Faigheann an tAire O'Brien ceadú ón rialtas le haghaidh an Bhille um Oibleagáid Teasa In-athnuaite, 2025
- Foilsithe: 23 Iúil 2025
- An t-eolas is déanaí: 23 Iúil 2025
Fuair Darragh O'Brien, an tAire Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil, tacaíocht ón rialtas le haghaidh an Scéim um Oibleagáid Teasa In-athnuaite a thabhairt isteach, agus fuair sé ceadú ón rialtas freisin chun tús a chur le dréachtú an Bhille um Oibleagáid Teasa In-athnuaite, 2025. Beidh an Bille ina bhunús reachtach leis an scéim a riar an bhliain seo chugainn (2026).
Tá an Oibleagáid Teasa In-athnuaite le bheith i bhfeidhm go dtí an bhliain 2045 agus cuirfear oibleagáid ar sholáthraithe breoslaí iontaise leis a thaispeáint gur ó fhoinse in-athnuaite a thagann cion den fhuinneamh a sholáthraíonn siad. Tacóidh sé sin le laghduithe ar astaíochtaí inár n-earnáil teasa agus rannchuideoidh sé go mór lenár spriocanna náisiúnta aeráide agus fuinnimh a bhaint amach.
Ós rud é go n-allmhairíonn Éire an chuid is mó dá breoslaí iontaise, rannchuidíonn an earnáil téimh go mór le hardspleáchas na hÉireann ar allmhairí fuinnimh. Leis an Oibleagáid Teasa In-athnuaite, cabhrófar leis an spleáchas atá againn ar bhreoslaí iontaise allmhairithe a laghdú agus lenár slándáil fuinnimh a neartú.
Tacú lenár n-earnáil dhúchasach bithmheatáin
De bhreis ar dhréachtú tosaíochta an Bhille a cheadú, d’athdhearbhaigh an rialtas a thiomantas do thacú leis an earnáil dhúchasach bithmheatáin freisin. Sainaithníodh bithmheatán mar phríomhbhreosla in-athnuaite faoin scéim, agus déanfaidh sé rannchuidiú mór de réir mar a fhéachaimid le soláthar gáis na hÉireann a éagsúlú. Tarlóidh táirgeadh bithmheatáin den chuid is mó i limistéir thuaithe, agus an acmhainneacht ann earnáil atá ar scála suntasach a fhorbairt chun dul chun tairbhe don gheilleagar tuaithe in Éirinn.
Áirítear leis an mBille beart sonrach chun tacaíocht a thabhairt do bhithmheatán a tháirgtear go dúchasach, agus páirtithe faoi oibleagáid á spreagadh chun soláthairtí a fháil ó tháirgeoirí intíre. Beidh an beart sin faoi réir fógra foirmiúil ar leibhéal an Aontais Eorpaigh agus beidh gá le húdar maith a thabhairt lena chur ar áireamh. I gcomhthráth leis an bpróiseas dréachtaithe, rachaidh an Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil i dteagmháil le Coimisiún an Aontais Eorpaigh chun a chinntiú go gcomhlíonfar rialacha Mhargadh Aonair an Aontais Eorpaigh.
Bunaithe ar anailís fhairsing agus ar chaidreamh le geallsealbhóirí, leagtar amach i gCinn Bhille an Bhille um Oibleagáid Teasa In-athnuaite feidhmeanna agus forálacha riachtanacha an riarthóra scéime a ceapadh le déanaí, mar atá an Ghníomhaireacht Chúltaca Ola Náisiúnta (NORA). Tugtar mionsonraí sa Bhille faoi rátaí oibleagáide tosaigh a bheidh cothrom le 1.5% sa chéad bhliain agus le 3% sa dara bliain. Cé nár socraíodh aon spriocleibhéal deiridh go fóill, meastar go dtiocfaidh méaduithe uaillmhianacha ar rátaí oibleagáide tar éis athbhreithniú iomlán ar fheidhmíocht na scéime agus ar an margadh sa tríú bliain.
Dúirt an tAire O'Brien:
"Cuirim fáilte roimh an tacaíocht a léiríodh do thabhairt isteach na hOibleagáide Teasa In-athnuaite agus roimh an ionchur a fuarthas ó phríomh-gheallsealbhóirí mar chuid den phróiseas deartha le roinnt blianta anuas. Bhí faisnéis luachmhar ar fáil sna léargais a cuireadh in iúl – rud a chinntíonn go soláthraímid an leibhéal riachtanach tacaíochta dár margaí breoslaí in-athnuaite atá ag teacht chun cinn agus go mbainistímid an tionchar iarmhartach ar thomhaltóirí deiridh go cuí.
"De réir mar a thosaímid ar an bpróiseas dréachtaithe le linn na míonna beaga atá romhainn, tá sé beartaithe ag mo chuid oifigeach leanúint den chaidreamh leanúnach atá ar bun ar leibhéal an Aontais Eorpaigh chun a chinntiú go mbeidh an scéim ailínithe go hiomlán le prionsabail trádála an Aontais Eorpaigh.
"Cabhróidh ceadú na Scéime Ginearálta ag an rialtas anois le hinfheistíocht inár dtionscal breoslaí in-athnuaite intíre, rud a chruthóidh poist go hindíreach, go háirithe ar fud gheilleagar tuaithe na hÉireann, rud a chabhróidh le pobail tuaithe a spreagadh agus a choimeád ag imeacht."
CRÍOCH