Cuireann an tAire Ryan fáilte roimh chomhaontú COP26 mar chomhréiteach chun 1.5 a choinneáil beo
- Foilsithe: 15 Samhain 2021
- An t-eolas is déanaí: 19 Aibreán 2022
Tá sé ráite ag an Aire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, Eamon Ryan TD, go bhfuil an comhaontú a baineadh amach i nGlaschú ag coinneáil beo an uaillmhian atá ann srian a chur leis an ardú teochta domhanda go 1.5 céim. Dúirt sé gurb é an comhdhearcadh a bhí ann idir na 197 dtír, cé nach raibh an comhaontú foirfe, go raibh cothromaíocht riachtanach ann idir uaillmhian aeráide a mhéadú agus tacú le ceartas aeráide don domhan i mbéal forbartha.
Bhí an tAire Ryan i gceannas ar thoscaireacht na hÉireann ag an 26ú Comhdháil de Pháirtithe Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC), a tugadh chun críche i nGlaschú inniu (Dé Sathairn, 13 Samhain). Dúirt sé go gciallaíonn an comhaontú ar thángthas air i nGlaschú gur féidir spriocanna Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh go fóill. Áirítear ar roinnt de na gníomhaíochtaí ag COP26 an méid seo a leanas:
- Clár oibre uaillmhianach chun astaíochtaí a laghdú le deich mbliana anuas, agus chun an mheánteocht dhomhanda a choinneáil faoi bhun 1.5 céim
- Rinneadh gríosú ar thíortha gealltanais athbhreithnithe 2030 a fhógairt an bhliain seo chugainn
- Tiomantas athnuaite chun maoiniú aeráide a mhéadú chun an sprioc €100bn in aghaidh na bliana a bhaint amach, agus maoiniú oiriúnaithe a dhúbailt chun tacú le tíortha i mbéal forbartha
- Deireadh a chur leis na hábhair atá fós gan réiteach i Leabhar Rialacha Pháras, lena n-áirítear teacht ar chomhaontú maidir le meicníocht nua don mhargadh carbóin (Airteagal 6)
- Forálacha nua chun aghaidh a thabhairt ar fhóirdheontais do bhreoslaí iontaise agus ar ghual gan staonadh, ach nach gcuirtear deireadh leo de réir a chéile
- Lena mbunaítear ‘Santiago Network’ chun cúnamh teicniúil a chur ar fáil chun tacaíocht a thabhairt do thíortha i mbéal forbartha maidir le caillteanas agus damáiste de bharr athrú aeráide
- Foráil a dhéanamh d’idirphlé amach anseo chun socruithe maoinithe a phlé chun caillteanas agus damáiste a sheachaint, a íoslaghdú agus a chomhrac
Ag labhairt dó ó Ghlaschú, dúirt an tAire Ryan:
"Is é atá déanta ag an domhan inniu ann ná 1.5 a choinneáil beo, ath-thiomnaithe chun an méadú ar an teocht dhomhanda a choimeád ar leibhéal atá inbheoite don chine daonna. Ní fhéadfaimid é sin a dhéanamh ach amháin trí na gealltanais a thugamar in Éirinn, i dtaca le hastaíochtaí gáis cheaptha teasa a laghdú le deich mbliana anuas, a choinneáil agus chun neodracht ó thaobh fuinnimh de a bhaint amach faoi 2050. Is cúis mhór díomá é, áfach, go bhfuil laghdú tagtha ar an moladh deireadh a chur de réir a chéile le fóirdheontais neamhéifeachtacha guail agus breoslaí iontaise mar chuid den chomhréiteach a raibh gá leis chun teacht ar chomhaontú.
"Caithfimid beart a dhéanamh maidir le ceartas aeráide trí aghaidh a thabhairt go mór ar chaillteanas agus ar dhamáiste sna tíortha is mó atá thíos leis – tá Éire ag obair chun dul chun cinn a dhéanamh. Chuir Glaschú dlús úr sa chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide. Ní mór dúinn dul abhaile anois agus a chruthú go ndéanfar gníomh ceart chun daoine agus an pláinéad a chosaint, agus chun aistriú agus geilleagar níos fearr a chur ar fáil do chách."
Thug an tAire Ryan, a ghlac páirt i bhfoireann caibidlíochta an AE ar shaincheisteanna trédhearcachta agus maoinithe aeráide i rith na seachtaine deiridh, tiomantas €5m eile chun cabhrú le tíortha déileáil le caillteanas agus damáiste a bhaineann leis an aeráid.
Is é a dúirt sé ná:
"Chomh maith le tiomantas an Taoisigh an tseachtain seo caite ranníocaíocht na hÉireann don troid i gcoinne an athraithe aeráide a ardú go dtí €225m in aghaidh na bliana faoi 2025, tá €5m breise geallta againn inniu do Santiago Network chun cabhrú le tíortha aghaidh a thabhairt ar chaillteanas agus ar dhamáiste ón athrú aeráide. Tá tairiscint déanta againn freisin chun an t-idirphlé a chomh-óstáil, bealaí nua a cheapadh chun tacú leo siúd is mó atá thíos leis. Tá mé bródúil as rannchuidiú na hÉireann an tseachtain seo, agus as cur chuige aontaithe, forásach an AE. Déanaim comhghairdeas freisin le hUachtaránacht na Ríochta Aontaithe as an obair atá déanta aici chun an comhaontú sin a bhaint amach."
Dúirt an tAire Stáit um Chúnamh Forbartha Thar Lear agus Diaspóra ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha, Colm Brophy TD:
"Sa phlé a bhí agam ag COP26, chuala mé go raibh géarghá le tacaíocht do fhreagairtí na dtíortha i mbéal forbartha ar chaillteanas agus ar dhamáiste a eascraíonn as an athrú aeráide. Is minic gurb iad na pobail is boichte is mó a bhíonn faoi thionchar. Á aithint seo dóibh, cuirfidh Cúnamh Éireann €1m le ranníocaíocht fhoriomlán na hÉireann le Santiago Network. Cabhróidh sé sin le freagairt idirnáisiúnta níos comhordaithe a fhorbairt i leith caillteanais agus damáiste, agus gníomhaíochtaí na rialtas a nascadh le gníomhaireachtaí daonnúla agus forbartha."
Le linn phróiseas COP26 chomh maith, shínigh Éire roinnt comhaontuithe agus gealltanas idirnáisiúnta. Bhí na nithe seo a leanas san áireamh:
- Bheith ina shínitheoir leis an gComhghuaillíocht Ard-Uaillmhéine (HAC), chun tacú le hiarrachtaí domhanda an t-ardú teochta a theorannú go 1.5 °C
- €10m ar a laghad a ghealladh (trí Idirphlé Ranníocóirí an Chiste Oiriúnaithe), idir seo agus deireadh 2022 don Chiste Oiriúnaithe don Aeráid
- A bheith rannpháirteach sa Chomhaontas Ola agus Gáis le Beyond (BOGA), chun an t-aistriú ó tháirgeadh ola agus gáis ar fud an domhain a stiúradh
- Páirt a ghlacadh sa Chomhghuaillíocht Airí um Aeráid agus Aer Glan, chun dlús a chur le bearta chun truailleáin aeráide ghearrshaolacha a laghdú
- Chun saoránaigh a chumasú le bheith páirteach in aistriú atá cothrom, comhionann agus cóir, sheol an tAire Ryan chomh maith Idirphlé Náisiúnta nua ar Ghníomhú ar son na hAeráide (NDCA) – ó COP26. Ag an ócáid sin, fógraíodh €60 milliún ón gCiste um Ghníomhú ar son na hAeráide, a infheisteofar i dtionscadail chomhphobail maidir le gníomhú ar son na haeráide agus i dtionscnaimh sna trí bliana amach romhainn
CRÍOCH
Nótaí chuig an eagarthóir
Tá Plean Gníomhaíochta 2021 maidir leis an Athrú Aeráide ar fáil le breathnú air agus le híoslódáil anseo.
COP26
Is é COP26 an 26ú Comhdháil de na bPáirtithe de chuid an Creat-Chonbhinsiún na Naisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide (UNFCCC). Tá sé ar siúl i nGlaschú na hAlban faoi láthair, agus bhí sé beartaithe go mbeidh sé ar siúl ón 31 Deireadh Fómhair go dtí an 12 Samhain 2021.