Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Faigheann an tAire O'Brien ceadú ón rialtas le haghaidh ceadúnú tionsclaíoch agus dramhaíola na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil a chuíchóiriú

Leis an reachtaíocht nua, soláthrófar níos mó cinnteachta maidir leis an tréimhse ama le haghaidh cinntí ar iarratais don earnáil fuinnimh, don earnáil bia, don earnáil cógaisíochta, don earnáil ceimiceán agus don earnáil dramhaíola

Fuair Darragh O'Brien, an tAire Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil, ceadú ón gComh-Aireacht an tseachtain seo le haghaidh fhoilsiú an Bhille Comhshaoil (Forálacha Ilghnéitheacha). Leis an reachtaíocht nua sin, soláthrófar níos mó cinnteachta maidir leis an tréimhse ama le haghaidh cinntí ar iarratais ar cheadúnais ón nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil don earnáil fuinnimh, don earnáil bia, don earnáil cógaisíochta, don earnáil ceimiceán, don earnáil dramhaíola agus d’earnálacha tionsclaíocha eile.

Leis an mBille Comhshaoil (Forálacha Ilghnéitheacha), tugtar cumhachtaí chun tréimhsí ama a fhorordú le haghaidh cinntí ceadúnúcháin ón nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil, mar aon le níos mó roghanna a sholáthar don Ghníomhaireacht chun mionathruithe ar cheadúnais thionsclaíocha a rialáil go héifeachtúil.

Áirítear na nithe seo a leanas leis na fadhbanna a sainaithníodh a bheith ag baint leis an reachtaíocht reatha lena rialaítear an córas ceadúnaithe:

  • níl aon tréimhse ama chinnte ann a ndéantar cinntí ar iarratais/athbhreithnithe ar cheadúnais laistigh di
  • tá sé ag tógáil níos mó ama ná an tréimhse bharrmhaith chun cinntí a dhéanamh; agus
  • fiú amháin i gcás mionathruithe beartaithe ar láithreán, ní mór athbhreithniú a dhéanamh ar an gceadúnas iomlán (ní hé amháin go ndéantar scrúdú ar na gnéithe a bhaineann le mionathrú beartaithe, ach déantar scrúdú ar an gceadúnas iomlán freisin)

Ag labhairt dó faoi na forbairtí, dúirt an tAire O'Brien:

"Leis an reachtaíocht, leanfar dár gcomhshaol a chosaint agus dá chinntiú go bhfuil ár ndlíthe cuí agus comhréireach a mhéid a bhaineann le gníomhaíocht thionsclaíoch a rialáil.

"Is é an toradh a bheidh ar thréimhsí ama atá cinnte agus níos giorra a thabhairt isteach le haghaidh cinntí ar cheadúnais ná go soláthrófar níos mó cinnteachta le haghaidh infheistíochta. Dá réir sin, cuirfear borradh faoin bhforbairt inbhuanaithe, éascófar gníomhaíocht eacnamaíoch agus feabhsófar ár n-iomaíochas."

Ceadúnais ón nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil atá ann cheana

Tá thart ar 900 ceadúnas ón nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil i bhfeidhm in Éirinn, ar ceadúnais iad lena rialáiltear gléasraí móra in earnálacha amhail an earnáil dramhaíola, an earnáil cógaisíochta, an earnáil ceimiceán, an earnáil diantalmhaíochta (éanlaith chlóis agus muca), an earnáil fuinnimh, an earnáil táirgthe bia agus dí agus an earnáil táirgthe stroighne.

Ceanglaítear ar ghléasraí a dhéanann na gníomhaíochtaí thuas ceadúnas ón nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (Ceadúnas Astaíochtaí Tionsclaíocha, Ceadúnas Rialaithe Chomhtháite Truaillithe nó Ceadúnas Dramhaíola) a bheith i bhfeidhm acu sula bhféadfaidh siad oibriú. De bhreis air sin, sula ndéanfar athruithe lena ndéanfar difear d’astaíochtaí ar láithreán atá ann cheana, ceanglaítear ar an oibritheoir iarratas a dhéanamh ar cheadúnas ón nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil atá ann cheana a leasú (a athbhreithniú).

CRÍOCH

Nótaí don Eagarthóir

Cheadaigh an rialtas foilsiú an Bhille Comhshaoil (Forálacha Ilghnéitheacha), 2025, an tseachtain seo, rud lena ndéanfar giorrú agus cuíchóiriú ar an gcóras ceadúnúcháin le haghaidh Ceadúnais Astaíochtaí Tionsclaíocha, Ceadúnais Rialaithe Chomhtháite Truaillithe agus Ceadúnais Dramhaíola a bhfuil feidhm acu maidir le gníomhaíochtaí tionsclaíocha agus dramhaíola.

Is é an toradh a bheidh ar an tréimhse ama a thógann sé chun ceadúnas a fháil ón nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil a ghiorrú ná go mbeifear in ann iarratais ar cheadúnais a phróiseáil ar bhealach níos éifeachtúla agus faoi cheangal ama – rud a fhágfaidh go bhforbrófar bonneagar criticiúil go tráthúil.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat