Fógraíonn an tAire O'Brien agus an tAire McCarthy ón Ríocht Aontaithe fadú ar an gcomhaontú um chomhar fuinnimh
- Foilsithe: 16 Iúil 2025
- An t-eolas is déanaí: 16 Iúil 2025
Rinne Darragh O'Brien, an tAire Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil, agus Kerry McCarthy, Aire Aeráide na Ríochta Aontaithe ón Roinn um Shlándáil Fuinnimh agus Aeráidneodracht, fadú a shíniú inniu ar Mheabhrán Tuisceana fuinnimh atá ann cheana, ar dá bharr a thiocfaidh méadú ar an gcomhar idir an dá thír maidir leis an aistriú fuinnimh.
Leis an bhfadú, cuirtear le Meabhrán Tuisceana a shínigh an dá thír sa bhliain 2023, agus é ag baint le 'Comhar i leith an Aistrithe Fuinnimh, Foinsí Fuinnimh In-athnuaite Amach ón gCósta agus Idirnasc Leictreachais'. Ó síníodh sa bhliain 2023 é, éascaíodh leis an Meabhrán Tuisceana comhar méadaithe idir Éire agus an Ríocht Aontaithe i réimsí sonracha laistigh den aistriú fuinnimh i gcoitinne. Tionóladh roinnt cruinnithe grúpa oibre idir oifigigh bheartais na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann, agus idir a nAirí faoi seach, maidir le comhar fuinnimh agus comhroinnt faisnéise mar thoradh ar an Meabhrán Tuisceana sin freisin.
Eascraíonn na réimsí nua comhair sa bhreis as plé a tionóladh ag an gcéad Chruinniú Mullaigh idir an Ríocht Aontaithe agus Éire i mí an Mhárta, áit ar comhaontaíodh clár fadréimseach um chomhar straitéiseach nua agus feabhsaithe idir Éire agus an Ríocht Aontaithe.
Mar thoradh ar an bhfadú nua, beidh comhar agus comhroinnt faisnéise ann sna réimsí breise seo a leanas:
- na cineálacha cur chuige faoi seach i leith tionscail a dhícharbónú, lena n-áireofar bearta chun iomaíochas gnólachtaí a chinntiú, agus laghdú a dhéanamh ar an riosca go mbeadh sceitheadh carbóin ann
- dícharbónú foirgneamh, lena n-áireofar díriú ar an aistriú cóir i dtreo cineálacha téimh níos glaine agus i dtreo éifeachtúlacht fuinnimh níos fearr, ar mhaithe le tithe teo a sholáthar agus inacmhainneacht fuinnimh a choinneáil ar bun do theaghlaigh agus do ghnólachtaí
- breithniú idir na rannpháirtithe agus na geallsealbhóirí ábhartha ar conas is fearr is féidir a chinntiú go mbainfidh pobail tairbhe as bonneagar fuinnimh a shuiteáil
- bonneagar tarchurtha agus stórála hidrigine, áit a gcuirfear leis an gcomhar atá ar bun cheana idir na hoileáin maidir le slabhraí luacha hidrigine in-athnuaite agus ísealcharbóin a fhorbairt
Tar éis an tsínithe, thionóil an tAire O'Brien agus an tAire McCarthy cruinniú i mBaile Átha Cliath chun plé a dhéanamh ar uaillmhianta i réimse an fhuinnimh i gcoitinne, agus inacmhainneacht fuinnimh ar cheann de na príomh-mhíreanna ar an gclár oibre.
Ag fáiltiú dó roimh fhógairt an tsínithe ar an Meabhrán Tuisceana, dúirt an tAire O'Brien:
"Tá an Ríocht Aontaithe ar cheann amháin de na comhpháirtithe fuinnimh is tábhachtaí atá againn, agus tá dea-chomhar i réimse an fhuinnimh ar bun idir an dá thír cheana féin. Ó shíniú ár gcomhaontaithe fuinnimh leis an Ríocht Aontaithe sa bhliain 2023, neartaíomar ár gcomhpháirtíochtaí fuinnimh i leith réimsí ríthábhachtacha laistigh den aistriú fuinnimh. Tá áthas ar leith orm go mbeimid in ann ár gcomhar a leathnú chuig réimsí tábhachtacha sa bhreis anois.
"Tá an comhoibriú athnuaite lenár gcomharsana sa Ríocht Aontaithe ag tarlú i ndomhan athraitheach éiginnte. Tá margaí fuinnimh ag oibriú faoi láthair i ndomhan a bhíonn ag éirí níos casta i gcónaí, de réir mar a leanann siad le déileáil leis an gcogadh idir an Rúis agus an Úcráin, leis an ngéarchéim sa Mheánoirthear agus le hardbhoilsciú leanúnach. Rinneadh an comhaontú seo freisin i bhfianaise sraith rabhadh aeráide le déanaí, agus tugadh faoi deara sa rabhadh is déanaí go bhfuil iarthar na hEorpa tar éis an Meitheamh is teo a bhí aige riamh a thaifeadadh. Tá sé níos tábhachtaí anois ná riamh ár gcórais fuinnimh a dhícharbónú agus bogadh ar shiúl ó bhreoslaí iontaise."
Dúirt Kerry McCarthy, Aire Aeráide na Ríochta Aontaithe:
"Mar cheann amháin de na comharsana agus na comhghuaillithe is gaire atá againn, is ag Éirinn agus ag an Ríocht Aontaithe atá comhspriocanna maidir leis an ngá atá le fuinneamh glan dúchasach a dhaingniú agus deireadh a chur lenár spleáchas ar mhargaí éagobhsaí breoslaí iontaise.
"Tá comhaontú an lae inniu ina léiriú ar neart leantach ár gcaidrimh i réimse an fhuinnimh agus na haeráide. Tá lúcháir orainn seasamh le hÉirinn mar cheannaire aeráide, ar mhaithe leis na glúnta atá le teacht a chosaint agus fás agus slándáil fuinnimh a sholáthar do mhuintir na Breataine agus na hÉireann."
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
Meabhráin Tuisceana idir Éire agus an Ríocht Aontaithe maidir le comhar fuinnimh
An 11 Meán Fómhair 2023, shínigh Éire agus an Ríocht Aontaithe dhá Mheabhrán Tuisceana maidir le comhar fuinnimh.
Leis an gcéad Mheabhrán Tuisceana, a bhaineann le ‘Comhar i leith an Aistrithe Fuinnimh, Foinsí Fuinnimh In-athnuaite Amach ón gCósta agus Idirnasc Leictreachais’, éascaítear méadú sa chomhroinnt faisnéise idir Éire agus an Ríocht Aontaithe ar an aistriú chuig foinsí fuinnimh in-athnuaite agus ar imscaradh fuinnimh in-athnuaite ar talamh agus amach ón gcósta, lena n-áirítear hidrigin in-athnuaite agus ísealcharbóin. Rud tábhachtach, éascaítear leis an Meabhrán Tuisceana sin freisin méadú sa chomhar atá dírithe go sonrach ar dheiseanna le haghaidh idirnasc leictreach breise idir oileán na hÉireann agus an Bhreatain Mhór a iniúchadh.
Leis an dara Meabhrán Tuisceana, a bhaineann le 'Comhar le haghaidh Shlándáil an tSoláthair Gáis Nádúrtha', léirítear an caidreamh fuinnimh idir Éire agus an Ríocht Aontaithe, ar caidreamh é a bhíonn ag éirí níos cuidithí i gcónaí. Is é cuspóir an Mheabhráin Tuisceana sin treisiú leis na cleachtais agus leis an gcomhar atá ar bun idir an dá Stát agus idir na ranna ábhartha maidir le slándáil an tsoláthair gáis nádúrtha. Leagtar amach ann an dóigh a n-oibreoidh an dá Stát le chéile i gcás laghdú nó cur isteach ar an soláthar.