English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fáiltíonn an Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála roimh Bhord Rialaithe an Lárionaid Eorpaigh um Inniúlachtaí Cibearshlándála agus roimh a líonra Lárionad Náisiúnta Comhordúcháin

D’fháiltigh an Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála roimh bhreis agus 90 toscaire ón Aontas Eorpach, ón Iorua agus ón Íoslainn chuig lá comhoibrithe agus plé ar an dea-chleachtas le haghaidh rialachas an Líonra agus a Ghrúpaí Oibre agus ar an gcistiú cibearshlándála atá ann san am i láthair agus a bheidh ann san am atá le teacht tríd an gClár don Eoraip Dhigiteach ag cruinniú an Líonra Lárionad Náisiúnta Comhordúcháin ní ba luaithe sa tseachtain i gCaisleán Bhaile Átha Cliath.

Ina dhiaidh sin, cuireadh cruinniú dhá lá de chuid Bhord Rialaithe an Lárionaid Eorpaigh um Inniúlachtaí Cibearshlándála ar siúl Déardaoin an 27 Meitheamh agus Dé hAoine an 28 Meitheamh. D’eagraigh an Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Cibearshlándála agus an Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála na himeachtaí sin i gcomhpháirt.

Is é misean an Líonra Lárionad Náisiúnta Comhordúcháin treisiú leis an sármhaitheas taighde agus le hiomaíochas an Aontais i réimse na cibearshlándála. Le linn an chruinnithe, thug an Ghníomhaireacht Eorpach um Shlándáil Líonra agus Faisnéise (ENISA) an t-eolas is deireanaí ar ghníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta agus oideachais san Aontas Eorpach agus bhí comhaltaí an Lárionaid Náisiúnta Comhordúcháin in ann an t-eolas is deireanaí a thabhairt ar na gníomhaíochtaí atá ar bun agus atá beartaithe sna Ballstáit.

In Éirinn, bunaíodh an Lárionad Náisiúnta Comhordúcháin agus Forbartha um Chibearshlándáil d’Éirinn (NCC-IE) sa Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála sa bhliain 2021. Áirítear lena ról comhordú leis an lucht tionscail, leis an lucht léinn, leis an lucht taighde agus le geallsealbhóirí eile chun feasacht ar thacaíochtaí cistiúcháin a fhorbairt agus chun na tacaíochtaí sin a chur chun cinn.

Tar éis an chruinnithe sin, cuireadh an naoú cruinniú de chuid Bhord Rialaithe an Lárionaid Eorpaigh um Inniúlachtaí Cibearshlándála ar siúl an 27 Meitheamh agus an 28 Meitheamh. Oibríonn an Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Cibearshlándála i gcomhar leis na Lárionaid Náisiúnta Chomhordúcháin chun comhphobal láidir cibearshlándála a thógáil.

Ag tabhairt aitheasc dó ag cruinniú an Bhoird Rialaithe Déardaoin an 27 Meitheamh, leag an tAire Stáit Smyth béim ar a thábhachtaí atá dlúthchomhar leantach agus dlúthphlé leantach chun ceangail agus cibear-athléimneacht a neartú tuilleadh.

Le linn an chruinnithe, phléigh an bord a straitéis frithchalaoise, a straitéis cumarsáide poiblí agus scaipthe agus ECCO, an tionscadal Tacaíochta um Chomhphobal Eorpach Cibearshlándála. Soláthraíonn Bord Rialaithe an Lárionaid Eorpaigh um Inniúlachtaí Cibearshlándála treo straitéiseach agus formhaoirsíonn sé gníomhaíochtaí an Lárionaid Eorpaigh.

CRÍOCH


Nótaí don Eagarthóir

An Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Cibearshlándála

Tá sé mar aidhm ag an Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Cibearshlándála cur le hacmhainní cibearshlándála agus iomaíochas na hEorpa. Is iad seo a phríomhfheidhmeanna:

  • Treoshuíomhanna straitéiseacha a sholáthar agus gníomhaíochtaí an Lárionaid a fhormhaoirsiú
  • An clár oibre, an buiséad bliantúil agus an tuarascáil chomhdhlúite ar ghníomhaíocht bhliantúil a ghlacadh
  • Na rialacha airgeadais, an straitéis frithchalaoise, rialacha le haghaidh coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú, agus beartas cumarsáide a ghlacadh
  • Grúpaí oibre a bhunú laistigh den Chomhphobal
  • An Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus an tOifigeach Cuntasaíochta a cheapadh
  • Comhaltaí an Ghrúpa Chomhairligh Straitéisigh a cheapadh

An Líonra Lárionad Náisiúnta Comhordúcháin

Tá an Líonra Lárionad Náisiúnta Comhordúcháin comhdhéanta de Bhallstáit uile an Aontais Eorpaigh agus den Iorua agus den Íoslainn. Tá bonn coiteann ag na Lárionaid Náisiúnta Chomhordúcháin mar gheall ar an iomad dúshlán coiteann atá rompu, amhail Teorainneacha Digiteacha, Bonneagar Criticiúil a thógáil agus a chothabháil, bunachair sonraí a choimeád de leochaileachtaí an bhonneagair chriticiúil náisiúnta/Eorpaigh, de na rioscaí don bhonneagar sin agus de na bagairtí air, agus an sainordú chun an taighde sa réimse sin a threisiú. Fónann siad chun an leibhéal cibearshlándála don Aontas Eorpach a chothabháil agus a threisiú agus bíonn siad gafa go gníomhach leis an misean sin.

An Lárionad Náisiúnta Comhordúcháin agus Forbartha um Chibearshlándáil d’Éirinn (NCC-IE)

Bunaíodh an Lárionad Náisiúnta Comhordúcháin agus Forbartha um Chibearshlándáil d’Éirinn (NCC-IE) sa Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála sa bhliain 2023. Áirítear lena ról:

  • cistí Aontais Eorpaigh agus cistí náisiúnta a dháileadh ar gheallsealbhóirí tionscail agus sochaíocha, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide, chun cur leis an nglacadh le réitigh úrscothacha chibearshlándála
  • rannchuidiú le beartais agus straitéisí a cheapadh maidir le cistiú cibearshlándála

An Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála

Bunaíodh an Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála sa bhliain 2011 agus is aonad oibríochtúil cibearshlándála é laistigh den Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide.

Tá trí phríomhról ag an Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála. Is iad sin:

  • An Stát, lena n-áirítear bonneagar Rialtais agus criticiúil, a chosaint ar rioscaí cibearshlándála trí fhaireachán a dhéanamh ar theagmhais chibearshlándála, lena n-áirítear freagairtí do theagmhais chibearshlándála mhórscála, agus na teagmhais sin a bhrath agus freagairt dóibh
  • Athléimneacht a thógáil ar fud an Stáit agus na sochaí trí threoir agus comhairle a thabhairt do shaoránaigh agus do ghnólachtaí maidir le mórtheagmhais chibearshlándála, trí shraith ceanglas a chur ar dhíoltóirí, ar oibritheoirí bonneagair chriticiúil agus ar chomhlachtaí poiblí
  • Caidreamh idirnáisiúnta láidir a fhorbairt agus a choinneáil ar bun sa phobal cibearshlándála domhanda chun faisnéis a chomhroinnt agus chun freagairtí do theagmhais a chomhordú