Tuarascáil maidir le Comhráite faoin Aeráid 2024
- Foilsithe: 10 Iúil 2025
- An t-eolas is déanaí: 10 Iúil 2025
Bhí Comhráite faoin Aeráid 2024 ar siúl ar feadh ocht seachtaine ó mhí na Bealtaine go mí Mheán Fómhair. Ghlac 2,000 duine, beagnach, páirt ann trí shuirbhé ar líne. Díríodh i bpríomhrannáin den chomhairliúchán poiblí sin ar litearthacht aeráide, ar mhothúcháin maidir leis an aeráid, ar bhraistintí freagrachta agus éifeachtachta, ar thuiscint ar thionchar na haeráide, agus ar leibhéil rannpháirtíochta pobail.
Mar chuid den Idirphlé Náisiúnta ar Ghníomhú ar son na hAeráide, tá clár na gComhráite faoin Aeráid ina bhunchloch de straitéis na hÉireann chun páirt a thabhairt do shaoránaigh i mbeartais aeráide an náisiúin a mhúnlú. Trí pháirt a ghlacadh ann, rannchuidíonn saoránaigh go díreach le forbairt an Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide, á chinntiú go bhfuil na beartais ag léiriú dearcthaí éagsúla agus go dtugtar aghaidh leo ar ábhair imní gach déimeagrafaigh.
Tugtar an méid seo a leanas le tuiscint sna fionnachtana don bhliain 2024:
- Ábhair Imní faoin Aeráid agus Frustrachas Mothúchánach atá ag Méadú: Chuir freagraithe in iúl go raibh imní níos mó orthu faoin athrú aeráide sa bhliain 2024 ná mar a bhí amhlaidh sa bhliain 2023, agus ábhair imní mhéadaitheacha ann maidir leis an dochar braite do dhaoine eile agus do na glúnta atá le teacht. Ba é frustrachas an príomh-mhothúchán a tuairiscíodh.
- Fíorthábhacht an Ghníomhaithe Chomhoibríoch ar son na hAeráide in Éirinn: Ar an gcaoi chéanna, measadh go raibh ról fíorthábhachtach ag Rialtas na hÉireann, ag an Aontas Eorpach, ag an Lucht Gnó agus ag an Lucht Tionsclaíochta maidir le gníomhartha ar son na haeráide a chur i gcrích.
- Úsáid Foinsí Éagsúla chun Faisnéis a Fháil faoin Athrú Aeráide: Ba iad nuachtáin agus nuacht ar líne na príomhfhoinsí faisnéise faoin athrú aeráide fós, agus seimineáir Ghréasáin/comhdhálacha agus podchraoltaí luaite ar bhonn níos minice ná mar a bhí amhlaidh sa bhliain 2024.
- Míthuiscintí maidir le Laghdú ar Astaíochtaí Carbóin: Bhí míthuiscintí ann fós maidir leis an tionchar atá ag gníomhartha éagsúla ar astaíochtaí carbóin a laghdú. Is díol suntais go raibh claonadh méadaithe ann i dtreo gannmheastachán a dhéanamh ar na buntáistí a bhaineann leis an nglacadh le feithiclí leictreacha agus go raibh claonadh méadaithe ann freisin i dtreo rómheastachán a dhéanamh na héifeachtaí a bhaineann le dramhaíl bhia a laghdú agus le hathchúrsáil a dhéanamh.
- Is Follasach atá Rannpháirtíocht Reatha an Phobail i nGníomhú ar son na hAeráide: Thuairiscigh seisear as gach deichniúr freagraithe go bhfuil baint acu le heagraíocht pobail ina limistéar áitiúil a phléann le gníomhaíochtaí éagsúla, agus pas beag níos mó ná a leath ag rá go raibh gníomhú ar son na haeráide i gceist leis an obair sin.
- Tuilleadh Acmhainne laistigh de Phobail: I measc na ndaoine sin nach bhfuil ag gabháil do ghníomhú pobail ar son na haeráide faoi láthair, bhí spéis shuntasach acu i ndéanamh amhlaidh. Chuir siad spéis in iúl ina gcuid bia féin a shaothrú i ngairdíní pobail, i dtionscnaimh soghluaisteachta gníomhaí, agus i dtionscadail geilleagair chiorclaigh amhail gníomhaíochtaí deisiúcháin agus athúsáide.
Tá fionnachtana níos mine ar fáil sa tuarascáil thíos. Ag cur leis na hiarrachtaí a rinneadh sa Chlár ‘Éiríonn le Gníomhartha ar son na hAeráide’ sa bhliain 2024, cuirtear feabhas le fionnachtana na tuarascála ar ár dtuiscint ar an ról reatha atá ag rannpháirtíocht an phobail san athrú aeráide a chomhrac agus ar an ról a d’fhéadfadh a bheith ag an rannpháirtíocht sin. Déantar roinnt moltaí sa tuarascáil, lena n-áirítear moil aeráide pobail a bhunú atá samhaltaithe ar eiseamláirí rathúla in áit eile, aghaidh a thabhairt ar mhíthuiscintí ar fheithiclí leictreacha, agus feabhas a chur ar chomhoibriú trasrialtais ar thionscnaimh aeráide.