Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Foilsíonn an Rialtas an tuarascáil is déanaí maidir le 'Comhráite faoin Aeráid' ar dhearcthaí i leith na haeráide in Éirinn

  • Leis an tuarascáil, cuirtear leis an tuiscint atá againn ar an gcumas atá ag pobail ar fud na hÉireann gníomhú ar son na haeráide
  • Tá an comhairliúchán "Comhráite faoin Aeráid" don bhliain 2025 ar oscailt anois

Tá an Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil tar éis an tuarascáil is déanaí i sraith tuarascálacha bliantúla comhairliúcháin phoiblí maidir le 'Comhráite faoin Aeráid' a fhoilsiú. Sa cheathrú tuarascáil seo, inar tiomsaíodh 1,949 bhfreagra a fuarthas trí chomhairliúchán poiblí ar líne idir mí na Bealtaine agus mí Mheán Fómhair 2024, tugtar léargais ríthábhachtacha maidir leis na dearcthaí agus an tuiscint atá ag saoránaigh na hÉireann i leith gníomhú ar son na haeráide agus maidir lena rannpháirtíocht sa ghníomhú sin.

Sa tuarascáil 'Comhráite faoin Aeráid 2024: Ár dTuiscint ar Ghníomhú Pobail ar son na hAeráide a Dhoimhniú', cuirtear leis na tuarascálacha roimhe maidir le 'Comhráite faoin Aeráid' chun tacú le gníomhaíochtaí rannpháirtíochta saoránach a fhorbairt mar chuid den Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide. Leis an tuarascáil freisin, comhlánaítear an staidéar ón nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil dar teideal 'Climate Change in the Irish Mind', ina dtugtar léargas breise ar dhearcthaí agus iompraíochtaí na hÉireann i leith gníomhú ar son na haeráide.

Cé gur díríodh i dtuarascálacha roimhe ar na bacainní atá roimh dhaoine aonair gníomhartha ar son na haeráide a dhéanamh, nochtar sa tuarascáil is déanaí seo a mhéid atá gníomhú pobail ar son na haeráide ar siúl i measc na ndaoine sin a thug freagra ar an suirbhé. Tarraingítear aird sa tuarascáil ar an ról a d’fhéadfadh a bheith ag an bpobal maidir le dul i ngleic le dúshláin aeráide, agus 61% de na freagraithe ag glacadh páirt ghníomhach in eagraíocht áitiúil amháin ar a laghad cheana féin.

I measc na ngníomhaíochtaí pobail uile a bhí ar bun ag na freagraithe, bhí gnéithe de ghníomhú ar son na haeráide i gceist le 54% díobh. Is iad bainistíocht bruscair agus dramhaíola (31%), soghluaisteacht ghníomhach amhail an siúl, an rothaíocht agus an t-iompar poiblí (29%), agus tionscnaimh úsáide talún/foraoiseachta (26%) na nithe is mó a ndíríonn tionscnaimh phobail orthu.

I measc na ndaoine sin nach bhfuil ag gabháil do ghníomhú pobail ar son na haeráide faoi láthair, tá spéis shuntasach acu i ndéanamh amhlaidh. Chuir 60% díobh spéis in iúl ina gcuid bia féin a shaothrú i ngairdíní pobail, chuir 58% díobh spéis in iúl i dtionscnaimh shoghluaisteachta gníomhaí, agus chuir 52% díobh spéis in iúl i dtionscadail gheilleagair chiorclaigh amhail gníomhaíochtaí deisiúcháin agus athúsáide.

Nochtar sa taighde go bhfuil eolas áitiúil luachmhar ag pobail ar na dúshláin shonracha aeráide atá rompu agus gur féidir leo rannchuidiú le beartais níos éifeachtaí atá sonrach don chomhthéacs a fhorbairt. Maidir le réitigh atá faoi stiúir ag an bpobal, amhail tionscadal Chorca Dhuibhne 2030 atá pléite sa tuarascáil, is féidir leo athrú iompraíochta fadtéarmach a chothú, freagracht chomhchoiteann a thógáil, agus an chuid is fearr a bhaint as saineolas áitiúil agus as acmhainní áitiúla.

Moltar sa tuarascáil moil aeráide pobail a bhunú, aghaidh a thabhairt ar mhíthuiscintí ar fheithiclí leictreacha, agus feabhas a chur ar chomhoibriú trasrialtais ar thionscnaimh aeráide.

Is ionann foilseachán an lae inniu agus seoladh an chomhairliúcháin 'Comhráite faoin Aeráid' don bhliain 2025 freisin, rud a leanfaidh le cur leis an tuiscint atá againn ar rannpháirtíocht saoránach agus pobail sa chlár oibre aeráide. Beidh an comhairliúchán ar oscailt ar feadh tréimhse 12 sheachtain, agus beidh deis ag daoine lena linn a ndearcthaí a chur in iúl maidir le gníomhú ar son na haeráide a mhéid a bhaineann lena dteach, lena saol agus lena bpobal féin.

Príomhfhionnachtana Eile

Freagairt Mhothúchánach: Is é frustrachas an mothúchán is mó maidir leis an athrú aeráide, agus é á thuairisciú ag 67% de na freagraithe. Is iad imní (54%) agus easpa cumhachta (51%) na príomh-mhothúcháin ina dhiaidh sin.

Is ann do Mhíthuiscintí go fóill: Sainaithnítear sa tuarascáil na míthuiscintí leantacha atá ann ar cé na gníomhartha atá ar na cinn is éifeachtaí maidir le hastaíochtaí carbóin a laghdú, agus na tairbhí a bhaineann le feithiclí leictreacha a ghlacadh á ngannmheas ag cuid mhór freagraithe.

Freagracht Phearsanta: Braitheann 76% de na freagraithe go bhféadfadh siad féin tuilleadh a dhéanamh chun dul i ngleic leis an athrú aeráide, suas ón bhfigiúr roimhe.

Chuir Darragh O'Brien, an tAire Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil, fáilte roimh an tuarascáil, agus é ag rá:

"Leis an tuarascáil seo, tugtar tuiscint mhaith dúinn ar na saincheisteanna atá an-tábhachtach dár saoránaigh agus dár bpobail a mhéid a bhaineann le gníomhú ar son na haeráide. Rud ríthábhachtach, tugtar léargais inghníomhaithe dúinn ar na réimsí inar féidir linn feabhsuithe a dhéanamh ó thaobh oideachais, rannpháirtíochta agus cumhachtaithe de – ionas go mbeidh gach duine ar fud na hÉireann in ann gníomhartha ar son na haeráide a dhéanamh ina saol agus ina bpobal féin. Tá áthas orm freisin tús a chur leis an gcéad leagan eile dár gcomhairliúchán maidir le 'Comhráite faoin Aeráid', a thugann lúb aiseolais leanúnach thábhachtach dúinn chun a chinntiú go mbímid ag déanamh caidreamh fiúntach éifeachtach lenár saoránaigh ar mhaithe le huaillmhian an Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide uainn a bhaint amach ar an mbealach is fearr."

CRÍOCH


Nótaí don Eagarthóir

An tIdirphlé Náisiúnta ar Ghníomhú ar son na hAeráide

Is é an tIdirphlé Náisiúnta ar Ghníomhú ar son na hAeráide clár náisiúnta na hÉireann chun caidreamh a dhéanamh le geallsealbhóirí agus le saoránaigh ar fud na sochaí agus chun iad a chumasú agus a chumhachtú chun gníomhú ar son na haeráide. I gcomhpháirt le Ipsos B&A, chuaigh an tIdirphlé i dteagmháil le breis agus 12,000 saoránach tríd an gcomhairliúchán bliantúil 'Comhráite faoin Aeráid'. Chuaigh sé i dteagmháil le 1,100 geallsealbhóir freisin trí shé cinn d’imeachtaí de chuid an Fhóraim Náisiúnta Geallsealbhóirí Aeráide, trí thrí Thionól Óige Náisiúnta um an Aeráid, agus trí chaidreamh gníomhach leis na pobail a n-imríonn an t-aistriú chuig todhchaí atá neodrach ó thaobh carbóin de an tionchar is mó orthu.