Tugann an tAire Dooley faoi deara foilsiú tuilleadh tuarascálacha agus torthaí tástála, i ndáil le básmhaireacht éisc ar an Dubhabhainn
- Foilsithe: 3 Deireadh Fómhair 2025
- An t-eolas is déanaí: 3 Deireadh Fómhair 2025
Thug an tAire Stáit Timmy Dooley faoi deara an foilsiú – ar shuíomh gréasáin Iascaigh Intíre Éireann (IIÉ) – tuilleadh tuarascálacha ina sonraítear monatóireacht agus tástáil, i ndiaidh bhásmhaireacht na n-iasc ar an Dubhabhainn.
Áirítear sna tuarascálacha torthaí ó thástálacha fáthmheasa Fhoras na Mara mar aon le torthaí nuashonraithe víreolaíochta. Áirítear leo freisin tástálacha saotharlainne na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil (GCC) agus tuarascálacha cuairte láithreáin/faireacháin.
Faoi stiúradh an Aire, bhuail IIÉ, Comhairle Contae Chorcaí, an GCC, Foras na Mara, agus Uisce Éireann le chéile i rith na seachtaine – chun feabhas a chur ar chomhoibriú gníomhaireachtaí Stáit chun cúis na mbásanna éisc i ndobharcheantar na Dubhabhann a fháil amach. Tá na comhlachtaí uile ag obair le chéile – chun an fiosrúchán atá ar siúl a chur chun cinn agus chun dul chun cinn a dhéanamh air.
Tá IIÉ, atá ag comhordú an ghrúpa idirghníomhaireachta, i mbun dlúth-theagmháil le gach comhlacht Stáit faoin ábhar, agus leanann sé de bheith ag tabhairt an t-eolas is déanaí don Aire Dooley agus d’oifigigh sa Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil.
Buailfidh na 5 ghníomhaireacht Stáit le chéile arís go luath an tseachtain seo chugainn.
Is féidir na tuarascálacha/torthaí a fheiceáil ar shuíomh gréasáin IIÉ.
CRÍOCH