite (RED III), socraítear sprioc fhoriomlán fuinnimh in-athnuaite de 42.5% ar a laghad atá ceangailteach ar leibhéal an Aontais Eorpaigh faoin mbliain 2030, cé gurb í 45% an aidhm. Ceanglaítear leis an Treoir freisin ar Bhallstáit an Aontais Eorpaigh “mapáil críche náisiúnta” (faoi Airteagal 15b) a dhéanamh chun sainaithint a dhéanamh ar an acmhainneacht intíre agus ar na limistéir atá ar fáil atá riachtanach le haghaidh gléasraí fuinnimh in-athnuaite agus a mbonneagar gaolmhar a shuiteáil de réir mar is gá, chun rannchuidithe náisiúnta na hÉireann i dtreo sprioc fhoriomlán fuinnimh in-athnuaite an Aontais Eorpaigh do 2030 a bhaint amach.
Ceanglaítear leis an Treoir freisin ar na Ballstáit a chinntiú go sainaithneoidh údaráis inniúla Limistéar Luathaithe Fuinnimh In-athnuaite amháin ar a laghad (faoi Airteagal 15c), nach mór dó a bheith mar “fothacar” de na limistéir a sainaithníodh faoin gcleachtadh mapála críche náisiúnta.
Tá an tAire Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil ag lorg ionchuir ón bpobal anois maidir leis na nithe seo a leanas:
- an mhapáil críche náisiúnta a rinneadh (faoi Airteagal 15b); agus
- aon phríomhbhreithniúcháin ba cheart a chur san áireamh agus dréachtphlean á ullmhú le haghaidh Limistéar Luathaithe Fuinnimh In-athnuaite a ainmniú (faoi Airteagal 15c)
Conas aighneacht a dhéanamh
Is é 5.30pm Dé hAoine an 10 Deireadh Fómhair 2025 an uair dheiridh a ghlacfar le haighneachtaí i scríbhinn.
Déan d’aighneacht tríd an suirbhé ar líne a chomhlánú ar shuíomh gréasáin EU Survey
nó tríd an bpost chuig:
An Rannán um Leictreachas In-athnuaite,
An Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil,
Teach Tom Johnson,
Bóthar Haddington,
Baile Átha Cliath.
D04 K7X4
Cosaint sonraí
Táimid tiomanta do dhul i dteagmháil le geallsealbhóirí ar bhealach soiléir, oscailte agus trédhearcach. Féadfaidh aon duine nó eagraíocht aighneacht a dhéanamh i ndáil leis an gcomhairliúchán seo. Breithneoimid na haighneachtaí uile agus an t-aiseolas ar fad a bheidh faighte faoin gComhairliúchán Poiblí seo.
Beidh do fhreagra ar an gcomhairliúchán seo faoi réir na nithe seo a leanas:
- an tAcht um Shaoráil Faisnéise, 2014
- na Rialacháin um Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol, 2007 go 2018
- an tAcht um Chosaint Sonraí, 2018
Freagraí a fhoilsiú
Tá sé de rún againn a bhfuil sna haighneachtaí uile a gheofar mar fhreagra ar ár gcomhairliúcháin a fhoilsiú ar ár suíomh Gréasáin. Cuirfimid sonraí pearsanta in eagar (bainfimid iad) roimh fhoilsiú.
Leag béim ar aon fhaisnéis atá íogair
Agus freagra á thabhairt agat ar an gcomhairliúchán seo, leag béim go soiléir ar na háiteanna ina gcuimsítear i do fhreagra aon fhaisnéis nár mhaith leat go n-eiseofaí í faoi Shaoráil Faisnéise nó faoi Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol ná go bhfoilseofaí í ar shlí eile. Is féidir na nithe seo a leanas a bheith i gceist leis sin:
- faisnéis phearsanta
- faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de
- faisnéis rúnda
Léigh ár bhFógra Príobháideachta Sonraí
Ba mhaith linn d’aird a tharraingt ar ár bhFógra Príobháideachta Sonraí, rud ina mínítear na nithe seo a leanas:
- conas agus cén uair a bhailímid sonraí pearsanta
- cén fáth a mbailímid iad
- conas a chaithimid leis an bhfaisnéis sin
- na cearta atá agat i ndáil le bailiú faisnéise pearsanta
- conas a fhéadfaidh tú na cearta sin a fheidhmiú