Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Foilsíonn an Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála treoir nuashonraithe dóibh sin a bheidh ag seasamh i dtoghcháin agus do pháirtithe polaitíochta a mbeidh iarrthóirí acu

  • Tá sé mar aidhm leis an treoir feasacht a mhúscailt ar chibearbhagairtí ar phróisis dhaonlathacha agus ar institiúidí daonlathacha agus cabhrú le hionsaithe a chosc ar iarrthóirí agus ar na páirtithe a ndéanann siad ionadaíocht dóibh

Beidh toghcháin áitiúla, toghcháin Pharlaimint na hEorpa agus olltoghchán ar siúl sa tréimhse 12 mhí ó mhí na Bealtaine 2024. Chun cabhrú leo sin a bheidh ag seasamh in aon cheann de na toghcháin sin agus le páirtithe polaitíochta a bheidh ag gníomhú mar chomhlachtaí eagrúcháin d’iarrthóirí, d’fhoilsigh an Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála treoir nuashonraithe maidir leis an gcibearshlándáil.

Is féidir le cibirionsaithe atá spriocdhírithe ar iarrthóirí toghcháin nó ar eagraíochtaí an-damáiste a dhéanamh don iarrthóir féin, don pháirtí polaitíochta a ndéanann sé/sí ionadaíocht dó, agus don iontaoibh fhoriomlán atá ag an tsochaí as an bpróiseas daonlathach. Tá sé mar aidhm leis an treoir seo feasacht a mhúscailt ar chibearbhagairtí ar phróisis dhaonlathacha agus ar institiúidí daonlathacha agus cabhrú le hionsaithe a chosc ar eagraíochtaí agus ar dhaoine aonair araon.

Glactar sa chomhairle seo dearcadh ardleibhéil i leith saincheisteanna cibearshlándála ar riosca do shlándáil an phróisis toghcháin iad, ach níl sí ceaptha chun a bheith ina treoir chuimsitheach maidir le slándáil fhoriomlán aon iarrthóra aonair ná maidir le slándáil fhoriomlán na sonraí nó na gcóras atá i bhfeidhm ag páirtithe polaitíochta. Áirítear leis an bhfoilseachán seo treoir maidir leis na nithe seo a leanas: beartais bhainistíochta aitheantais agus rochtana; slándáil suímh Gréasáin a fheabhsú; pearsanú digiteach a chosc; oideachas a chur ar thoghthóirí faoi mhífhaisnéis; agus ullmhú d’ionsaithe bogearraí éirice agus d’ionsaithe domhainbhrionnaithe.

Ag labhairt dó faoi fhoilsiú na treorach, dúirt Richard Browne, Stiúrthóir an Lárionaid Náisiúnta Cibearshlándála:

"Cé go n-oibrímid go dlúth ar bhonn leanúnach leis na húdaráis áitiúla atá freagrach as na toghcháin a reáchtáil agus leis an gCoimisiún Toghcháin, tuigimid na tionchair a d’fhéadfadh a bheith ag cibirionsaí ar na hiarrthóirí féin nó ar na páirtithe a ndéanann siad ionadaíocht dóibh. Tá sé ríthábhachtach go mbeimis san airdeall ar ionsaithe féideartha gach tráth le linn an timthrialla toghcháin agus go leanfaimis le feasacht iarrthóirí toghcháin a mhúscailt ar a thábhachtaí atá sé treisiú le slándáil agus athléimneacht na gcóras agus na ngléasanna TFC a úsáideann siad."


Nótaí don Eagarthóir

An Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála

Bunaíodh an Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála sa bhliain 2011 agus is aonad oibríochtúil cibearshlándála é laistigh den Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide.

Tá trí phríomhról ag an Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála. Is iad sin:

  • An Stát, lena n-áirítear bonneagar Rialtais agus criticiúil, a chosaint ar rioscaí cibearshlándála trí fhaireachán a dhéanamh ar theagmhais chibearshlándála, lena n-áirítear freagairtí do theagmhais chibearshlándála mhórscála, agus na teagmhais sin a bhrath agus freagairt dóibh
  • Athléimneacht a thógáil ar fud an Stáit agus na sochaí trí threoir agus comhairle a thabhairt do shaoránaigh agus do ghnólachtaí maidir le mórtheagmhais chibearshlándála, trí shraith ceanglas a chur ar dhíoltóirí, ar oibritheoirí bonneagair chriticiúil agus ar chomhlachtaí poiblí
  • Caidreamh idirnáisiúnta láidir a fhorbairt agus a choinneáil ar bun sa phobal cibearshlándála domhanda chun faisnéis a chomhroinnt agus chun freagairtí do theagmhais a chomhordú