Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

An Fóram Geallsealbhóirí maidir le Stóráil Leictreachais

Foilsíodh an Creat Beartais um Stóráil Leictreachais d’Éirinn sa bhliain 2024. Áirítear leis deich ngníomh Rialtais atá le cur i gcrích. Tugtar an gealltanas seo a leanas i nGníomh #4 den Chreat Beartais um Stóráil Leictreachais: “Fóram a thionól le haghaidh grúpa leathnaithe geallsealbhóirí, lena n-áirítear comhlachtaí reachtúla, príomhionadaithe tionscail agus grúpaí acadúla/sainleasa.”

Aithníonn an rialtas seo go bhfuil sé ríthábhachtach go mbeadh cur chuige comhordaithe ag na geallsealbhóirí uile i leith ról na stórála leictreachais in Éirinn chun go mbeadh córais stórála leictreachais in ann a spriocanna a bhaint amach.

Is é cuspóir an ghnímh beartais seo caidreamh a dhéanamh leis an bpobal, leis na soláthraithe seirbhíse agus le geallsealbhóirí eile maidir leis an ról tábhachtach a imríonn Córais Stórála Leictreachais sa líonra eangaí náisiúnta.

Cuireadh Gníomh #4 chun feidhme i mí na Samhna 2024 nuair a d’óstáil an Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil an chéad Fhóram Geallsealbhóirí maidir le Stóráil Leictreachais. Leis an imeacht, tugadh rannpháirtithe ó raon leathan earnálacha le chéile. Ina measc sin bhí comhlachtaí reachtúla iomchuí, príomhionadaithe tionscail, grúpaí acadúla/sainleasa agus ionadaithe don phobal i gcoitinne ar thopaic na stórála leictreachais. Ba iad seo a leanas na haidhmeanna a bhí leis an bhfóram:

  1. An t-eolas is deireanaí agus an dul chun cinn ar an mbeartas rialtais a chomhroinnt agus a phlé
  2. Fóram a éascú ina mbeadh na geallsealbhóirí uile in ann a gcuid léargas agus saineolais a chomhroinnt
  3. Sainaithint a dhéanamh ar thopaicí, dúshláin agus bacainní atá ábhartha do chórais stórála leictreachais
  4. A chinntiú go n-éisteann an Roinn leis na tuairimí ó raon leathan geallsealbhóirí

Sa tuarascáil seo ar an bhfóram, tugtar léargas ar an imeacht, lena n-áirítear na rannpháirtithe, an comhthéacs, an t-ábhar agus na torthaí. Bainfear leas aisti chun fóraim geallsealbhóirí sa todhchaí maidir le stóráil leictreachais a mhúnlú.

Tuarascáil ar an bhFóram Geallsealbhóirí maidir le Stóráil Leictreachais
Amharc amharc