Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Athdhearbhaíonn an tAire O'Brien agus an tAire Archibald an tiomantas trasteorann don Idirnascaire Thuaidh-Theas

Tá Darragh O'Brien, an tAire Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil, tar éis tiomantas Rialtas na hÉireann don Idirnascaire Thuaidh-Theas a athdhearbhú in éineacht le Caoimhe Archibald, an tAire Geilleagair, a bhí ag déanamh ionadaíocht d’Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann.

Ag labhairt dó ag Comhdháil Fuinnimh Éireann i bPáirc an Chrócaigh, leag an tAire O'Brien béim ar a thábhachtaí atá an tionscadal:

"Ócáid den scoth a bhfuil díriú láidir uile-oileáin aici is ea Comhdháil Fuinnimh Éireann. Ag gníomhú dom thar ceann Rialtas na hÉireann, tá an-áthas orm dul i bpáirt leis an Aire Archibald chun ár dtiomantas comhroinnte don Idirnascaire Thuaidh-Theas a athdhearbhú, faoi mar a toilíodh.

"Tá fonn soiléir comhroinnte ann an tionscadal seo a chur ar aghaidh mar gheall ar na tairbhí suntasacha a sholáthróidh sé do thomhaltóirí agus gnólachtaí ar fud an oileáin a mhéid a bhaineann le costais leictreachais agus slándáil fuinnimh. Tá rún daingean ag an mbeirt dínn dul ar aghaidh leis an tógáil a luaithe is féidir."

Leag na hAirí béim ar a ríthábhachtaí atá tionscadail eangaí leictreachais, amhail an tIdirnascaire Thuaidh-Theas, maidir le hinacmhainneacht fuinnimh a fheabhsú, maidir le slándáil fuinnimh a mhéadú agus maidir le hastaíochtaí a laghdú ar fud oileán na hÉireann.

CRÍOCH

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat