Plean Náisiúnta Limistéir Mhuirí Ainmnithe (DMAP) um Fhuinneamh In-athnuaite Amach ón gCósta
- Foilsithe: 12 Meán Fómhair 2025
- An t-eolas is déanaí: 19 Meán Fómhair 2025
- An Togra
- An Ráiteas Rannpháirtíochta Poiblí
- Naisc chuig Togra, Ráiteas Rannpháirtíochta Poiblí agus doiciméid ghaolmhara eile
Leis an bPlean Náisiúnta Limistéir Mhuirí Ainmnithe (DMAP) um Fhuinneamh In-athnuaite Amach ón gCósta (ORE), soláthrófar creat beartais pleanála spásúla maidir le ORE, lena n-áirítear ainmniúcháin spásúla. Cabhróidh sé le beartais agus cuspóirí sáraitheacha an Stáit maidir le slándáil fuinnimh agus dícharbónú a bhaint amach.
Beidh sé mar aidhm ag DMAP Náisiúnta ORE dóthain limistéar muirí a ainmniú chun sprioc de 20GW d’fhuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta a sheachadadh faoi 2040, agus tionscadail agus láithreáin Chéim a haon atá ainmnithe cheana féin ag DMAP don Chósta Theas (SC-DMAP) á gcur san áireamh.
An Togra
Is doiciméad reachtúil é Togra DMAP Náisiúnta ORE ina leagtar amach an rún chun Plean Náisiúnta Limistéir Mhuirí Ainmnithe (DMAP) um fhuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta (ORE) a dhéanamh, i gcomhréir le Cuid 2 den Acht um Pleanáil Limistéir Mhuirí, 2021. Le DMAP, cuirfear cuspóirí beartais ar fáil, agus beidh cuid acu uathúil do na haicmí sonracha ORE agus áireofar leo ainmniúcháin spásúla nuair is ábhartha. Cinnteofar leis go nglacfar cur chuige atá bunaithe ar phlean i leith forbairt ionchasach ORE ar scála tráchtála, lena n-áirítear forbairtí ar thaispeántas gaoithe ar snámh, agus cinnteofar, ar an gcaoi sin, go ndéantar an fhorbairt sin a bhainistiú ar bhealach straitéiseach agus inbhuanaithe.
Le DMAP Náisiúnta, cuirfear an creat beartais fairsing dá bhforáiltear sa Chreat Pleanála Mara Náisiúnta (NMPF) i bhfeidhm, agus cuirfear san áireamh ORE atá ann cheana féin, ceadaithe nó pleanáilte atá ar siúl sa limistéar muirí. Ar an mbealach sin, cumasófar le DMAP Náisiúnta ailíniú beartas agus gníomhaíochtaí fuinnimh atá ann cheana féin le pleanáil spásúlachta chun cinn.
An Ráiteas Rannpháirtíochta Poiblí
Ceanglaítear le hAlt 23 den Acht um Pleanáil Limistéar Mhuirí, 2021 go n-ullmhófar agus go bhfoilseofar ráiteas, ar a dtugtar Ráiteas Rannpháirtíochta Poiblí (PPS) chun gabháil le Togra DMAP. Leagtar amach le PPS na próisis a socraíodh i ndáil le rannpháirtíocht daoine leasmhara in ullmhú an Phlean. Cé go ndéanfar iarrachtaí PPS a chomhlíonadh, meastar gur doiciméad dinimiciúil é agus ní mór é a choinneáil faoi athbhreithniú agus é a leasú de réir mar is gá.
Beidh an próiseas chun DMAP Náisiúnta a dhéanamh oscailte, trédhearcach agus ionchuimsitheach. Chuige sin, leis an gcéad leagan de PPS a fhoilseofar in éineacht leis an Togra seo, tabharfar deis leordhóthanach do dhaoine aonair leasmhara, do pháirtithe leasmhara agus d’eagraíochtaí leasmhara páirt a ghlacadh san idirphlé agus cur le forbairt DMAP Náisiúnta.
Bainfear é sin amach trí chomhoibriú dlúth leis an nGrúpa Comhairleach um Pleanáil Spásúil Muirí (MSP), a bunaíodh chun rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara ábhartha go léir ó na colúin eacnamaíocha, comhshaoil agus sóisialta a éascú sa phróiseas pleanála spásúla muirí. Samhlaítear go bhfeidhmeoidh an Grúpa Comhairleach MSP mar bhealach tábhachtach chun eolas a chomhroinnt agus faisnéis a bhailiú le linn fhorbairt DMAP Náisiúnta agus chun rannpháirtíocht phoiblí ann a fheabhsú.