Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Iarrtar ar an bpobal páirt a ghlacadh sa chomhairliúchán maidir le dearadh na Scéime Nua Oibleagáide don Éifeachtúlacht Fuinnimh

  • I ngeall ar uaillmhian mhéadaithe sa Scéim nua beidh coigilteas fuinnimh ann agus tacaíocht le cuspóirí aeráide na hÉireann a bhaint amach

Tá an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide tar éis comhairliúchán a chur sa siúl le páirtithe leasmhara maidir le dearadh na Scéime Nua Oibleagáide don Éifeachtúlacht Fuinnimh (EEOS), a bheidh ar obair ó thús 2022.

Tógfaidh an scéim nua ar an scéim oibleagáide atá socraithe ó 2014 agus cuirfidh sí go suntasach le cumas na hÉireann a cuspóir coigilitis fuinnimh a bhaint amach faoi Threoir leasaithe an AE maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh. Beidh tacaíocht leis an scéim nuadheartha freisin le huaillmhian náisiúnta níos leithne na hÉireann don aeráid a bhaint amach.

Is mír an-tábhachtach í an éifeachtúlacht fuinnimh de phlean na hÉireann i dtaca le dul i ngleic leis an athrú aeráide. Táthar ag déanamh go mbeidh an EEOS athdheartha, agus é ag cabhrú le hÉirinn cuspóir suntasach ceangailteach a bhaint amach faoi Threoir an AE maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh, ina chrann taca maidir le huaillmhianta iomlána na hÉireann a bhaint amach mar a leagadh síos sa Chlár Rialtais.

Ritheadh an scéim roimhe seo ó 2014 go 2020 agus san am sin thug tacaíocht do ghníomhaíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh i mbreis agus 290,000 teach cónaí agus níos mó ná 3,000 gnólacht. Socraíodh i ngeall ar a fheabhas a d’éirigh leis an scéim sin go n-úsáidfí scéim oibleagáide arís chun cabhrú le hÉirinn ár gcuspóir coigiltis fuinnimh a bhaint amach do 2030.

Iarrtar anois tuairimí maidir le dearadh na Scéime nua. Tá an cháipéisíocht don chomhairliúchán ar fáil ar gov.ie. Aon duine lenar mhian aighneacht a dhéanamh, ba chóir an suirbhé ar líne a chomhlánú. Mura féidir leat teacht ar an suirbhé ar chúis ar bith, téigh i dteagmháil leis an bhfoireann ar an ríomhphost ag energy.efficiency@decc.gov.ie. Is é 5 i.n., an 19ú Aibreán 2021 an spriocdháta le haghaidh iarratas a dhéanamh.

CRÍOCH

Nótaí don Eagarthóir

  • Is ceanglas dlíthiúil í scéim oibleagáide, ar nós an EEOS, ar sholáthróirí agus ar imdháileoirí fuinnimh (‘páirtithe faoi oibleagáid’) chun cabhrú le húsáideoirí coigiltis fuinnimh a dhéanamh. Is féidir seo a bhaint amach trí thacaíocht (airgeadais nó eile) a thabhairt don úsáideoir fuinnimh chun cleachtais choigiltis fuinnimh a chur i bhfeidhm mó chun uasghráduithe fuinnimh a dhéanamh ar a réadmhaoin.
  • Bíonn páirtithe faoi oibleagáid ag obair le húsáideoirí fuinnimh sna hearnálacha cónaí, tráchtála agus poiblí agus is féidir leo na coigiltis fuinnimh a dhéanamh trína gclár féin, trí chomhpháirtithe nó trí pháirtithe eile nó is féidir leo bheith ag obair leis na scéimeanna tacaíochta éifeachtúlachta fuinnimh arna tháirgeadh ag an Rialtas trí Údarás Fuinnimh In-athbhuanaithe na hÉireann (SEAI).
  • Tosófar ar an EEOS athdheartha i mí Eanáir 2022. Beidh an scéim reatha ar obair feadh an ama a mbeidh an scéim nua á forbairt.
  • Is fearr a bheidh an scéim nua ina macalla ar uaillmhian mhéadaithe na hÉireann mar atá leagtha amach sa Phlean Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide, an Straitéis Fhadtéarmach Athchóirithe agus an Plean Gnímh don Aeráid (CAP).
  • Is amhlaidh a leagtar amach i bPacáiste an Choimisiúin Eorpaigh um Fuinneamh Glan, a seoladh i mí na Samhna 2016, fís an Choimisiúin don éifeachtúlacht fuinnimh. Deirtear ann gur chóir go mbeadh an éifeachtúlacht fuinnimh mar ‘chéad phrionsabal’ ag aon bheartas fuinnimh amach anseo. Is deis é seo chun éifeachtúlachtaí breise a thiomáint thar gach earnáil. Ar na croíchodanna den Phacáiste um Fuinneamh Glan tá Treoir leasaithe maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh (EED), a foilsíodh in 2018.
  • Cuireann an EED de cheanglas ar gach Ball-Stát a rannchuid den laghdú seo, agus na beartais a dhéanfar chun sin a bhaint amach, a shonrú i bPlean Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide (NECP).
  • Faoi Alt 7 den EED, tá ceanglas ar Éirinn coigilteas sainmhínithe fuinnimh a dhéanamh a bhainfidh amach sainchritéir, faoi 2030.
  • Cé nach bhfuil ceanglas dlíthiúil ar gach Ball-Stát cuspóir ceannlíne don éifeachtúlacht fuinnimh an AE a bhaint amach, tá ceanglas orthu maidir le hAirteagal 7 den EED leasaithe, agus dá réir sin tugtar ráthaíocht thábhachtach ann maidir le leibhéal íosta coigilteas fuinnimh i dtreo chuspóir an EED, rud is mó is dócha ná leath an choigiltis iomláin is riachtanach.
  • Le haghaidh na tréimhse oibleagáide 2014-20, roghnaigh Éire ár gcuspóir coigiltis fuinnimh faoi Airteagal 7 a bhaint amach trí chumasc den scéim oibleagáide agus sraith beartas eile. Tar éis comhairliúcháin phoiblí go déanach in 2019, socraíodh le haghaidh 2021-30 go gcuirfeadh Éire oibleagáid arís ar sholáthróirí agus/nó imdháileoirí fuinnimh, cuid den choigilteas fuinnimh a bhaint amach faoi cheangal Airteagal 7.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat