Beidh saoránaigh, feirmeoirí, úinéirí gnó agus eagraíochtaí pobail in inmhe leictreachas a dhíol isteach san eangach faoi scéim nua atá á forbairt ag an Aire Aeráide
- Foilsithe: 14 Eanáir 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
- Tugtar cuireadh do dhaoine aonair agus do phobail tuairimí a chur isteach maidir le dearadh Scéime Tacaíochta Micrea-Ghiniúna
Beidh saoránaigh, feirmeoirí, gnólachtaí agus grúpaí pobail in inmhe leictreachas a dhíol isteach san eangach faoi scéim nua atá á forbairt ag an Aire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, Eamonn Ryan TD.
Táthar ag forbairt Scéim Tacaíochta Micrea-Ghiniúna (MSS) nua le bealach chun margaidh a sholáthar do shaoránaigh agus do phobail. Ligfidh sé seo dóibh a leictreachas in-athnuaite féin a ghiniúint, agus praghas cothrom a fháil nuair a dhíolfaidh siad an farasbarr isteach san eangach.
Féachann dearadh na Scéime freisin leis na nithe seo a leanas: an tsamhail ‘féin-thomhaltóir in-athnuaiteán’ maidir le giniúint agus le tomhailt fuinnimh in Éirinn; tacú le rannpháirtíocht an phobail agus na saoránach san aistriú go geilleagar glan-nialasach charbóin; agus chun rannchuidiú lenár spriocanna 2030 maidir le fuinneamh in-athnuaite a bhaint amach.
Ag labhairt dó inniu, dúirt an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, Eamon Ryan TD:
“Ligfidh an scéim seo do dhaoine agus do phobail a bheith ina rannpháirtithe gníomhacha san aistriú fuinnimh. Trí leictreachas dá gcuid féin a tháirgeadh agus a dhíol, beidh saoránaigh, feirmeoirí, úinéirí gnó agus eagraíochtaí pobail in inmhe a gcostais fuinnimh a shábháil agus a lorg carbóin a laghdú. Molaim do pháirtithe leasmhara páirt a ghlacadh agus a dtuairimí a thabhairt.”
Freastalóidh micrea-ghineadóirí go príomha ar a riachtanais tomhaltais féin ach beidh siad in inmhe íocaíocht a fháil as farasbarr leictreachais a onnmhairítear ar ais chuig an eangach. Cinnteoidh an Scéim go bhfuil cothromas sna tacaíochtaí a chuirfear ar fáil agus sa dóigh a ndéanfar costas na tacaíochta a dháileadh. Mar chuid den dearadh, caithfidh micrea-ghineadóirí na híoscheanglais maidir le héifeachtúlacht fuinnimh a chomhlíonadh dá réadmhaoin.
Tugann an tAire Ryan cuireadh don phobal páirt a ghlacadh i gcomhairliúchán ar an dóigh a bhfeidhmeoidh an scéim. Tá an comhairliúchán mar chuid de ghluaiseacht níos leithne i dtreo rannpháirtíocht níos mó saoránach i mbeartas fuinnimh, rud a gealladh i gClár an Rialtais 2020.
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
- Tá an creatlach seo freisin ina chuid den tiomantas Straitéis Gréine ata ag teacht chun cinn sa Chlár Rialtais 2020, agus cuireann sé lenár soláthar Pacáiste Fuinnimh Ghlain an AE.
- Agus scéim tacaíochta nua do mhicrea-ghiniúint á chur le chéile acu, tuigeann an Rialtas an cuspóir uileghabhálach lena chinntiú go bhfuil aon scéim tacaíochta cothromasach agus go dtugann sí aghaidh ar chomhroinnt ualach costais. Cuirtear san áireamh sa scéim an gá atá le custaiméirí a chosaint, go háirithe custaiméirí leochaileacha, agus a bheith inrochtana do gach custaiméir leictreachais. Áirítear an prionsabal a mhaíonn cur chuige a thugann tús áite d’éifeachtúlacht fuinnimh i gcás iarfheistiú a thógáil. Ní mór dóibh siúd atá ag smaoineamh ar thacaíocht a fháil chun micrea-ghiniúint a shuiteáil a bheith ag teacht le Rátálacha Fuinnimh Foirgníochta (BER) íosta dá réadmhaoin agus b’fhéidir go mbeidh orthu gníomhaíochtaí iarfheistithe a dhéanamh ar an réadmhaoin.
- Tá freagracht ar earnáil na tionsclaíochta freisin a ról a imirt chun roghanna teicneolaíochta margaidh a thabhairt chun costais a íoslaghdú agus a rialú do theaghlaigh agus do ghnóthaí araon.
- Tar éis breithniú a dhéanamh ar aighneachtaí don chomhairliúchán seo, cuirfear dearadh deiridh isteach le haghaidh formheas an Rialtais, agus díreofar ar á chur i bhfeidhm faoi Iúil 2021.
- Fanfaidh an comhairliúchán poiblí seo ar oscailt go dtí 17.30 an 18 Feabhra 2021. Ba chóir gach freagra a chur faoi bhráid publicconsultation_mss@decc.gov.ie nó i scríbhinn chuig MSS Consultation, An Rannán um Beartas Leictreachais, an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, 29-31 Bóthar Adelaide, Baile Átha Cliath 2, Éire. D02X285.
- Tabhair faoi deara go bhféadfadh gach aighneacht agus trácht a chuirtear faoi bhráid RCAC chun críche an chomhairliúcháin seo a bheith faoi réir a bhfoilsithe faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 1997-2003 agus foilseofar iad ar shuíomh Gréasáin na Roinne. Ba chóir aon fhaisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de a chur in iúl go soiléir san aighneacht.