Comhairliúchán poiblí ar an Athbhreithniú ar na Scéimeanna Freagrachta Táirgeora maidir le Dramhthrealamh Leictreach agus Leictreonach agus maidir le Ceallraí Dramhaíola
- Foilsithe: 29 Meán Fómhair 2025
- oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 29 Meán Fómhair 2025
- dúnadh na haighneachtaí: 24 Samhain 2025
- An t-eolas is déanaí: 29 Meán Fómhair 2025
Tá an Comhairliúchán ar oscailt
Forbhreathnú ar an gComhairliúchán
Tá athbhreithniú á dhéanamh ag an Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil ar fhreagracht leathnaithe táirgeora don earnáil dramhthrealaimh leictrigh agus leictreonaigh agus don earnáil ceallraí dramhaíola. Mar chuid den athbhreithniú sin, tá an Roinn ag lorg tuairimí ó thomhaltóirí, ó tháirgeoirí, ó mhonaróirí agus ó allmhaireoirí.
Cúlra
Úsáideann Éire an tsamhail freagrachta leathnaithe táirgeora chun déileáil le roinnt sruthanna dramhaíola agus d’fhorbair sí tionscnaimh freagrachta táirgeora, atá bunaithe ar an bprionsabal gurb é táirgeoir na dramhaíola a íocfaidh aisti. Faoi na tionscnaimh sin, tá freagracht ar tháirgeoirí maoiniú a sholáthar le haghaidh táirgí dá gcuid a bhfuil a ré caite a bhailiú agus le haghaidh dramhaíl na dtáirgí sin a bhainistiú ar bhealach atá fónta ó thaobh an chomhshaoil de.
Féadfaidh eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí na hoibleagáidí comhlíonta ar bhaill a chomhlíonadh ar bhonn comhchoiteann faoi réir Ceadú ón Aire a fháil.
Is iad dramhthrealamh leictreach agus leictreonach agus ceallraí dramhaíola an t-aon sruth dramhaíola in Éirinn ar ina leith atá níos mó ná eagraíocht freagrachta leathnaithe táirgeora amháin ar fáil chun comhlíonadh comhchoiteann a thairiscint, agus scrúdófar san athbhreithniú an t-eispéireas le hiomaíocht a bheith ann san earnáil chomhlíonta. Is iad WEEE Ireland agus ERP Ireland an dá eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí don earnáil dramhthrealaimh leictrigh agus leictreonaigh agus don earnáil ceallraí dramhaíola. Tá sé mar aidhm leis an athbhreithniú a chinntiú go bhfuil an dá eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí ag rannchuidiú go héifeachtach le haistriú na hÉireann chuig Geilleagar Ciorclach.
Is é cuspóir an athbhreithnithe measúnú a dhéanamh ar shamhlacha oibriúcháin an dá eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí chun a chinntiú go bhfuil siad ag feidhmiú go barrmhaith i ndáil leis na nithe seo a leanas:
- Baint amach spriocanna
- Coinníollacha a gCeaduithe ón Aire a chomhlíonadh
- Cáilíocht an réitigh comhlíonta a thairgtear
- An luach atá an iomaíocht agus an rogha ag cur leis an earnáil agus leis an gciorclaíocht
- An bhainistíocht costas riachtanach agus an bhainistíocht airgeadais a bhaineann le freagracht leathnaithe táirgeora.
- Tacaíocht forbartha beartais
- An t-aistriú chuig Geilleagar Ciorclach in Éirinn
- Anailís éifeachtúlachta agus éifeachtachta.
Conas aighneacht a dhéanamh
Tá an Roinn tiomanta do dhul i dteagmháil le geallsealbhóirí ar bhealach soiléir, oscailte agus trédhearcach.
Féadfar aighneachtaí a dhéanamh bunaithe ar na ceisteanna suirbhé atá leagtha amach thíos.
Is féidir an suirbhé a chomhlánú ar líne tríd an nasc seo a leanúint:
https://ec.europa.eu/eusurvey/runner/PROConsultation2025
Ní gá na ceisteanna uile a fhreagairt. Glacfar freisin le tuairimí breise a chuirfear in iúl lasmuigh de na ceisteanna.
Ní mór na freagraí ar an gcomhairliúchán seo a ghlactar go hiomlán ag an Roinn tríd an suíomh Gréasáin EUSurvey faoi 5:30 i.n. Dé Luain 24 Samhain 2025 ar a mhéad.
Féadfar aighneachtaí a dhéanamh trí iad a sheoladh le ríomhphost chuig PROConsultation@dcee.gov.ie
De rogha air sin, féadfar aighneachtaí a dhéanamh i scríbhinn chuig an seoladh seo a leanas:
Comhairliúchán ar an Athbhreithniú ar na Scéimeanna Freagrachta Táirgeora maidir le Dramhthrealamh Leictreach agus Leictreonach agus maidir le Ceallraí Dramhaíola,
An tAonad um Thionscnaimh Freagrachta Táirgeora,
An Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil,
Bóthar an Bhaile Nua
Loch Garman
Y35AP90
Cosaint Sonraí
Táimid tiomanta do dhul i dteagmháil le gach geallsealbhóir ar bhealach soiléir, oscailte agus trédhearcach. Féadfaidh aon duine nó eagraíocht aighneacht a dhéanamh i ndáil leis an gcomhairliúchán seo. Breithneoimid na haighneachtaí uile agus an t-aiseolas ar fad sula bhfoilseoimid an leagan deiridh den Staidéar Féidearthachta.
Beidh do fhreagra ar an gcomhairliúchán seo faoi réir na nithe seo a leanas:
- an tAcht um Shaoráil Faisnéise, 2014
- na Rialacháin um Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol, 2007 go 2018
- an tAcht um Chosaint Sonraí, 2018
Freagraí a fhoilsiú
Féadfaimid a bhfuil in aon aighneachtaí a gheofar mar fhreagra ar ár gcomhairliúcháin a fhoilsiú ar ár suíomh Gréasáin. Cuirfimid sonraí pearsanta in eagar (bainfimid iad) roimh fhoilsiú.
Leag béim ar aon fhaisnéis atá íogair
Agus freagra á thabhairt agat ar an gcomhairliúchán seo, leag béim go soiléir ar na háiteanna ina gcuimsítear i do fhreagra aon fhaisnéis nár mhaith leat go n-eiseofaí í faoi Shaoráil Faisnéise nó faoi Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol ná go bhfoilseofaí í ar shlí eile. Is féidir na nithe seo a leanas a bheith i gceist leis sin:
- faisnéis phearsanta
- faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de
- faisnéis rúnda
Léigh ár bhFógra Príobháideachta Sonraí
Ba mhaith linn d’aird a tharraingt ar ár bhFógra Príobháideachta Sonraí, rud ina mínítear na nithe seo a leanas:
- conas agus cén uair a bhailímid sonraí pearsanta
- cén fáth a mbailímid iad
- conas a chaithimid leis an bhfaisnéis sin
- na cearta atá agat i ndáil le bailiú faisnéise pearsanta
- conas a fhéadfaidh tú na cearta sin a fheidhmiú