Ráiteas Stráitéise 2025-2028
- Foilsithe: 22 Meán Fómhair 2025
- An t-eolas is déanaí: 22 Meán Fómhair 2025
Is é Le Chéile 28 an Ráiteas Straitéise don Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil. Legann sé amach an fhís, an misean agus na spriocanna straitéiseacha d'ár Roinn thar na trí bhliain amach romhainn, 2025-2028.
An fhís atá againn ná d’Éire aeráidneodrach a bheidh á cumhachtú ag fuinneamh glan agus ina dtiocfaidh rath agus bláth ar ár dtimpeallacht, ar ár sochaí agus ar ár ngeilleagar.
An misean atá againn ná a bheith ag obair le chéile chun gníomhú ar son na haeráide, bunathrú ár gcóras fuinnimh, cosaint agus athléimneacht ár gcomhshaoil agus geilleagar atá tíosach ar acmhainní a sholáthar.
Is iad na cuig Sprioc Straitéiseacha atá againn ná:
- Dlús a chur le gníomhú ar son na haeráide, agus Éire a ullmhú do na tionchair a bheidh ag aeráid a bhíonn ag athrú
- Córais fuinnimh na hÉireann a bhunathrú chun go mbeidh siad inbhuanaithe, inacmhainne agus slán
- Ár dtimpeallacht a chosaint agus a fheabhsú, agus feabhas a chur ar an ngeilleagar ciorclach agus tíosach ar acmhainní
- Ár gcuspóirí aeráide, fuinnimh agus comhshaoil a chur ar aghaidh trí cheannaireacht, caidreamh agus comhoibriú éifeachtach ar an leibhéal idirnáisiúnta agus ar leibhéal an Aontais Eorpaigh
- Eagraíocht ardfheidhmíochta, nuálach agus chuimsitheach a chothú atá dírithe ar ár bhfís agus ár misean a chomhlíonadh ar bhealach comhoibríoch