Tionólann an tAire Dooley an tríú cruinniú grúpa idirghníomhaireachta i ndáil le básmhaireacht éisc ar an Dubhabhainn
- Foilsithe: 3 Deireadh Fómhair 2025
- An t-eolas is déanaí: 3 Deireadh Fómhair 2025
Thionóil an tAire Stáit atá freagrach as Iascaigh agus Muir, Timmy Dooley, an tríú cruinniú inniu de ghrúpa idirghníomhaireachta atá ag comhoibriú chun cúis bhásmhaireacht éisc i ndobharcheantar na Dubhabhann a fháil amach. Tagann sé seo i ndiaidh dara cruinniú an ghrúpa a tionóladh Dé Luain. Bunaíodh an grúpa ar threoir an Aire agus tá sé á chomhordú ag Iascaigh Intíre Éireann (IIÉ).
D’fhreastail IIÉ, Comhairle Contae Chorcaí, an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (GCC), Clár Uisce na nÚdarás Áitiúil (LAWPRO), an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (SPNF), FSS, Foras na Mara, agus Uisce Éireann – mar aon le hionadaithe ó ranna rialtais – ar an gcruinniú. Tugadh na sonraí is déanaí don ghrúpa ar an obair leanúnach chun cúis na mbásanna éisc a fháil amach. Tagann sé seo i ndiaidh do thuarascálacha teicniúla a fhoilsiú ó Fhoras na Mara agus ón GCC maidir le tástálacha saotharlainne, tuarascálacha víreolaíochta agus cuairteanna ar an láithreán. Tá torthaí na dtuarascálacha seo á scrúdú go fóill, agus tá fiosrúcháin ar siúl chun an chúis a fháil amach. Tá gach comhlacht ag obair le chéile chun an fiosrúchán leanúnach a chur chun cinn agus chun dul chun cinn a dhéanamh air.
Tá cigirí an GCC tar éis a bhfiosrúcháin a dhíriú ar na háiseanna seo a leanas atá rialaithe ag an GCC i ndobharcheantar na Dubhabhann:
- 10 suíomh tionsclaíoch ceadúnaithe
- 17 scaoileadh fuíolluisce (8 gcinn acu a bhfuil ceadúnais urscaoilte fuíolluisce acu agus naoi gcinn acu a bhfuil deimhnithe údarúcháin acu)
- 2 ghléasra uisce óil a úsáideann ceimiceáin le haghaidh téachta agus flocasúcháin
Ní raibh roinnt suíomhanna ceadúnaithe ag comhlíonadh coinníollacha ceadúnais áirithe le linn na tréimhse, agus tá gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin ar leithligh ina leith sin. Mar sin féin, go dtí seo, níor aithin an GCC nasc cúisíoch idir sceitheadh ó na háiseanna atá rialaithe ag an GCC agus an bás éisc.
Mar chuid den fhiosrúchán, leanann an GCC de bheith ag déanamh tuilleadh cigireachtaí, lena n-áirítear measúnú ar shonraí monatóireachta ar áiseanna rialaithe sa cheantar seo.
Tá IIÉ, GCC, agus Comhairle Contae Chorcaí ag leanúint ar aghaidh le sampláil a dhéanamh ar mhaicrinveirteabrach san abhainn. Rinne IIÉ suirbhé teoranta ar leictriascaireacht mar chuid dá gcuid fiosrúcháin, agus tá siad ag leanúint ar aghaidh le cigireachtaí gnáthóige sa cheantar freisin. Ina theannta sin, tá siad ag fanacht le torthaí anailíse ar 28 eiseamal éisc chun láithreacht fhéideartha miotail throma, ceimiceán, nó lotnaidicídí ina gcórais a bhrath. Táthar ag súil go mbeidh torthaí na samplaí seo ar fáil an tseachtain seo chugainn.
Tá tacaíocht imscrúdaitheach á cur ar fáil ag Comhairle Contae Chorcaí don IIÉ ó tuairiscíodh an teagmhas, lena n-áirítear monatóireacht laethúil ar riocht an uisce ar fud an dobharcheantair.
Déanann Uisce Éireann monatóireacht ar sholáthairtí uisce óil de réir cheanglais na Rialachán um Uisce Óil. Taispeántar leis na torthaí monatóireachta ó ghléasra cóireála uisce Mhala go dtí seo go bhfuil an t-uisce sábháilte le hól. Tá monatóireacht á déanamh agus dhéanfaí athbhreithniú láithreach ar aon teagmhas nó torthaí samplach a theipeann orthu agus dhéanfaí measúnú riosca orthu chun a chinneadh an raibh gá le dul i gcomhairle leis an FSS, agus thuairisceofaí chuig an GCC iad.
Ag labhairt i ndiaidh an chruinnithe, dúirt an tAire Dooley:
"Ó mo rannpháirtíocht le hiascairí ag ár gcruinniú baile le déanaí i Mala, tuigim an tionchar ollmhór a bhí ag an teagmhas seo ar phobail áitiúla agus ar úsáideoirí na Dubhabhann. Táimid ag obair i gcomhar le chéile chun an oiread agus is féidir linn a fhoghlaim chun an riosca go dtarlóidh an cineál seo imeachta arís a íoslaghdú. Táimid ag leanúint ar aghaidh de bheith ag obair le saineolaithe eolaíochta agus comhshaoil ar fud ár ngníomhaireachtaí uile chun cúis an teagmhais uafásaigh seo a fháil amach. I bhfianaise chastacht agus scála na hoibre seo, tá sé tábhachtach go mbeimis cúramach gan bheith ag tuairimíocht chúiseanna féideartha go dtí go mbeidh na sonraí go léir ar fáil againn chun measúnuithe bunaithe ar fhianaise a dhéanamh. Tá na gníomhaireachtaí uile lena bhaineann ag plé le páirtithe leasmhara ábhartha, agus leanfaidh siad orthu de bheith ag soláthar sonraí agus faisnéise nuashonraithe de réir mar a bheidh siad ar fáil, agus táim ag tabhairt na sonraí is déanaí do chomhghleacaithe rialtais de réir mar a théann an fiosrúchán ar aghaidh."
CRÍOCH