English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Cistí Tairbhe Pobail faoin Scéim Tacaíochta Leictreachais In-athnuaite

Is é aidhm na Scéime Tacaíochta Leictreachais In-athnuaite (RESS) a chinntiú go mbainfidh pobail áitiúla tairbhe as aistriú fuinnimh na hÉireann trí na Cistí Tairbhe Pobail.

Cistítear na Cistí Tairbhe Pobail le ranníocaíochtaí airgeadais éigeantacha ó thionscadail fuinnimh in-athnuaite a fhaigheann tacaíocht ón scéim. Tacaíonn na cistí sin le tionscnaimh áitiúla agus le híocaíochtaí le teaghlaigh atá suite i ngar do na tionscadail. Is iad pobail a shocraíonn conas na cistí a chaitheamh trí phróiseas iarratais poiblí agus trí na breitheanna a thugann na Coistí Ciste. Tá an ranníocaíocht éigeantach socraithe ag €2 ar a laghad in aghaidh na meigeavatuaire (MWh) do gach tionscadal giniúna, agus tá sí le húsáid ar mhaithe le mórfholláine gheilleagrach, comhshaoil, shóisialta agus chultúrtha an phobail áitiúil.

I gcás feirm ghaoithe 10 meigeavatuair (MW) a tháirgeann 30,000 MWh in aghaidh na bliana, mar shampla, ranníocfaidh sí thart ar €60,000 lena ciste.

Ní mór do Chistí Tairbhe Pobail na rialacha seo a leanas a leanúint:

  • Íocaíochtaí Díreacha Teaghlaigh: Leithdháiltear íocaíocht bhliantúil €1,000 ar gach teaghlach atá suite laistigh de gha 1 km ó thionscadail ghaoithe ar talamh. Leithdháiltear íocaíochtaí ar lú iad ná an tsuim sin ar theaghlaigh atá suite idir 1 km agus 2 km ó thionscadail ghaoithe.
  • Tionscnaimh Forbartha Inbhuanaithe: Tacaíonn 40% ar a laghad den chiste le tionscadail áitiúla atá dírithe ar thionscnaimh atá ailínithe le 17 Sprioc Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe. Roghnaítear tionscadail trí phróiseas oscailte poiblí, áit a ndéanann clubanna áitiúla, cumainn áitiúla agus eintitis áitiúla eile tionscnaimh a mholadh.
  • Costais Riaracháin: Féadfar 10% ar a mhéad den chiste a úsáid chun críocha riaracháin chun rialachas agus oibriú éifeachtach an chiste a chinntiú.

Ó RESS 4 ar aghaidh, ceanglaítear ar Thionscadail a gCistí Tairbhe Pobail a chothabháil ar feadh tréimhse 15 bliana, fiú amháin i gcás go n-imeoidh an tionscadal fuinnimh in-athnuaite as an scéim le linn na tréimhse sin. Ciallaíonn sé sin go ranníocfaidh an tionscadal gaoithe 10 MW ar talamh atá luaite thuas suim iomlán €800,000 i dtéarmaí réadacha (arna coigeartú le haghaidh boilscithe) lena bpobal le linn na tréimhse 15 bliana. Bunaithe ar an líon tionscadal atá ag fáil thacaíocht RESS, táthar ag súil leis go bhfaighidh pobail sna limistéir atá suite timpeall na dtionscadal fuinnimh in-athnuaite ar fud na tíre na milliúin euro sna blianta atá le teacht.

Cé nach bhfuil cuma mhór ar an tsuim bhliantúil sin, tá acmhainneacht aici tairbhí buana a sholáthar do phobail áitiúla fad a bhainistítear go héifeachtach í faoi straitéis dhea-dheartha.

Coimeádann Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI) an Clár Náisiúnta Cistí Tairbhe Pobail, áit a bhfuil faisnéis ar fáil faoi Chistí Tairbhe Pobail na dTionscadal uile de RESS, lena n-áirítear mionsonraí faoi na ranníocaíochtaí bliantúla uathu, mionsonraí faoi na tionscnaimh a dtacaíonn siad leo, agus cás-staidéir ar thionscnaimh chistithe.


Leabhar Rialacha le haghaidh Cistí Tairbhe Pobail faoi RESS

Le RESS, tugtar sainordú do gach tionscadal Ciste Tairbhe Pobail a bhunú. Chun a chinntiú go mbeidh na páirtithe uile lánábalta an méid sin a dhéanamh, d’fhoilsíomar an Lámhleabhar maidir le Prionsabail Dea-Chleachtais le haghaidh Cistí Tairbhe Pobail sa bhliain 2021.

Tar éis do thionscadail faoin gcéad cheant faoi RESS (RESS 1) oibríocht tráchtála a bhaint amach, agus tar éis do na chéad Chistí Tairbhe Pobail tosú ar thionscadail a chistiú ina limistéir áitiúla, fuair an Roinn aiseolas ar ghnéithe ba cheart a shoiléiriú nó a athrú i ndáil le Cistí Tairbhe Pobail. Dá réir sin, seoladh comhairliúchán poiblí i dtús na bliana 2025.

Tá an Leabhar Rialacha seo bunaithe ar na ceachtanna a foghlaimíodh le cúpla bliain anuas agus ar an aiseolas a fuarthas le linn an phróisis comhairliúcháin phoiblí.

Leabhar Rialacha le haghaidh Cistí Tairbhe Pobail faoi RESS
Amharc amharc