Leagtar tairbhí an Phlean Náisiúnta Leathanbhanda amach i dTuarascáil Meastóireachta Neamhspleáiche
- Foilsithe: 4 Samhain 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
- Agus cúig bliana dulta thart anois, tá an plean ag soláthar tairbhí forleathana díreacha agus indíreacha do ghnólachtaí, d’úinéirí tí agus do phobail
D’fhoilsigh an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide an chéad tuarascáil meastóireachta neamhspleáiche riamh ar an bPlean Náisiúnta Leathanbhanda. D’ullmhaigh EY an tuarascáil agus tá sí bunaithe ar thaighde fairsing, lena n-áirítear agallaimh agus fócasghrúpaí, suirbhéanna ar theaghlaigh agus suirbhéanna ar ghnólachtaí. Tarraingítear aird inti ar thairbhí díreacha agus indíreacha an phlean maidir le feabhas a chur ar cháilíocht na beatha dóibh sin sa Limistéar Idirghabhála. Léirítear sa tuarascáil freisin a thábhachtaí atá solúbthacht i rialacha Státchabhrach na hEorpa, lena gceadaítear nascacht dhigiteach bhunathraitheach a sholáthar do phobail in áiteanna nach mbeadh leathanbhanda inmharthana ó thaobh airgeadais iontu gan tacaíocht Státchabhrach.
Tá an tuarascáil á foilsiú cúig bliana ón tráth a shínigh an rialtas an conradh do Leathanbhanda Náisiúnta Éireann le haghaidh an clár a sholáthar, tar éis ceadú Státchabhrach a fháil ón gCoimisiún Eorpach.
Foráiltear leis an gconradh go ndéanfaidh Leathanbhanda Náisiúnta Éireann líonra leathanbhanda ardluais atá in ann seasamh i bhfad na haimsire a imscaradh do dhaoine a chónaíonn agus a oibríonn i Limistéar Idirghabhála an Stáit. Táthar ag súil leis go ndéanfar breis agus 600,000 áitreabh in-nasctha i líonra an Phlean Náisiúnta Leathanbhanda thar thréimhse feidhme an chláir, lena n-áireofar foirgnimh nua. Tá Leathanbhanda Náisiúnta Éireann gníomhach i ngach ceann de na 26 chontae faoi láthair. Tá breis agus 328,300 áitreabh in ann nascadh leis an líonra anois, agus nascadh breis agus 102,600 áitreabh cheana féin.
Ag fáiltiú dó roimh an tuarascáil, dúirt Ossian Smyth, an tAire Stáit ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide:
"Agus cúig bliana dulta thart anois ó síníodh an conradh don Phlean Náisiúnta Leathanbhanda, is an-spéisiúil a fheiceáil conas a d’éirigh leis an tionscadal go dtí seo. B’eol dúinn cheana féin go bhfuil an tionscadal á chur i gcrích in am agus laistigh den bhuiséad, ach tá fianaise inchreidte againn anois gurb airde tairbhí an tionscadail ná iad sin a rabhthas ag súil leo. Is airde an ráta ag a bhfuil daoine ag nascadh leis an tseirbhís a luaithe atá sí ar fáil ná mar a réamh-mheasadh. Tá fáil ag gach bunscoil agus gach meánscoil in Éirinn ar leathanbhanda gasta anois. Tá na mílte daoine ag obair agus ag déanamh staidéir óna dteach tuaithe anois. Thuairiscigh na gnólachtaí a ndearnadh suirbhé orthu méadú ar an líon custaiméirí atá acu."
Leagtar amach sa tuarascáil na héachtaí agus na tairbhí seo a leanas a bhaineann le cur i bhfeidhm an Phlean Náisiúnta Leathanbhanda:
- Soláthraíodh 955 Nascphointe Straitéiseacha trí Bhonneagar Leathanbhanda Náisiúnta Éireann suas go deireadh na bliana 2023. Cuimsítear leis na pointí sin scoileanna, hallaí pobail, stáisiúin na nGardaí, leabharlanna agus spásanna poiblí eile, agus soláthraítear leo leathanbhanda ardluais d’fhoirgnimh a bhfuil rochtain saor in aisce orthu ar mhaithe le hobair chianda, imeachtaí cultúir, foghlaim dhigiteach agus nithe eile a spreagadh. Táthar ag súil leis go soláthróidh na láithreacha sin tairbhí do phobail áitiúla, lena n-áirítear feabhas ar an oideachas, ar chúram sláinte agus ar rochtain ar sheirbhísí rialtais
- Bhí tionchar dearfach ann ar an bhfiontraíocht, áit ar tháinig méadú ar tháirgiúlacht, ar tháinig feabhas ar chumarsáid agus ar tháinig laghdú ar chostais. Tháinig méadú ar ghníomhaíocht gnó mar thoradh ar an tionchar ar an earnáil turasóireachta agus fáilteachais
- Bhí tionchar dearfach ann ar phríomhbheartais rialtais a chomhlíonadh freisin, lena n-áirítear an Straitéis Dhigiteach do Scoileanna, an Straitéis maidir le Cianobair, an Straitéis um Nascacht Dhigiteach, an Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide, an Plean Forbartha Náisiúnta, an Beartas Forbartha Tuaithe, agus an Beartas Náisiúnta Oileán
- Tháinig méadú ar an líon iomlán Soláthraithe Seirbhíse Miondíola sa Limistéar Idirghabhála, ó 30 ceann sa bhliain 2021 go 59 gcinn sa bhliain 2023. Léiríonn sé sin an tionchar dearfach a imríodh ar éagsúlacht soláthraithe agus ar an rogha atá ar fáil d’úsáideoirí deiridh
- Tá praghsanna leathanbhanda ardluais sa Limistéar Idirghabhála ag teacht le praghsanna i limistéir thráchtála, agus is féidir le teaghlaigh nasctha leas a bhaint as cuachadh cumarsáide anois
Tá an Plean Náisiúnta Leathanbhanda ag imirt ról ríthábhachtach cheana féin maidir le haistriú aeráide na hÉireann agus maidir lena haistriú ina geilleagar ciorclach trí bhainistíocht níos éifeachtúla acmhainní a bhrú chun cinn, trí obair chianda agus seirbhísí cianda a chumasú, trí ardáin dhigiteacha a sholáthar do gheilleagar comhroinnte, agus trí thacú le heangacha cliste agus le héifeachtúlacht fuinnimh.
Is féidir an tuarascáil iomlán a rochtain ar shuíomh gréasáin na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide.
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
Is é is aidhm don Phlean Náisiúnta Leathanbhanda a chinntiú go bhfuil rochtain ag gach teach, feirm agus gnólacht in Éirinn ar leathanbhanda ardluais, is cuma cé chomh hiargúlta agus atá siad. Shainaithin an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide breis agus 569,000 áitreabh ar fud na hÉireann óna dteastaíonn rochtain ar leathanbhanda ardluais. Tugtar an Limistéar Idirghabhála orthu sin.
An Tuarascáil Meastóireachta Eatramhaí Neamhspleáiche ar an bPlean Náisiúnta Leathanbhanda
Faoin gcinneadh ón gCoimisiún Eorpach Státchabhair a cheadú i leith an Phlean Náisiúnta Leathanbhanda (SA.54472 (2019/N) - Plean Náisiúnta Leathanbhanda na hÉireann), cuirtear an Plean Náisiúnta Leathanbhanda faoi réir ceanglais láidre tuairiscithe meastóireachta ina ndéantar iniúchadh ar thionchair an chláir, agus ar a éifeachtaí agus a éifeachtúla atá soláthar agus bainistíocht an chláir, d’fhonn léargas agus barúlacha a thabhairt maidir le hinfheistíocht amach anseo ón Stát.
Ghabh Stát na hÉireann air féin trí mheastóireacht neamhspleácha a choimisiúnú ar chlár an Phlean Náisiúnta Leathanbhanda ag céimeanna éagsúla, agus na tuarascálacha gaolmhara á gcur faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh. Tar éis próiseas rathúil tairisceana, sannadh EY chuig an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide i mí Eanáir 2024 chun an chéad cheann de na meastóireachtaí neamhspleácha sin a dhéanamh. Agus í bunaithe ar shonraí ar sholáthair an Roinn iad agus a bhí ceart suas go dtí an 31 Nollaig 2023, cuireadh an Tuarascáil Meastóireachta Eatramhaí ó EY ar an bPlean Náisiúnta Leathanbhanda i gcrích i mí na Bealtaine 2024, agus cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh í lena breithniú. Tá an tuarascáil sin á foilsiú anois.
Sa mheastóireacht eatramhach ó EY, thángthas ar fhionnachtana dearfacha maidir le soláthar Chlár an Phlean Náisiúnta Leathanbhanda agus maidir leis an tionchar a bhí aige. Tuairiscítear inti gurb ionann cur i bhfeidhm an Phlean Náisiúnta Leathanbhanda go dtí seo agus céim shuntasach in aistear na hÉireann i dtreo an deighilt dhigiteach a dhúnadh trí rochtain uileláithreach a sholáthar ar leathanbhanda ardluais. Fuarthas amach sa mheastóireacht go ndearnadh cuid mhór dul chun cinn maidir le clár an Phlean Náisiúnta Leathanbhanda a sholáthar agus gur tháinig roinnt tairbhí díreacha agus indíreacha chun cinn sa Limistéar Idirghabhála, amhail feabhas ar iomaíocht i measc Soláthraithe Seirbhíse Miondíola, méadú ar fhostaíocht agus ar tháirgiúlacht fiontraíochta, agus feabhas ar cháilíocht na beatha do theaghlaigh sa Limistéar Idirghabhála.
Tugtar faoi deara inti freisin gur chabhraigh cur i bhfeidhm an Phlean Náisiúnta Leathanbhanda le beartais rialtais a chomhlíonadh ar fud seacht bpríomhthionscnamh beartais rialtais, agus feabhas á chur ar an tionchar atá acu agus ar a éifeachtaí atá siad, agus cinntear inti nach mbeadh na beartais sin chomh héifeachtach céanna gan an bonneagar a bhíothas in ann a sholáthar mar gheall ar an bPlean Náisiúnta Leathanbhanda.
Sa mheastóireacht ó EY, tugadh aghaidh ar 19 gceist réamhchinnte a bhí grúpáilte ina gceithre chatagóir uileghabhálacha: Éifeachtaí díreacha; Éifeachtaí indíreacha; Éifeachtaí ar iomaíocht; agus Comhréireacht agus oiriúnacht. Áiríodh iad seo a leanas leis na príomhfhionnachtana:
Éifeachtaí Díreacha: Cumhdach; Naisc; Cáilíocht Seirbhíse; agus Inmharthanacht Bhonneagar Leathanbhanda Náisiúnta Éireann mar Sholáthraí Mórdhíola
- Rinne Bonneagar Leathanbhanda Náisiúnta Éireann dul chun cinn inbhraite ó thaobh cumhdaigh de, agus tá sé ar an mbealach ceart i dtreo cumhdach iomlán a bhaint amach faoi dheireadh na tréimhse imscartha (Deireadh Fómhair 2027)
- Bhain Bonneagar Leathanbhanda Náisiúnta Éireann fás suntasach amach ar an líon nasc a cuireadh i gcrích go dtí seo, agus an líon sin níos airde ná a spriocanna Tairisceana agus a spriocanna leigheasta araon sa bhliain 2022. Tá sé níos airde freisin ná a sprioc Tairisceana faoi dheireadh na bliana 2023, ba é sin 52,630 nasc. Nasc sé gach ceann de na 955 nascphointe straitéiseacha freisin, a bhfuiltear ag súil leis go soláthróidh siad tairbhí do phobail áitiúla. Is féidir an ráta glactha láidir a baineadh amach a chur síos go páirteach do na gníomhaíochtaí a rinne Bonneagar Leathanbhanda Náisiúnta Éireann chun an t-éileamh a spreagadh
- D’éirigh le Bonneagar Leathanbhanda Náisiúnta Éireann ardleibhéil cháilíochta seirbhíse a sholáthar do na háitribh ar nasc sé iad, agus é ag soláthar luas agus iontaofacht leathanbhanda sa Limistéar Idirghabhála atá coibhéiseach leis na leibhéil a sholáthraítear i limistéir thráchtála, agus a sháraíonn na leibhéil sin go minic
- A bhuí le Státchabhair, cumasaíodh do Bhonneagar Leathanbhanda Náisiúnta Éireann éirí ar an tríú Soláthraí Mórdhíola is mó in Éirinn, bunaithe ar an líon iomlán síntiúsóirí atá aige Baineadh é sin amach trí infheistíocht a dhéanamh in áitribh sa Limistéar Idirghabhála a dhéanamh in-nasctha agus a nascadh. Léiríonn an meánchostas iomlán a bhaineann le háitribh sa Limistéar Idirghabhála a dhéanamh in-nasctha agus a nascadh (€2,156), i gcomparáid leis an gcostas i limistéir thráchtála (atá sa raon idir €597 agus €1,053), nach mbeadh na hinfheistíochtaí sin inmharthana ó thaobh airgeadais de gan Státchabhair
Éifeachtaí Indíreacha: Tairbhí do theaghlaigh agus do ghnólachtaí; agus príomhthionscnaimh bheartais rialtais a chomhlíonadh
- Mar thoradh ar an rochtain ar leathanbhanda ardluais, tháinig feabhsuithe inbhraite ar shaol na gcónaitheoirí sa Limistéar Idirghabhála trí iad a chumasú cumarsáid a dhéanamh a thuilleadh le cairde agus baill teaghlaigh, trí fheabhas a chur ar rochtain ar dheiseanna oideachais agus fostaíochta, agus trí chur leis na roghanna siamsaíochta atá ar fáil
- Cuireadh lena tharraingtí atá áitribh laistigh den Limistéar Idirghabhála mar áiteanna chun cónaí iontu a bhuí leis an bPlean Náisiúnta Leathanbhanda, agus luaigh 38% de na freagraithe a bhog isteach sa Limistéar Idirghabhála tar éis leathanbhanda ardluais a chur i bhfeidhm iontu gur imir an fháil ar leathanbhanda ardluais tionchar ar a gcinneadh chun bogadh isteach sa limistéar
- Soláthraíodh leis an bPlean Náisiúnta Leathanbhanda tairbhí d’fhiontair ar na bealaí seo a leanas: méadú ar leibhéil táirgiúlachta; feabhas ar chumarsáid; agus laghdú ar chostais. Bhí tionchar dearfach aige ar ghnólachtaí san earnáil turasóireachta agus fáilteachais freisin. Thuairiscigh 58% de na gnólachtaí sin gur tháinig méadú ar ghníomhaíocht gnó mar thoradh díreach ar uasghrádú chuig leathanbhanda ardluais, agus thuairiscigh 33% díobh gur tháinig méadú ar scóir sheirbhíse custaiméirí nó ar rátálacha ó aíonna tar éis dóibh uasghrádú
- Agus, rud suntasach, chabhraigh an Plean Náisiúnta Leathanbhanda le tosaíochtaí beartais phoiblí a chomhlíonadh, agus bhíothas in ann príomhbheartais rialtais a cheapadh agus a chur ar aghaidh dá bharr. Rinneadh iniúchadh ar sheacht gcinn de na beartais sin sa mheastóireacht ó EY: an Straitéis Dhigiteach do Scoileanna; an Straitéis maidir le Cianobair; an Straitéis um Nascacht Dhigiteach; an Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide; an Plean Forbartha Náisiúnta; an Beartas Forbartha Tuaithe; agus an Beartas Náisiúnta Oileán. Tá fís na Straitéise maidir le Cianobair á baint amach, mar shampla, trí chónaitheoirí sa Limistéar Idirghabhála a chumasú leas a bhaint as an deis chun obair ón mbaile
Éifeachtaí ar Iomaíocht
- Bhí méadú suntasach ann ar iomaíocht laistigh den mhargadh Soláthraithe Seirbhíse Miondíola sa Limistéar Idirghabhála mar gheall ar an bPlean Náisiúnta Leathanbhanda, agus an líon Soláthraithe Seirbhíse Miondíola sa Limistéar Idirghabhála ag méadú ó 30 ceann sa bhliain 2021 go 59 gcinn sa bhliain 2023. Fianaise ar an iomaíocht mhéadaithe sin is ea an fíoras gur aistrigh thart ar 51% de ghnólachtaí sa Limistéar Idirghabhála a bhain leas as seirbhísí leathanbhanda ardluais chuig Soláthraí Seirbhíse Miondíola tar éis an líonra a uasghrádú
- Cinntíodh leis an bPlean Náisiúnta Leathanbhanda gurb ionann, tríd is tríd, na praghsanna atá le híoc ag úsáideoirí deiridh sa Limistéar Idirghabhála as seirbhísí leathanbhanda miondíola agus iad sin atá le híoc ag úsáideoirí deiridh sa limistéar tráchtála, rud a chuaigh chun tairbhe do chustaiméirí agus a chinntíonn cothroime iomaíochta do Sholáthraithe Seirbhíse Miondíola
- Tá teaghlaigh sa Limistéar Idirghabhála a nascann le leathanbhanda ardluais in ann leas a bhaint as coigiltí costais ó chuachadh cumarsáide anois, ar coigiltí iad a mheastar a bheith cothrom le €5 in aghaidh na míosa nó le €60 in aghaidh na bliana
Comhréireacht agus Oiriúnacht: Fóirdheontais a fuarthas; agus Úsáid Bonneagair Fhisiciúil
- Measadh na fóirdheontais a fuair Bonneagar Leathanbhanda Náisiúnta Éireann in aghaidh an áitribh a rinneadh in-nasctha (€2,632) agus a nascadh (€994) a bheith comhréireach. Mar thoradh ar na fóirdheontais sin, bhí Bonneagar Leathanbhanda Náisiúnta Éireann in ann infheistiú in áitribh a dhéanamh in-nasctha nó a nascadh ar bhealach nach mbeadh inmharthana ar shlí eile gan na fóirdheontais, agus an méid sin á dhéanamh gan aon bhrabús barrachais a ghnóthú do Bhonneagar Leathanbhanda Náisiúnta Éireann
- Is mó an sciar dá bhonneagar fisiciúil atá á ligean ar cíos ag Bonneagar Leathanbhanda Náisiúnta Éireann ná an sciar a bhí beartaithe. Tá 97% de na cuaillí a úsáideann sé á ligean ar cíos aige (i gcomparáid le 90%, mar a bhí beartaithe), tá an méid duchta atá á ligean ar cíos aige 29% níos mó ná mar a bhí beartaithe, agus tá an méid bonneagair atá á thógáil aige 52% níos lú ná mar a bhí beartaithe. Tá an fhionnachtain sin ag teacht leis an moladh a rinneadh sa chinneadh Státchabhrach á rá go mbainfeadh Bonneagar Leathanbhanda Náisiúnta Éireann athúsáid as bonneagar oiriúnach atá ann cheana chun dúbláil dhiomailteach neamhriachtanach acmhainní a sheachaint
An Plean Náisiúnta Leathanbhanda – d’Éirinn
An Straitéis um Nascacht Dhigiteach
I mí na Nollag 2022, d’fhoilsigh an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide an Straitéis um Nascacht Dhigiteach d’Éirinn. Sa Straitéis sin, tacaítear leis an uaillmhian atá leagtha amach sa Straitéis Náisiúnta Dhigiteach agus leagtar amach roinnt spriocanna uaillmhianacha, lena n-áirítear spriocanna á rá:
- go mbeidh gach teaghlach agus gnólacht Éireannach cumhdaithe le líonra Gigighiotáin tráth nach déanaí ná an bhliain 2028
- go mbeidh gach limistéar a bhfuil cónaí iontu cumhdaithe le 5G tráth nach déanaí ná an bhliain 2030; agus
- go soláthrófar nascacht dhigiteach do gach scoil agus do gach nascphointe leathanbhanda faoin mbliain 2023
An Plean Náisiúnta Leathanbhanda
Tá an Plean Náisiúnta Leathanbhanda ina chroí-eilimint den Straitéis um Nascacht Dhigiteach a chur chun feidhme. Tacóidh an fháil ar nascacht dhigiteach iontaofa ardluais le huaillmhianta geilleagracha agus sóisialta na hÉireann a chomhlíonadh, agus cabhróidh sí lena chinntiú go mbeidh Éire ar thús cadhnaíochta forbairtí digiteacha Eorpacha agus domhanda.
Tá an rialtas ag obair chun a shocrú go mbeidh gach teaghlach agus gnólacht Éireannach cumhdaithe le líonra Gigighiotáin tráth nach déanaí ná an bhliain 2028 agus go mbeidh gach limistéar a bhfuil cónaí iontu cumhdaithe le 5G tráth nach déanaí ná an bhliain 2030.
Is trí infheistíocht tráchtála ón tionscal teileachumarsáide a sholáthrófar an chuid is mó den nascacht dhigiteach ar fud an Stáit. Comhlánófar é sin trí shnáithín a chur i bhfeidhm, ar fud limistéir thuaithe go príomha, faoin bPlean Náisiúnta Leathanbhanda atá á fhóirdheonú ag an Stát.
Síníodh an conradh don Phlean Náisiúnta Leathanbhanda an 19 Samhain 2019, agus foráiltear leis go ndéanfaidh Leathanbhanda Náisiúnta Éireann líonra leathanbhanda ardluais atá in ann seasamh i bhfad na haimsire a imscaradh do dhaoine a chónaíonn agus a oibríonn sa limistéar idirghabhála. Táthar ag súil leis go ndéanfar thart ar 600,000 áitreabh in-nasctha, lena n-áireofar foirgnimh nua.
I líonra an Phlean Náisiúnta Leathanbhanda, tairgfear d’áitribh sa Limistéar Idirghabhála seirbhís leathanbhanda snáithín ardluais lena ngabhann luas íosta íoslódála 500 Mbps ó thús. Tá an líonra in ann seasamh i bhfad na haimsire agus luasanna suas le 10 Gbps a sholáthar.
Tá an Clár seo ar an tionscadal bonneagair is mó i gceantar tuaithe na hÉireann ó leictriú na tuaithe, agus cuimsítear ann 96% de mhais talún na hÉireann. Leis an gClár, tá leathanbhanda gasta iontaofa á sholáthar trí 140,000 ciliméadar de chábla snáithín a leagan, agus úsáid á baint as níos mó ná 1.5 milliún cuaille agus as breis agus 16,500 ciliméadar de líonraí duchta faoi thalamh.
Tógáil Líonra Leathanbhanda Náisiúnta Éireann go dtí seo (tá na sonraí ceart suas go dtí an 25 Deireadh Fómhair 2024)
- Cuireadh dearaí i gcrích do bhreis agus 529,200 áitreabh ar fud na gcontaetha uile
- Rinneadh breis agus 304,600 áitreabh in-nasctha ar fud na gcontaetha uile
- Nascadh breis agus 102,600 áitreabh
- Is féidir le breis agus 328,300 áitreabh seirbhís a ordú nó a réamhordú ar fud na gcontaetha uile
- Tá príomhoibreacha tógála á ndéanamh ar bhreis agus 348,300 áitreabh
- Tá 955 Nascphointe Leathanbhanda suiteáilte
- Tá 72 Sholáthraí Seirbhíse Miondíola conraithe chuig Leathanbhanda Náisiúnta Éireann
- Tá Soláthraithe Seirbhíse Miondíola ag díol go gníomhach ar líonra Leathanbhanda Náisiúnta Éireann, agus breis agus 328,300 áitreabh in ann seirbhís a ordú nó a réamhordú ar fud 26 chontae
- Tá muinín ag Leathanbhanda Náisiúnta Éireann go fóill gur féidir leis tógáil an líonra a chur i gcrích laistigh den tréimhse chonraithe agus laistigh den bhuiséad. Le déanaí, d’éirigh le Leathanbhanda Náisiúnta Éireann an sprioc a bhí aige a shárú, ba é sin 300,000 áitreabh a dhéanamh in-nasctha faoi dheireadh na bliana 2024. Tá 54% de na háitribh sa Limistéar Idirghabhála in-nasctha anois mar gheall ar líonra an Phlean Náisiúnta Leathanbhanda
Nascphointí Straitéiseacha
Tá Nascphointí Straitéiseacha ina n-eilimint thábhachtach den Phlean Náisiúnta Leathanbhanda. Leis na pointí sin, tá leathanbhanda ardluais á sholáthar i ngach contae roimh chur i bhfeidhm an líonra snáithín chuig an mbaile. Cuireadh an tseirbhís leathanbhanda ardluais ar siúl sna láithreacha sin trí chonarthaí atá i bhfeidhm le soláthraithe seirbhíse. Is í an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail a bhainistíonn na conarthaí sin i gcás láithreáin a bhfuil rochtain ag an bpobal orthu, agus is í an Roinn Oideachais a bhainistíonn iad i gcás nascphointí atá lonnaithe i scoileanna.
Suiteáladh gach ceann de na 955 láithreán Nascphointe Straitéisigh roimh dheireadh na bliana 2023.
Is láithreáin Nascphointe Leathanbhanda a bhfuil rochtain ag an bpobal orthu agus atá nasctha le leathanbhanda ardluais iad 283 cinn de na láithreáin sin. Láithreáin a bhfuil rochtain ag an bpobal orthu agus ar suiteáladh iad is ea na Nascphointí Leathanbhanda sin, agus cuireadh seirbhís leathanbhanda ardluais gan sreang ar siúl sna láithreacha sin trí chonarthaí atá i bhfeidhm le soláthraithe seirbhíse. Is í an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail a bhainistíonn na conarthaí sin.
Tá nasc suiteáilte i ngach ceann de na 672 Scoil Náisiúnta laistigh den Limistéar Idirghabhála, agus tá siad réidh lena nascadh.