Foilsítear Tuarascáil 2019 an Chórais Náisiúnta um Fhaireachán ar Thruailliú Foilsítear Tuarascáil 2019 an Chórais Náisiúnta um Fhaireachán ar Thruailliú Bruscair
- Foilsithe: 30 Meán Fómhair 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
- Léiríonn na torthaí tábhacht ár dtiomantas laghdaithe agus bainistithe dramhaíola d’imshaol níos glaine agus níos sábháilte do chách
- Leithdháileadh €744,739 ón gCiste Comhshaoil ar Údaráis Áitiúla faoi Scéim na nDeontas um Fheasacht in aghaidh an Bhruscair agus Graifítí le haghaidh tionscnaimh feasachta agus oideachais don phobal ar leibhéal áitiúil
Léirigh Item was unpublished or removedméadú ar thruailliú bruscair ó 2018 go 2019:
- Ba iad na príomhghnéithe comhpháirte den truailliú bruscair ar fud na tíre: bruscar a bhaineann le toitíní (53.9%), bruscair pacáistithe (14.9%), bruscar a bhaineann le bia (12.3%) agus bruscar a bhaineann le milseáin (9.4%)
- Ba iad príomhfhoinsí an truaillithe bruscair a sainaithníodh go náisiúnta: coisithe ag dul thar bráid (41.1%), tiománaithe ag dul thar bráid (22.8%), asraonta miondíola (9.4%), láithreacha cruinnithe (6.2%), láithreacha fóillíochta/siamsaíochta (4.8%), asraonta mearbhia (4.2%), agus scoileanna/páistí scoile (4.3%)
- Tuairiscíodh méadú ar thruailliú bruscair ar an iomlán agus laghdaigh céatadán na gceantar gan truailliú/gan bhruscar ó 20.5% in 2018 go 17.3% in 2019
Ag labhairt dó inniu faoi thorthaí na tuarascála, dúirt an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, Eamon Ryan TD:
“Baineann níos mó ná an ceathrú cuid dár dtruailliú bruscair le pacáistiú agus bruscar a bhaineann le bia, mar sin tá sé níos tábhachtaí ná riamh go gcuirfí i bhfeidhm na bearta a moladh faoin bPlean Gníomhaíochta Dramhaíola le hAghaidh Geilleagar Ciorclach a fógraíodh le deireanaí. Ní hamháin go gcaithfear an dramhaíl a tháirgimid a bhainistiú, caithfimid an méid dramhaíola a ghinimid ar an gcéad dul síos a laghdú. Sin an fáth a bhfuilimid tiomanta dár ndramhaíl bhia a laghdú faoina leath faoi 2030, scéim éarlaise agus tabhairt ar ais le haghaidh buidéil phlaisteacha agus cannaí, cosc a chur ar phlaistigh aonúsáide áirithe ó mhí Iúil 2021, agus tobhach a ghearradh ar chupáin indiúscartha. Cuirfimid tobhach aisghabhála dramhaíola i bhfeidhm chun athchúrsáil a spreagadh, agus cinnteoimid go bhfuil an pacáistiú ar fad in-athúsáidte nó in-athchúrsáilte faoi 2030.
“Tá tiománaithe agus coisithe ag dul thar bráid freagrach as 64% den truailliú bruscair, mar sin caithfimid machnamh a dhéanamh ar ár bhfreagrachtaí pearsanta, go háirithe anois agus muid i lár paindéim dhomhanda. Deirtear go bhfuil maisc aonúsáide tar éis cur lenár bhfadhbanna bruscair le cúpla mí anuas agus d’éileoinn ar gach duine a maisc aonúsáide a chaitheamh i mbosca bruscair dúnta agus de réir threoir Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, nó masc aghaidh in-athúsáidte a úsáid. Tréaslaím le comh-iarrachtaí na nÚdarás Áitiúil, Grúpaí Pobail, coistí Bailte Slachtmhara agus oibrithe deonacha atá riachtanach chun dul i ngleic lenár bhfadhb bruscair.”
Faoin gcóras faireacháin náisiúnta, tomhaistear a mhéad agus a dhéine atá an truailliú bruscair trí Innéacs Truaillithe Bruscair a úsáid, ar scála ó 1 go 5:
1 Gan truailliú nó gan bhruscar
2 Beagán truaillithe
3 Measartha truaillithe
4 An-truaillithe
5 Uafásach truaillithe
Leagann torthaí na Tuarascála béim ar an ngá atá le tionscadail ar nós Scéim na nDeontas um Fheasacht in aghaidh an Bhruscair agus Graifítí a chabhraíonn le feasacht a mhéadú ar fhadhb an bhruscair go háitiúil agus le teacht ar réitigh áitiúla ar fhadhbanna áitiúla. Cuireadh €744,739 ar fáil d’údaráis áitiúla chun tabhairt faoi thionscnaimh feasachta agus oideachais don phobal ar an leibhéal áitiúil i dtaca le bruscar agus graifítí. Féadfaidh gach údarás áitiúil tionscadail oiriúnacha feasachta in aghaidh an bhruscair a roghnú agus na leithdháiltí deontais ina gceantar féin a chinneadh. Ba cheart go bhféachfadh na tionscadail/gníomhaíochtaí roghnaithe le feasacht agus oideachas a mhéadú don phobal i dtaca le bruscar, lena n-áirítear salú madraí, agus graifítí.
Tacaíonn an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide le cláir méadaithe feasachta ar an gcomhshaol, lena n-áirítear Clár na Scoileanna Glasa, a bhfuil mar aidhm leis oideachas a chur ar dhaoine óga. Tacaímid freisin, trí urraíocht, le hobair grúpaí áitiúla trí Ghlantachán Náisiúnta Earraigh an Taisce. Is féidir le gach duine againn páirt a ghlacadh i mbaint amach ár spriocanna faoi Sprioc Forbairt Inbhuanaithe 12 – Tomhaltas agus Táirgeadh Freagrach.
CRÍOCH
Nótaí chuig an Eagarthóir
Is uirlis bainistíochta comhshaoil é an Córas Náisiúnta um Fhaireachán ar Thruailliú Bruscair a chuireann ar chumas na n-údarás áitiúil dul i ngleic le bruscar níos éifeachtaí, trí chreat le haghaidh féinmheasúnú comhsheasmhach agus cruinn a chur ar fáil. Cuireann suirbhéanna an chórais náisiúnta sonraí ar fáil lena dtomhaiseann na húdaráis áitiúla:
- a mhéad agus a dhéine atá an truailliú bruscair i ngach ceantar údaráis áitiúil
- na cineálacha bruscair, na foinsí is dóchúla, agus na cúiseanna leis an mbruscar
- na hathruithe ar leibhéil an bhruscair ó shuíomh go suíomh, agus le himeacht ama
- suíomhanna ina mbíonn go leor bruscair i gcónaí
- tionchar beart nua in aghaidh an bhruscair
Tá an Item was unpublished or removed ar fáil ar líne.