Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Seolann an tAire O'Brien an Tascfhórsa Náisiúnta um Inacmhainneacht Fuinnimh

Rinne Darragh O'Brien, an tAire Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil, cathaoirleacht ar an gcéad chruinniú de chuid an Tascfhórsa Náisiúnta um Inacmhainneacht Fuinnimh inniu. Bunaíodh an Tascfhórsa chun bearta a shainaithint agus a chur chun feidhme chun feabhas a chur ar inacmhainneacht fuinnimh do theaghlaigh agus do ghnólachtaí. Cuimsíonn an Tascfhórsa ionadaithe ó gach cearn den rialtas agus príomh-gheallsealbhóirí ón earnáil fuinnimh.

Tá sé ríthábhachtach aistriú chuig córas fuinnimh ghlain ionas go mbeimid in ann ár spriocanna aeráide a chomhlíonadh, laghdú a dhéanamh ar spleáchas na hÉireann ar allmhairí breoslaí iontaise, agus ár slándáil fuinnimh agus ár neamhspleáchas fuinnimh a threisiú. Is é an toradh deiridh a bheidh air sin ná costais a laghdú agus tomhaltóirí a chosaint ar luaineacht praghsanna.

Cé go mbeidh infheistíochtaí suntasacha ag teastáil chun an bunathrú fuinnimh sin atá faoi threoir ag foinsí fuinnimh in-athnuaite a dhéanamh, ní mór tús áite a thabhairt do na hinfheistíochtaí sin ar mhaithe le córas níos glaine, níos iontaofa agus níos sláine a thógáil a oibreoidh do na glúnta atá le teacht. Aithnítear an dúshlán sin i gClár an Rialtais, agus gealltar ann tús áite a thabhairt d’infheistíocht sa chóras fuinnimh ar mhodh a mhéadaíonn slándáil agus inacmhainneacht do thomhaltóirí agus do ghnólachtaí. Tá sainchúram an Tascfhórsa seo fréamhaithe sa dúshlán a bhaineann le dul i ngleic leis an méadú ar chostais fuinnimh do thomhaltóirí. Tá sé fréamhaithe freisin in earnáil fuinnimh na hÉireann a dhícharbónú agus san éileamh méadaitheach ar leictreachas a bhainistiú an tráth céanna.

Agus é ag seoladh an Tascfhórsa, dúirt an tAire O'Brien:

"Rinneamar dul chun cinn suntasach go dtí seo ar aistriú i dtreo córas fuinnimh níos glaise, rud a mbeidh mórthairbhí aeráide, geilleagracha agus sóisialta ag baint leis sna blianta amach romhainn. Aithníonn obair an Tascfhórsa seo na dúshláin atá le sárú againn ionas gur féidir linn leanúint ar aghaidh leis an dul chun cinn sin. Cinntíonn sí freisin gur féidir le teaghlaigh agus le gnólachtaí freastal ar chostais i rith na hidirthréimhse. Is gá dúinn beartais a ghlacadh a rachaidh chun tairbhe do thomhaltóirí sa ghearrthéarma agus athchóirithe a chur chun feidhme chun a chinntiú go ndáilfear costais chórais fuinnimh go cothrom sna blianta amach romhainn.

"Tuigim an brú atá ar a lán teaghlach agus gnólachtaí mar gheall ar phraghsanna reatha fuinnimh. Áireofar le hobair an Tascfhórsa athbhreithniú iomlán a dhéanamh ar spreagthaí costais laistigh den earnáil fuinnimh, mar aon le breithniú a dhéanamh ar conas is féidir Plean Gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh um Fhuinneamh Inacmhainne agus an treoir ghaolmhar a chur chun feidhme i gcomhthéacs na hÉireann. Beidh an Tascfhórsa ina ghné ríthábhachtach de na hiarrachtaí a dhéanfaidh an rialtas iomaíochas náisiúnta a fheabhsú, na daoine is leochailí sa tsochaí a chosaint ar an méadú ar chostais fuinnimh, agus a chinntiú go mbainfidh tomhaltóirí na hÉireann tairbhe as an aistriú fuinnimh."

Áirítear iad seo a leanas leis na croíchuspóirí atá ag an Tascfhórsa:

  • athbhreithniú a dhéanamh ar spreagthaí praghais laistigh d’earnáil fuinnimh na hÉireann d’fhonn athchóirithe struchtúrtha a shainaithint agus meastóireacht a dhéanamh ar an dóigh a ndáiltear costais laistigh den chóras fuinnimh
  • plean eatramhach a dhréachtú chun bearta gearrthéarmacha a shainaithint ar mhaithe le tacaíocht a thabhairt do thomhaltóirí fuinnimh roimh Bhuiséad 2026
  • comhairliúchán poiblí a sheoladh chun a chinntiú go mbeidh tosaíochtaí an Tascfhórsa bunaithe ar ionchur ón bpobal agus ó gheallsealbhóirí
  • plean Gníomhaíochta Náisiúnta um Inacmhainneacht Fuinnimh a fhoilsiú, rud lena n-áireofar bearta agus athchóirithe struchtúrtha don mheántéarma agus don fhadtéarma chun costais a ísliú do theaghlaigh agus do ghnólachtaí

Déanfar téarmaí tagartha an Tascfhórsa Náisiúnta um Inacmhainneacht Fuinnimh agus miontuairiscí an chruinnithe tionscnaimh a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin na Roinne Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil sna laethanta amach romhainn.

CRÍOCH


Nótaí don Eagarthóir

Comhaltas

Beidh an Tascfhórsa faoi chathaoirleacht ag an Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil, agus cuimsíonn sé comhaltaí ó na heagraíochtaí seo a leanas:

  • Roinn an Taoisigh
  • An Roinn Fiontar, Turasóireachta agus Fostaíochta
  • An Roinn Airgeadais
  • An Roinn Caiteachais Phoiblí, Bonneagair, Athchóiriúcháin Seirbhíse Poiblí agus Digitiúcháin
  • An Roinn Coimirce Sóisialaí
  • An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta
  • An Coimisiún um Rialáil Fóntais (CRU)
  • Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI)
  • An Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (ESRI)
  • Líonraí BSL
  • EirGrid
  • Líonraí Gáis Éireann

Caidreamh le geallsealbhóirí

Tacófar le clár oibre an Tascfhórsa trí phróiseas um chaidreamh leanúnach le geallsealbhóirí iomchuí, lena n-áirítear comhlachtaí tionscail, soláthraithe, agus eagraíochtaí neamhrialtasacha.