Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Iarrtar ar eagraíochtaí agus grúpaí éirí ina gCuraidh Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe don tréimhse 2025-2026

Tá an Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil ag iarraidh Léirithe Spéise anois le haghaidh rannpháirtithe i gClár Churaidh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe 2025-26.

Mar chuid den chlár don tréimhse 2025-2026, ceapfar roinnt eagraíochtaí agus grúpaí ó gach cuid den tír mar 'Churaidh Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe' chun cabhrú le feasacht a mhúscailt ar a thábhachtaí atá na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe. Mar Churaidh, taispeánfaidh siad trína gcuid gníomhartha féin gur féidir le gach duine sa tsochaí rannchuidiú le Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe.

Ghlac na Náisiúin Aontaithe na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (ar a dtugtar na Spriocanna Domhanda freisin) sa bhliain 2015. Is ionann iad agus gairm uilíoch chun gnímh chun domhan níos cothroime, níos sláintiúla, níos rathúla agus níos síochánta agus todhchaí inbhuanaithe do chách a bhaint amach. Tá 17 Sprioc Forbartha Inbhuanaithe ann, a chumhdaíonn réimsí amhail bochtaineacht, bithéagsúlacht, dídean, oideachas, sláinte, comhionannas, agus fuinneamh glan. Is ceangailte le chéile atá na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe uile, agus rachaidh gníomhartha chun sprioc amháin a bhaint amach i bhfeidhm ar thorthaí do spriocanna eile. Is é sin an fáth a bhfuil ról ríthábhachtach ag comhpháirtíochtaí freisin, agus iad ag cabhrú le gach geallsealbhóir a thabhairt le chéile chun inbhuanaitheacht shóisialta, eacnamaíoch agus comhshaoil a bhaint amach i dteannta a chéile.

Trí obair i gcomhar le chéile chun na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach, comhlíonfar freisin fís an Chomhshocraithe don Todhchaí, a comhaontaíodh ag Cruinniú Mullaigh na Todhchaí i mí Mheán Fómhair 2024 – go háirithe, cabhrú le comhpháirtíochtaí a neartú chun ár ngealltanais a chomhlíonadh agus aghaidh a thabhairt ar dhúshláin nua agus ar dhúshláin atá ag teacht chun cinn.

D’éirigh 54 cinn d’eagraíochtaí agus de ghrúpaí, idir chinn mhóra agus chinn bheaga, ina gCuraidh Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe cheana féin. Áirítear leo sin, mar shampla, ALDI Ireland, Junk Kouture, Change Clothes, Football Cooperative, an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, Coiste Bailte Slachtmhara Chinn Mhara, agus Comhairle Contae Mhaigh Eo. Rinne breis agus 90 eagraíocht iarratas ar pháirt a ghlacadh sa chlár an bhliain seo caite. Roghnaíodh 20 ceann díobh mar Churaidh ansin, agus iad ag taispeáint an tiomantais atá ag sochaí na hÉireann cabhrú lena chinntiú go mbainfimid na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe amach.

Dúirt Darragh O'Brien, an tAire Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil:

"Tá ríméad orm an Ghairm ar Léirithe Spéise do Chlár Churaidh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a sheoladh an athuair. Agus lárphointe Chlár Oibre 2030 dulta thart anois, agus deich mbliana caite ó glacadh Clár Oibre 2030, ní mór dúinn dlús a chur le gníomhaíocht i dtreo na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach.

Tá dúshláin ollmhóra le sárú againn, lena n-áirítear an t-athrú aeráide, truailliú agus cailliúint na bithéagsúlachta, mar aon le héifeachtaí cogaidh agus éifeachtaí phaindéim COVID. Mar aon le rialtais, is ag eagraíochtaí sochaí sibhialta, ag gnólachtaí agus ag pobail atá ról ríthábhachtach maidir lena chinntiú go mbainfear na Spriocanna amach, gan aon duine a fhágáil ar leataobh an tráth céanna. Le Clár Churaidh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, tugtar deis do raon éagsúil eagraíochtaí in Éirinn an obair atá ar bun acu chun na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach a thaispeáint, a n-eispéiris féin agus an dea-chleachtas a chomhroinnt, agus a léiriú cad is féidir a bhaint amach ar bhonn áitiúil agus náisiúnta."

Iarrtar iarratais ar na heagraíochtaí agus na grúpaí uile ar mhaith leo obair ar son na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus gníomhú mar eiseamláir dea-chleachtais den dóigh ar féidir iad a chur chun cinn agus a bhaint amach. Glacfar le hiarratais i bhformáid scríofa nó físeáin go dtí 5pm Dé Céadaoin an 30 Iúil.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi Chlár Churaidh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus faoi conas iarratas a dhéanamh air, téigh chuig suíomh gréasáin na roinne.

CRÍOCH


Nótaí don Eagarthóir

I mBun Athraithe: Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe

An 25 Meán Fómhair 2015, rinneadh 'I mBun Athraithe: Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe' a ghlacadh ag na Náisiúin Aontaithe. Ba í Éire a chomhstiúir an idirbheartaíocht ar Chlár Oibre 2030 i gcomhar leis an gCéinia. Cuid dhílis de Chlár Oibre 2030 is ea na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, a bhfuil mar aidhm leo "deireadh a chur leis an mbochtaineacht, an pláinéad a chosaint agus rathúnas a chinntiú".

Cumhdaíonn na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na trí ghné den fhorbairt inbhuanaithe, is iad sin: fás geilleagrach; cuimsiú sóisialta; agus cosaint an chomhshaoil. Is Spriocanna uilíocha iad, agus iad ceaptha chun aghaidh a thabhairt ar na nithe seo a leanas: bochtaineacht; ocras agus córais bhia; sláinte; oideachas; comhionannas inscne; uisce glan agus sláintíocht; fuinneamh; fás geilleagrach; poist chuibhiúla; tionsclaíocht; neamhionannais; cathracha agus lonnaíochtaí don duine; tomhaltas agus táirgeadh inbhuanaithe; an t-athrú aeráide; aigéin; éiceachórais; agus an tsíocháin agus an ceartas.

Is comhaontú deonach é Clár Oibre 2030, a fhágann nach bhfuil sé ina cheangal dlí. Mar sin féin, chomhaontaigh gach tír na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a chur chun feidhme agus táthar ag súil leis go bhforbróidh gach tír creat náisiúnta ina leagfar amach an dóigh a mbainfear na Spriocanna amach.

Cur chuige na hÉireann i leith na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a chur chun feidhme

Ghlac Éire cur chuige uile-rialtais i leith na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a chur chun feidhme, agus an fhormhaoirseacht pholaitiúil fhoriomlán á soláthar tríd an gcomh-aireacht. Tá freagracht ar an Aire Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil as na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a chur chun cinn agus as formhaoirseacht a dhéanamh ar a gcur chun feidhme comhleanúnach ar fud an rialtais. Leagtar amach sa Phlean Forfheidhmithe Náisiúnta 2022-2024 straitéis rialachais agus cur chun feidhme na hÉireann do na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe le haghaidh na tréimhse 2022-2024. Tá sé ar an dara ceann de shraith pleananna comhleanúnacha cur chun feidhme, a bhfuil gach ceann díobh ag tógáil ar an leagan roimhe, chun obair ar son na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach. Leagtar amach sna pleananna an creat uileghabhálach náisiúnta rialachais, comhordúcháin agus faireacháin le haghaidh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe. Maidir leis na cineálacha mionsonraithe cur chuige beartais i leith dul chun cinn a dhéanamh ar Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe aonair agus ar chuspóirí aonair, pléitear iad sna beartais náisiúnta ábhartha atá leagtha amach sa Léarscáil Beartais maidir leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe. Cuireadh tús leis an tríú Plean Forfheidhmithe a fhorbairt.

Clár Churaidh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe

Bunaíodh Clár Churaidh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe sa bhliain 2019. Forbraíodh é chun feasacht an phobail a mhúscailt ar na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus chun a thaispeáint, trí na heiseamláirí a sholáthraíonn Curaidh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, gur féidir le gach duine sa tsochaí rannchuidiú le Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe. Is é atá i gceist le ról Churadh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe ná obair ar son na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus iad a chur chun cinn agus gníomhú mar eiseamláir dea-chleachtais den dóigh ar féidir le heagraíocht rannchuidiú leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus na Spriocanna sin a chomhtháthú isteach ina gcuid oibre agus gníomhaíochtaí.

Is é 'Comhpháirtíochtaí níos mó le haghaidh na Spriocanna' Cuspóir Straitéiseach 3 den Dara Plean Cur Chun Feidhme Náisiúnta do na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe 2022-2024 ó Éirinn. Príomh-mhodh le haghaidh é sin a bhaint amach is ea Clár Churaidh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe. Baineann Gníomh 35 agus bearta gaolmhara den Phlean Forfheidhmithe Náisiúnta le Clár Churaidh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus lena athsheoladh an bhliain seo caite.

Is é príomhtheachtaireacht Chlár na gCuradh ná gur do gach duine sa tsochaí a bhíonn na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus gur féidir le gach duine rannchuidiú le rath na Spriocanna sin.

Cruinniú Mullaigh na Todhchaí

Ghlac ceannairí domhanda Comhshocrú don Todhchaí ag Cruinniú Mullaigh na Todhchaí i mí Mheán Fómhair 2024, rud lena n-áirítear Comhshocrú Digiteach Domhanda agus Dearbhú maidir le Glúine Amach Anseo. Is é an Comhshocrú sin an toradh ar phróiseas a bhí ar siúl le blianta fada chun comhar idirnáisiúnta a oiriúnú do dhúshláin an lae inniu agus do dhúshláin an lae amárach. Is léiriú é ar an tiomantas atá ag na tíortha d’iltaobhachas ar féidir leis a ghealltanais a chomhlíonadh, atá níos ionadaíche do dhomhan an lae inniu agus a bhaineann leas as rannpháirtíocht agus saineolas i measc rialtas, na sochaí sibhialta agus comhpháirtithe tábhachtacha eile. Tá sé mar aidhm leis an gComhshocrú a chinntiú, i bhfianaise domhan a bhíonn ag athrú, gur féidir le hinstitiúidí idirnáisiúnta gealltanais a chomhlíonadh ar raon saincheisteanna difriúla, agus aird láidir á tabhairt ar chearta an duine, ar inscne agus ar fhorbairt inbhuanaithe.

Ceann amháin de na príomhghníomhartha sa Chomhshocrú don Todhchaí is ea Gníomh 55: Neartóimid ár gcomhpháirtíochtaí chun gealltanais atá ann cheana a chomhlíonadh agus chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin nua agus ar dhúshláin atá ag teacht chun cinn.