I mBuiséad 2021 léiríonn an maoiniú do na Ranna Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, agus Iompair uaillmhian an Rialtais i leith téarnamh glas geilleagair, trína gcruthófar poist ón Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide; An Roinn Iompair
-
Ó: An Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil; An Roinn Iompair
- Foilsithe: 13 Deireadh Fómhair 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
*fógraíodh breis agus €221 milliún mar mhaoiniú do scéimeanna iarfheistithe áitreabh cónaithe agus pobail. Maoineofar an méadú €100 milliún seo sa leithdháileadh trí ioncam ó cháin charbóin
*tá €286.5 milliún geallta san iomlán ar fud an Rialtais do ghníomhaíocht iarfheistithe, lena n-áirítear tithíocht shóisialta
*Fógraíodh maoiniú €1.8 billiún d’iompar inbhuanaithe, rothaíocht, siúl agus féarbhealaí
*€1.3 billiún do bhóithre náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla
*€108 milliún le haghaidh iompar agus sábháilteacht mhuirí
Cinnteoidh leithdháileadh buiséid na bliana 2021 do na Ranna Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide agus Iompair go bhféadfar na gealltanais sa Chlár don Rialtas a chomhlíonadh lena n-áirítear:
- ár n-astaíochtaí foriomlána gás ceaptha teasa a laghdú faoi níos mó ná a leath roimh dheireadh na ndeich mbliana seo
- déanfar an-mhéadú go deo ar ghníomhaíocht iarfheistiúcháin agus cuirfear clár náisiúnta nua iarfheistiúcháin ar fáil
- córas iompair inbhuanaithe a fhorbairt a bheidh inrochtana ag gach saoránach, agus a chomhlíonfaidh ár gcuspóirí aeráide agus comhshaoil
- téarnamh (geilleagrach) trína gcruthófar poist
Ag labhairt dó inniu (Dé Máirt an 13 Deireadh Fómhair), dúirt an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, agus Iompair Eamon Ryan TD:
“Beidh ról tábhachtach ag iarfheistiú tithe inár dtéarnamh geilleagrach. Tá mórán oibre i gceist san earnáil seo agus féadann sí poist inbhuanaithe ardchaighdeáin a chruthú i bpobail áitiúla ar fud na tíre. Cruthófar mórchuid fostaíochta san earnáil sna blianta amach romhainn agus cruthófar bealaí gairme do dhaoine óga trí phrintíseachtaí. Nuair a mhéadófar líon na dtithe iarfheistithe laghdóidh sé sin astuithe gáis cheaptha teasa ón earnáil chónaithe chomh maith le tithe a dhéanamh níos compordaí agus buntáistí sláinte a sholáthar."
Lean an tAire Ryan ar aghaidh agus rinne tagairt do bhuiséad na Roinne Iompair:
“Táim an-sásta a bheith in ann €3.5 billiún a fhógairt i leithdháileadh foriomlán an bhuiséid don Roinn Iompair. Is ionann é seo agus méadú an-suntasach €1 bhilliún ar oll-leibhéil chaiteachais in 2020. Cinnteoidh sé go leanfaidh ár líonra iompair ar aghaidh ag fás go hinbhuanaithe sa todhchaí, ag soláthar roghanna iompair inmharthana agus inacmhainne dár saoránaigh, agus go gcabhróidh sé freisin chun ár gcuspóirí aeráide agus comhshaoil a bhaint amach.
“Beimid ag infheistiú níos mó anois i dtionscadail níos inbhuanaithe iompair ná i dtionscadail bóithre. Déanfaidh an t-athrú seo sa leithdháileadh buiséadach athchothromú ar ár líonra iompair agus mar sin táimid ag soláthar roghanna taistil inmharthana do na blianta atá le teacht. Ar fud na tíre, leanfaimid orainn ag infheistiú inár líonra iompair phoiblí agus ag cur chun cinn mórthionscadail bhonneagair mar BusConnects, Dart +, agus Metrolink; chomh maith lenár bhflít a athnuachan chun feithiclí hibrideacha agus leictreacha a chur ar fáil. Cabhróidh Buiséad na bliana seo linn athrú suntasach a dhéanamh ar na bealaí ina mbeimid ag taisteal. Leithdháilfear €360 milliún in 2021 ar fud an Rialtais chun tacú le tionscadail siúil agus rothaíochta ar fud na tíre. Mar chuid de seo tá thart ar €50 milliún faighte agam do Ghlasbhealaí. Is é seo an leithdháileadh is airde riamh atá tiomnaithe do bhealaí rothaíochta den chineál seo."
Dúirt an tAire Stáit Naughton:
“Le linn 2021, leanfaimid orainn ag infheistiú chun inrochtaineacht réigiúnach a fheabhsú agus infheisteoimid os cionn €1.3 billiún i gcothabháil bóithre náisiúnta agus réigiúnacha agus áitiúla, chomh maith le tús a chur le tógáil roinnt scéimeanna nua bóithre. Tá an infheistíocht seo riachtanach chun seirbhísí áitiúla a sholáthar, chun tacú le fás eacnamaíoch i gceantair thuaithe agus réigiúnacha agus chun cruthú post a spreagadh. Cuirfidh an infheistíocht thábhachtach seo ar ár gcumas taisteal go sábháilte timpeall ár gceantair áitiúla ar gach córas iompair, cibé acu i gcarr, ar ghluaisrothar, ag rothaíocht nó de shiúl na gcos.
“Tacóimid freisin le soláthar clár nua um Bealaí Sábháilte chuig an Scoil. Féachfaidh sé seo le dlús a chur faoi bonneagar feabhsaithe siúil agus rothaíochta a sholáthar chuig scoileanna, rochtain inbhuanaithe ar thailte na scoile a fheabhsú; agus cur leis an méid áiteanna páirceála rothar atá ar fáil ag scoileanna. Mar bhonn agus taca leis an tionscnamh nua seo, caithfear €1 milliún in aghaidh an lae ar ár mbonneagar siúil agus rothaíochta in 2021.
“Mar chuid den bhuiséad seo cuirfimid €31.3 milliún ar fáil mar thacaíocht státchiste dár n-aerfoirt réigiúnacha. Cuirfear €21.3 milliún ar fáil in 2021 faoi Chlár Réigiúnach na nAerfort. Cinnteoidh an clár seo nascacht réigiúnach leanúnach trínár seirbhísí aeir na hOibleagáide Seirbhíse Poiblí (PSO) ar dhá bhealach, Dún na nGall/Baile Átha Cliath agus Ciarraí/Baile Átha Cliath chomh maith le roinnt tionscadal caipitil éagsúil a chur chun cinn ag ár n-aerfoirt réigiúnacha is lú - Dún na nGall, Ciarraí agus Aerfort Iarthar Éireann, Cnoc Mhuire. Den chéad uair, mar aitheantas ar thorthaí tubaisteacha COVID-19, beidh Aerfoirt na Sionainne agus Chorcaí in ann maoiniú caipitil a fháil faoi chlár €10 milliún ar leithligh arna mhaoiniú ag an Státchiste. Cabhróidh an maoiniú seo ar bhealach éigin chun staid airgid na gcuideachtaí a chosaint agus iad ag déileáil leis an ngéarchéim. Beidh maoiniú breise €15 milliún ann freisin chun a chinntiú go bhféadfar custaiméirí gníomhairí taistil dócmhainneacha agus comhlachtaí taistil a aisíoc go hiomlán.
"Infheisteofar €108 milliún in iompar agus i sábháilteacht mhuirí. Cinnteoidh sé seo go bhféadfaidh Garda Cósta na hÉireann oibriú go sábháilte agus go héifeachtach. Is iad na príomhthosaíochtaí in 2021 ná clár tógála an Gharda Cósta a mhéadú agus infheistíocht in oiliúint, trealamh agus córais a bhaineann le sábháilteacht a mhéadú.
"Tríd is tríd cabhróidh an t-airgead atá faighte againn mar chuid de Bhuiséad 2021 chun ár gcóras iompair a fhorbairt tuilleadh trí phobail ar fud na tíre a nascadh agus a neartú.”
CRÍOCH
Tuilleadh Eolais faoi Bhuiséad na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide 2021
Méadú ollmhór i ngníomhaíocht iarfheistithe - €221.5m le haghaidh tithe níos teo agus níos compordaí
Chuir an rialtas in iúl i mbuiséad 2021 an tacaíocht a thugann siad chun an geilleagar glas a thiomáint chun cinn. Méadófar go suntasach an maoiniú a thabharfar d’Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI) agus do roinnt Scéimeanna iarfheistiúcháin nua agus do scéimeanna atá ann cheana féin:
- Tá €221.5 milliún de mhaoiniú caipitil curtha ar fáil do chláir iarfheistithe áitreabh cónaithe agus pobail. Is ionann é seo agus méadú 82% ar leithdháileadh na bliana 2020 agus is é seo an méid is mó a leithdháileadh riamh ar na scéimeanna. Cuirfidh an leithdháileadh seo tús leis an gcéad chéim dár gclár iarfheistiúcháin
- den leithdháileadh seo, tá €109 milliún á chur ar fáil chun tacú le teaghlaigh ar ioncam íseal a dtithe a iarfheistiú agus páirt a ghlacadh san aistriú. Is méadú €47 milliún é seo ar leithdháileadh 2020 do scéimeanna maidir le tearcrochtain fuinnimh agus ciallaíonn sé go dtacóidh beagnach leath den bhuiséad iarfheistithe iomlán cónaithe agus pobail le daoine atá i mbaol tearcrochtana fuinnimh. Ciallóidh an maoiniú gur féidir le níos mó teaghlach uasghrádú saor in aisce a fháil ó thaobh éifeachtúlacht fuinnimh de, rud a fhágfaidh go mbeidh a dtithe níos teo, níos sláintiúla agus go mbeidh sé níos saoire iad a reáchtáil, rud a bheidh ag teacht leis an gClár don Rialtas.
Caithfear iarmhéid an bhuiséid iarfheistiú cónaithe agus pobail (€112.5 milliún) ar na scéimeanna deontais SEAI atá ann cheana a leathnú agus ar scéimeanna nua a thabhairt isteach. Is iad seo a leanas na scéimeanna nua:
- éascóidh an Scéim Náisiúnta Iarfheistiúcháin nua (scéim phacáiste B2) athchóiriú níos doimhne a dhéanamh ar thithe lena dtabhairt go leibhéal Rátáil Fuinnimh Foirgnimh (RFF) B2, ag baint úsáide ó thús go deireadh as próiseas Digiteach ar dTús, arna bhainistiú ag ionaid ilfhreastail agus ag an am céanna dea-rialachas agus rialú costais a chinntiú
- tacóidh an dara snáithe na Scéime Náisiúnta Iarfheistithe le hIonaid Ilfhreastail, Soláthraithe Seirbhíse Cónaithe, Fostóirí, Institiúidí Airgeadais, Cumainn Tithíochta cláraithe agus Údaráis Áitiúla ar mian leo páirt a bheith acu in uasghrádú tithe cónaithe ó thaobh éifeachtúlacht fuinnimh
- úsáidfear príomhshonraí ón mbunachar Rátála Fuinnimh Foirgníochta sa Scéim nua um Thithe Ullamh le haghaidh Caidéil Teasa chun díriú ar thithe atá oiriúnach chun caidéil teasa a shuiteáil le dreasachtaí deontais
- beidh scéim nua Gníomhachtaithe Pobail cosúil leis an scéim um Pobail Fuinnimh Níos Fearr sa mhéid go bhfuil sí ar fáil do thithe, d’áiseanna pobail agus do ghnóthais. Mar sin féin, beidh roinnt snáitheanna aige a bheidh dírithe ar thacú le tionscadail ar scála beag, ar fhorbairt acmhainne, ar phíolótaí agus ar staidéir féidearthachta, agus go háirithe, tacú le Pobail Fuinnimh Inbhuanaithe
Meastar go soláthróidh scéimeanna cónaithe agus pobail SEAI os cionn 29,000 jab iarfheistiúcháin san iomlán lena n-áirítear thart ar 8,000 áit a ardú go leibhéal B2 agus go dtacóidh siad le 8,500 post go díreach agus go hindíreach.
D’fhógair an tAire inniu freisin go mbunófar Oifig Náisiúnta Iarfheistiúcháin nua san SEAI. Cuirfear foireann agus maoiniú breise ar fáil do SEAI chun acmhainní a sholáthar don Oifig Iarfheistiúcháin agus chun baint amach ár spriocanna iarfheistiúcháin a chur chun cinn.
Feithiclí Leictreacha
Beidh tacaíocht leanúnach ann do bhearta atá ann cheana féin agus do bhearta nua chun daoine a spreagadh Feithiclí Leictreacha fháil agus bonneagar luchtaithe gaolmhar a sholáthar in 2021. Chomh maith le deontais d’feithiclí agus luchtú baile agus poiblí, beidh an SEAI ag tabhairt isteach tacaíochta do luchtairí cinn scríbe ar féidir iad a sholáthar in áiteanna mar óstáin, ionaid siopadóireachta nó áiteanna fostaíochta. Seolfaidh SEAI feachtas margaíochta nua freisin maidir le feithiclí leictreacha chun cabhrú le saoránaigh roghanna eolasacha a dhéanamh agus na buntáistí comhshaoil agus eacnamaíocha a thuiscint a bhaineann le tiomáint feithiclí leictreacha.
RESS
Leithdháileadh €3 mhilliún i maoiniú caipitil freisin don Scéim Tacaíochta Leictreachais In-athnuaite Phobail (RESS) chun tionscadail fuinnimh phobail faoi úinéireacht áitiúil a spreagadh.
Éifeachtúlacht Fuinnimh
Tá €38 milliún i maoiniú caipitil á leithdháileadh chun tacú le tionscadail éifeachtúlachta fuinnimh agus fuinnimh in-athnuaite san earnáil tráchtála agus poiblí. Tá an maoiniú seo beagnach a dhá oiread níos mó ná an leithdháileadh a cuireadh ar fáil in 2020 agus díreofar é ar thacú le hinfheistíochtaí atá ag teacht le tiomantais an rialtais glan-astaíochtaí nialasacha a bhaint amach faoi 2050.
Tacú le timpeallacht níos glaine - €25.5m chun dul i ngleic le saincheisteanna líonta talún agus dumpála
€2m in 2021 chun na cláir oideachais agus feasachta pobail atá ann cheana féin a fheabhsú
Is é aidhm na gclár feasachta ná timpeallacht nádúrtha na hÉireann a chosaint, sláinte agus folláine ár saoránach a chur chun cinn agus aistriú go geilleagar ciorclach atá tíosach ar acmhainní mar atá mínithe sa Phlean Gníomhaíochta Dramhaíola don Gheilleagar Ciorclach, chun tacaíocht a thabhairt d’fhorbairt, fás agus poist a bheidh inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de.
€23.5m don Chlár Feabhsúcháin Láithreán Líonta Talún
Úsáidfidh an Roinn na cistí seo chun leanúint ar aghaidh le feabhsú láithreán líonta talún scortha atá díghrádaithe ó thaobh an chomhshaoil de a oibríonn údaráis áitiúla agus láithreáin líonta talún phríobháideacha ar ghlac an Stát seilbh orthu. De na cistí seo úsáidfear €15 milliún chun an láithreán líonta talún a fheabhsú i mBaile Chairdif i gCo. Chill Dara, ceann de na suíomhanna feabhsúcháin is casta sa chlár.
€215m chun tacú le Nascacht agus Sábháilteacht ar líne do shaoránaigh agus do ghnóthais
Léirigh paindéim COVID-19 an tábhacht a bhaineann le teicneolaíocht maidir le nascacht - i gcúrsaí gnó, i dteagmháil lenár dteaghlaigh agus chun rochtain a fháil ar sheirbhísí. Cuirfear tacaíocht leanúnach ar fáil don teicneolaíocht chun cianobair a éascú rud a thacóidh go mór le baint amach ár n-uaillmhian maidir le cúrsaí aeráide. Leanfaidh an rialtas ar aghaidh ag tacú agus ag infheistiú i nascacht dhigiteach agus slándáil dhigiteach in 2021.
Leithdháileadh €210m chun an Plean Náisiúnta Leathanbhanda (NBP) a chur chun cinn
Is é National Broadband Ireland an chuideachta a bhfuil conradh acu chun an NBP a chur ar fáil, agus tá siad ag díriú ar 115,000 áitreabh nach bhfuil an líonra snáithín ardluais nua acu agus déanfar é sin faoi dheireadh 2021. Léireoidh sé seo méadú suntasach ar ghníomhaíochtaí agus tosóidh sé ag soláthar buntáistí móra do na teaghlaigh agus do na gnóthais seo. Is infheistíocht mhór fhadtéarmach í seo sna réigiúin agus tabharfaidh sí aghaidh ar na dúshláin nascachta atá le sárú ag pobail tuaithe. Feicfear torthaí na hinfheistíochta seo i ngach contae, cibé acu tríd an obair shuirbhéireachta atá ar siúl nó tríd an líonra ardluais a thógfar ina dhiaidh sin.
Leithdháileadh méadaithe €5.1 milliún (méadú €3.4m ar fhigiúr na bliana 2020) chun an tIonad Náisiúnta Cibearshlándála (NCSC) a fhorbairt tuilleadh
Cheadaigh an rialtas Straitéis Náisiúnta Cibearshlándála cúig bliana ina leagtar amach pleananna chun acmhainn agus teacht aniar na Cibearshlándála sa Stát a fheabhsú. Cuimsíonn an straitéis sraith bheart atá dírithe ar bhonneagar ríthábhachtach náisiúnta a chosaint, teacht aniar a chinntiú maidir le sonraí agus líonraí na hearnála poiblí agus tacú le tionscnaimh taighde agus forbartha cibearshlándála in Éirinn.
Coimisiúnaíodh Athbhreithniú Acmhainne ar an NCSC chun treochlár a leagan amach d’fhorbairt na heagraíochta sa todhchaí agus soláthraíodh maoiniú caipitil breise le cur le cumas an NCSC leathnú amach agus aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá ag fás ó theagmhais agus ó bhagairtí cibearshlándála.
Tuilleadh faisnéise faoi Bhuiséad na Roinne Iompair 2021
Iompar Inbhuanaithe
Cuirfear thart ar €1.8 billiún ar fáil mar mhaoiniú le haghaidh shoghluaisteacht inbhuanaithe, lena n-áirítear iompar poiblí, cláir laghdaithe carbóin, taisteal gníomhach agus féarbhealaí.
I rith na bliana seo chugainn:
- leanfar ar aghaidh le tógáil an Lárionaid Náisiúnta um Rialú Traenacha
- críochnófar Clár Athchomharthaíochta Lár na Cathrach
- déanfar flít bus na hOibleagáide Seirbhíse Poiblí (PSO) a fheabhsú agus a leathnú trí bhusanna breise a cheannach
- tabharfar busanna nua hibrideacha PSO isteach sa tseirbhís
- nuair a chuirfear BusConnects Bhaile Átha Cliath i bhfeidhm cuirfear feabhas ar sheirbhísí ar dhá cheann de spíonta líonra nua
- déanfar an t-iarratas pleanála a chur faoi bhráid an Bhoird Phleanála do Chonairí Lárnacha Bus de chuid BusConnects Bhaile Átha Cliath
- déanfar dul chun cinn maidir le Ticéadú na Chéad Ghlúine Eile faoin gclár BusConnects
- déanfar an tseirbhís iarnróid a leathnú trí 41 carráiste breise ICR a thógáil
- síneofar conradh don leathnú is mó riamh ar an tseirbhís iarnróid trína bhféadfar suas le 600 carráiste leictreach / carráistí ina mbeidh ceallraí leictreacha a sholáthar
- leanfar ar aghaidh le stáisiún iarnróid nua a thógáil i mBaile Pheiléid, déanfar athchoimisiúnú ar oibreacha i stáisiún na Ciseoige agus tosófar tógáil ar stáisiún nua DART ag Sruthán na Coille
- déanfar na tramanna níos faide breise agus na síntí tramanna a sholáthar agus cur i seirbhís mar chuid den fhlít tramanna atá ann cheana ar an Líne Ghlas Luas
Déanfar leithdháileadh suntasach breise €340 milliún ar sheirbhísí Oibleagáide Seirbhíse Poiblí (PSO) a sholáthraíonn oibreoirí Stáit agus roinnt oibreoirí príobháideacha faoi chonradh leis an Údarás Náisiúnta Iompair. Cuirfear tacaíocht shealadach €30 milliún ar fáil freisin d’Oibreoirí Busanna Tráchtála ríthábhachtacha.
Chomh maith leis an méid thuas, déanfar infheistíocht freisin i:
- Seirbhísí Nasctha Áitiúla, lena n-áirítear seirbhísí rialta tuaithe arna maoiniú trí PSO agus arna mbainistiú ag na hoifigí Nasctha Áitiúla
- cothabháil feabhsaithe agus athnuachan an ghréasáin iarnróid throm
- an Clár Iarfheistithe chun bonneagar iompair phoiblí níos sine a dhéanamh níos inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas - bíonn inrochtaineacht mar chuid lárnach de thionscadail nua
Taisteal Gníomhach agus Glasbhealaí
Tacóidh infheistíocht €360 milliún i siúl agus rothaíocht a chaithfear ar fud an Rialtais iomláin le mórthionscadail sna príomhchathracha go léir, maoiniú méadaithe do ghlasbhealaí (€50 milliún anois) agus soláthar an Chláir um Bealaí Sábháilte chuig an Scoil.
I measc na dtionscadal bonneagair Rothaíochta, Siúil agus Glasbhealaí tá:
- Scéim Rothaíochta na Canála Ríoga
- Droichead nua siúil agus rothaíochta thar abhainn na Sionainne ag Baile Átha Luain
- Scéim Rothaíochta ó Chluain Tairbh go Lár na Cathrach
- Síneadh Ghlasbhealach na Canála Móire in Uíbh Fhailí
- Bealach Rothaíochta Abhainn na Dothra
- Athchóiriú ar Ghlasbhealach Mór an Deiscirt i Luimneach
- Bealach Siúil agus Rothaíochta Inbhear Dhomhnach Bat
- Líonraí Rothaíochta Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath, Cill Dara
- Conairí Straitéiseacha Rothaíochta, Corcaigh
- Bóthar Galfchúrsa Dumhcha ó Shráid an Chláir go Bóthar Condell, Ollscoil Luimnigh agus ar aghaidh go Páirc Náisiúnta Teicneolaíochta Luimnigh
- Bilberry go Lár na Cathrach, Port Láirge
Cláir um Laghdú Astaíochtaí Carbóin
€27 milliún chun dul i ngleic leis an athrú aeráide trí infheistíocht i scéimeanna laghdaithe carbóin:
Tacóidh leithdháileadh €15 milliún 2021 le suas le 750 tiománaí tacsaí agus fruilcharr a gcuid feithiclí aosta a thraipisiú agus feithiclí leictreacha cumasacha nach mbeidh astaíochtaí ar bith uathu a chur ina n-ionad. Beidh an scéim thraipisithe oscailte do thacsaithe agus do fruilcharranna a shroichfidh a n-uasteorainn aoise incheadaithe in 2020/21. Cuirfear suas le €20,000 ar fáil do thiománaithe incháilithe a aistríonn chuig feithicil uile-leictreach nua agus suas le €32,500 dóibh siúd a aistríonn chuig feithicil uile-leictreach a bheidh inrochtana ag cathaoireacha rothaí. Cuirfear dlús faoi sholáthar Pointí Athluchtaithe Feithiclí a bheidh tiomnaithe do Thacsaithe chun tacú le haistriú na hearnála lárnaí seo. Cabhróidh sé sin le trasdul níos leithne feithiclí a spreagadh agus cinnteoidh sé go mbeidh aer níos glaine inár gcathracha agus inár mbailte. Ina theannta sin, tá an maoiniú riachtanach á sholáthar ag an Roinn don NTA le cur ar a chumas táillí athnuachana ceadúnais feithicle bliantúla a tharscaoileadh in 2021.
Leithdháilfear €12 milliún eile in 2021 ar roinnt bearta laghdaithe carbóin, lena n-áirítear:
- tacaíochtaí do dheontas nua um cheannach feithiclí chun cabhrú le hoibritheoirí iompartha lastaí agus busanna tráchtála feithiclí leictreacha, gáis nó hidrigine a cheannach
- maoiniú chun busanna breosla hidrigine a thriail chomh maith le tacú le seirbhísí Nasc Áitiúil aistriú breise a dhéanamh chuig úsáid feithiclí astaíochtaí nialasacha faoin tuath in Éirinn
- leanúint den Scéim Dreasachta Dola d’Fheithiclí Astaíochtaí Ísle (LEVTI) agus den Scéim Deontais um Fheithiclí Poiblí Leictreacha Beaga (eSPSV). Spreagann an Scéim LEVTI iad siúd a úsáideann bóithre a ngearrtar dolaí orthu go rialta chun aistriú chuig feithiclí a bhfuil astaithe níos ísle uathu agus tacaíonn an Scéim Deontais eSPSV leo siúd nach gcáilíonn don Scéim Trapaisaithe EV (nach mbainfidh amach a n-uasteorainn aoise incheadaithe in 2020/21) agus spreagfar iontrálaithe nua san earnáil aistriú go feithiclí leictreacha trí suas le €10,000 a sholáthar chun feithicil lán-leictreach nua a cheannach nó €12,500 le haghaidh leagan leictreach atá inrochtana ag cathaoireacha rothaí
- staidéir agus tionscadail taighde a mhaoiniú lena n-áirítear an Príomhstaidéar ar Bhainistiú Éileamh (chun bearta a thuiscint atá ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar leibhéil tráchta atá ag méadú i mBaile Átha Cliath, Corcaigh, Luimneach, Gaillimh agus Port Láirge), agus roinnt staidéar ar lastaí agus taighde eile
Bóithre
Cuirfear thart ar €1.3 billiún ar fáil do bhóithre náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla.
Bóithre Náisiúnta
Cuirfidh leithdháileadh €799 milliún na bliana 2021 ar chumas na Roinne agus Bhonneagar Iompair Éireann (TII) leanúint de thacaíocht deontais a sholáthar do na cláir chothabhála agus athnuachana ar líonra na mBóithre Náisiúnta. Áirítear leis seo maoiniú chun bóithre a athshéalú agus bóithre ar fud an ghréasáin a neartú. Ina theannta sin, cabhróidh sé le dul chun cinn a dhéanamh ar na mórscéimeanna nua bóithre a shainaithnítear sa PFN 2018-2027 agus cuirfidh sé maoiniú ar fáil d’oibleagáidí conarthacha TII i leith tionscadal Comhpháirtíochta Poiblí Príobháidí (PPP) ar bhóithre náisiúnta.
Cuirfear na hoibreacha chun cinn ar mhórthionscadail bhóithre Thionscadail 2040 lena n-áirítear:
- An N4 ó Chúil Mhuine go Béal Átha na gCarraigíní, i Sligeach
- Scéim Uasghrádaithe an N22 ó Bhaile Bhuirne go Maigh Chromtha
- An N5 ó Chathair na Mart go Turlach
- An N56 ón gClochán Liath go dtí na Gleannta
- Uasghrádú an M8/an N40/an N25 ar Acomhal Dhún Citil
- Oibríochtaí Mótarbhealaigh an M50 a Fheabhsú .i. Teorainneacha Luais Inathraithe
Clár Bóithre Réigiúnacha agus Áitiúla
Cuirfidh leithdháileadh €584 milliún 2021 ar chumas na roinne leanúint de thacaíocht deontais a sholáthar don chlár cothabhála agus athnuachana líonra bóithre réigiúnacha agus áitiúla. Áirítear leis seo maoiniú chun bóithre a athshéalú agus bóithre ar fud an ghréasáin a neartú. Cuirfear maoiniú ar fáil freisin d’oibreacha feabhsúcháin sábháilteachta, oibreacha athshlánaithe droichead, cothabháil iarbhóithre náisiúnta agus Scéimeanna Rannpháirtíochta Pobail.
Leanfar ar aghaidh leis an obair ar thionscadail bhóithre réigiúnacha agus áitiúla Thionscadal 2040 lena n-áirítear:
- Seachbhóthar na Solán
- An Bóthar Ceangail ó Bhaile an Bhiataigh go dtí An Inse
- An Bóthar Dáileacháin ó Uí Chuanach go Cnoc an Lisín
- Bóthar Faoisimh Thuaisceart Thrá Lí
Eitlíocht
Tá €31.3 milliún á sholáthar chun tacú le haerfoirt réigiúnacha in 2021. Den mhéid sin tabharfar €21.3 milliún dár n-aerfoirt is lú - Dún na nGall, Ciarraí agus Aerfort Iarthar Éireann, Cnoc Mhuire faoin gClár Réigiúnach Aerfoirt agus €10 milliún d’aerfoirt réigiúnacha Stáit na Sionainne agus Chorcaí.
Soláthraíonn Clár na nAerfort Réigiúnach maoiniú spriocdhírithe trí roinnt scéimeanna deontais caipitil agus oibríochta do thionscadail agus do ghníomhaíochtaí a bhaineann le sábháilteacht agus slándáil chomh maith leis na cistí riachtanacha a sholáthar chun tacú le seirbhísí aeir Oibleagáid na Seirbhíse Poiblí (PSO) ar dhá bhealach, Dún na nGall/Baile Átha Cliath agus Ciarraí /Baile átha Cliath.
Den chéad uair, mar aitheantas ar éifeachtaí tubaisteacha COVID-19 ar aerfoirt beidh rochtain ag aerfoirt na Sionainne agus Chorcaí ar mhaoiniú faoi chlár atá á mhaoiniú ag an Státchiste. Tá €10 milliún á chur ar fáil mar thacaíocht chaipitil do thionscadail sábháilteachta agus slándála ag na haerfoirt sin. Cabhróidh an maoiniú seo ar bhealach éigin chun staid airgid na gcuideachtaí a chosaint agus iad ag déileáil leis an ngéarchéim.
Cuirtear €15 milliún ar fáil lena chinntiú go bhféadfaidh gníomhairí taistil dócmhainneacha agus tionscnóirí turas dócmhainneacha a gcuid custaiméirí a aisíoc go hiomlán.
Maidir le heitlíocht idirnáisiúnta, táimid ag díriú i gcónaí ar a chinntiú gur féidir leis an earnáil seo teacht aniar a dhéanamh agus líonra na seirbhísí aeir idirnáisiúnta a atógáil a bheidh ríthábhachtach dár dtéarnamh eacnamaíoch níos leithne. Níl an pointe sroichte againn fós áfach nuair is féidir tús a chur arís le haerthaisteal ar scála mór. Gheall an rialtas go n-áireofar bearta chun nascacht straitéiseach a chosaint agus athléimneacht a thógáil sa Phlean Eacnamaíochta Náisiúnta a fhógrófar go luath.
Iompar agus Sábháilteacht Mhuirí
Leithdháilfear €108 milliún in 2021 le haghaidh iompar agus sábháilteacht mhuirí:
Tacóidh an maoiniú seo le hobair Gharda Cósta na hÉireann; soláthar a dhéanamh do sheirbhísí na Rannóige um Polasaí Sábháilteachta Muirí, an Oifig Suirbhéireachta Mara, an Oifig Trádála Mara, an tAonad um Ghnóthaí Raidió Mara agus sciar na Roinne maidir le glanchostais oibríochtaí Choimisinéirí Soilse na hÉireann a bhfuil gach ceann acu freagrach as a chinntiú go n-úsáidfear farraigí na hÉireann go táirgiúil agus go sábháilte. Ina theannta sin, cuirtear maoiniú ar fáil don Bhord um Imscrúdú Taismí Mara (MCIB) chun ligean dó a fheidhmeanna a chomhlíonadh chun scrúdú a dhéanamh agus más gá imscrúduithe a dhéanamh ar gach cineál taismeach mara chuig, nó ar bord, árthaí cláraithe Éireannacha ar fud an domhain agus árthaí eile in uiscí teorann na hÉireann agus in uiscebhealaí intíre.