Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Leagann an tAire O'Brien tiomantas na hÉireann d’fhorbairt inbhuanaithe amach ag imeacht domhanda de chuid na Náisiún Aontaithe

Soláthraíonn an tAire Ráiteas Náisiúnta na hÉireann ag Fóram Ardleibhéil Polaitíochta na Náisiún Aontaithe i Nua-Eabhrac

Leag Darragh O'Brien, an tAire Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil, tiomantas na hÉireann d’fhorbairt inbhuanaithe amach ag an 'bhFóram Ardleibhéil Polaitíochta um Fhorbairt Inbhuanaithe' de chuid na Náisiún Aontaithe i Nua-Eabhrac inniu.

De réir mar a chomórann Éire an 70ú bliain atá sí ina ball de na Náisiúin Aontaithe i mbliana, d’athdhearbhaigh an tAire O'Brien tiomantas na hÉireann don iltaobhachas agus d’iarr sé cur chuige comhordaithe ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal idirnáisiúnta chun aghaidh a thabhairt ar chineál casta leathan na ndúshlán domhanda atá romhainn sa lá atá inniu ann.

D’fháiltigh an tAire O'Brien roimh an deis obair leis na comhpháirtithe agus na geallsealbhóirí uile chun tacú le tionscnamh UN80. De réir mar a cheiliúrann na Náisiúin Aontaithe an 80ú bliain atá an eagraíocht ar an bhfód i mbliana, tá sé mar aidhm leis an tionscnamh seo treisiú le hacmhainn na Náisiún Aontaithe chun freagairt do dhúshláin dhomhanda an lae inniu, agus iltaobhachas a athbhunú in aghaidh géarchéimeanna a bhíonn ag méadú, in aghaidh neamhionannais a bhíonn ag doimhniú agus in aghaidh iontaoibh a bhíonn ag laghdú in institiúidí domhanda.

Tharraing an tAire aird freisin ar an bhfreagracht chomhroinnte atá i gceist leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach, agus béim á leagan ar a thábhachtaí a bhíonn caidreamh leanúnach, gníomhach agus fiúntach le geallsealbhóirí chun torthaí rathúla, cuimsitheacha agus cothromasacha a chinntiú.

Dúirt an tAire O'Brien:

"I mbliana, de réir mar a chomóraimid seachtó bliain ó tháinig Éire chun bheith ina ball de na Náisiúin Aontaithe, déanaimid machnamh ar ár dtiomantas seanbhunaithe don chóras iltaobhach, a bhfuil Cairt na Náisiún Aontaithe ina cuid dhílis de, agus athdhearbhaímid an tiomantas sin. Tá an t-iltaobhachas ag brú na n-iarrachtaí is rathúla atá déanta againn mar phobal idirnáisiúnta chun cinn maidir le haghaidh a thabhairt ar ghéarchéimeanna idircheangailte an athraithe aeráide, na coimhlinte, an ocrais, an éigeartais, an neamhionannais agus an riachtanais dhaonnúil.

"Is dúshláin ollmhóra iad sin fós, áfach, agus fágann siad nach mór dúinn treisiú go práinneach lenár n-iarrachtaí fís Chlár Oibre 2030 agus na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach.

"Freagracht chomhroinnte is ea gealltanas Chlár Oibre 2030 a chomhlíonadh. Is é an toradh a bheidh ar chomhar éifeachtach i measc na ngníomhaithe uile ná réitigh a bheidh níos praiticiúla, níos cuimsithí agus níos inoiriúnaithe, rud a chuirfidh dlús leis an dul chun cinn i dtreo na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach."

Ag an bhFóram Ardleibhéil Polaitíochta, labhróidh an tAire ag Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe freisin i seisiún speisialta ar Shocrú Síochánta Díospóidí agus glacfaidh sé páirt i ndíospóireacht oscailte ar an Meánoirthear.

Le linn a thréimhse ag an bhFóram Ardleibhéil Polaitíochta, tá an tAire O’Brien ag freastal ar roinnt imeachtaí speisialta freisin, ar lena linn a phléifear conas is féidir sineirgí idir an aeráid agus na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a neartú, conas is féidir leis an lucht léinn tacú le Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 8 (Obair Chuibhiúil agus Fás Geilleagrach) a bhaint amach, agus conairí nuálacha i leith na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach.

Chomh maith leis sin, freastalóidh an tAire O’Brien ar roinnt cruinnithe déthaobhacha le hionadaithe ón India, ón Moldóiv, ó Nua-Ghuine Phapua, ó Chatar agus ón bhFionlainn, agus buailfidh sé le hionadaithe don lucht gnó, don lucht léinn agus don tsochaí shibhialta.

Is féidir amharc ar an Ráiteas Náisiúnta, ar sholáthair an tAire O’Brien é, ar shuíomh gréasáin na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide.

CRÍOCH

Nótaí don Eagarthóir

Clár Oibre 2030 agus na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe

I mí Mheán Fómhair 2015, rinne gach ceann den 193 Bhallstát de na Náisiúin Aontaithe, Éire ina measc, na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a ghlacadh chun ‘deireadh a chur leis an mbochtaineacht, an pláinéad a chosaint agus rathúnas do chách a chinntiú’ mar chuid de chlár oibre nua dar teideal I mBun Athraithe: Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe. Tá an creat sin comhdhéanta de 17 Sprioc Forbartha Inbhuanaithe agus de 169 sprioc. Bhí ról lárnach ag Éirinn maidir leis an gcreat a fhorbairt agus a ghlacadh, ag obair di i gcomhar leis an gCéinia mar chomhéascaitheoir.

Fóram Ardleibhéil Polaitíochta na Náisiún Aontaithe um Fhorbairt Inbhuanaithe

Aithnítear i gClár Oibre 2030 an tábhacht a bhaineann le gníomhaíocht leantach agus athbhreithniú a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus domhanda chun an dul chun cinn ar chur chun feidhme na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a thomhas. Is ionann Fóram Ardleibhéil Polaitíochta na Náisiún Aontaithe um Fhorbairt Inbhuanaithe agus príomhardán na Náisiún Aontaithe um fhorbairt inbhuanaithe agus um Chlár Oibre 2030 agus tá ról lárnach aige maidir le formhaoirseacht a dhéanamh ar an ngníomhaíocht leantach agus ar an athbhreithniú a dhéantar ar an leibhéal domhanda.

Tá an Fóram Ardleibhéil Polaitíochta 2025 á thionól faoi choimirce na Comhairle Eacnamaíche agus Sóisialta (idir an 14-24 Iúil 2025) ag Ceanncheathrú na Náisiún Aontaithe i Nua-Eabhrac. Is é téama lárnach an Fhóraim ná “Réitigh inbhuanaithe, chuimsitheacha, eolaíochtbhunaithe agus fhianaisebhunaithe a chur chun cinn le haghaidh Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe agus a Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe ar son gan aon duine a fhágáil ar leataobh”.

Beidh an Fóram Ardleibhéil Polaitíochta i mí Iúil 2025 ar an gcéad fhóram dá chineál a thionólfar faoi choimirce Chomhairle Eacnamaíoch agus Shóisialta na Náisiún Aontaithe tar éis Chruinniú Mullaigh na Todhchaí 2024. Tacóidh sé le Dearbhú Polaitiúil an Chruinnithe Mullaigh ar na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe 2023 a chur chun feidhme agus rannchuideoidh sé leis an ngníomhaíocht leantach i leith Chruinniú Mullaigh na Todhchaí 2024 mar thaca le cur chun feidhme an Chomhaontaithe don Todhchaí agus a iarscríbhinní. Beidh Dearbhú Aireachta idirbheartaithe ann dá bharr.

Faigh tuilleadh faisnéise ar shuíomh gréasáin na Náisiún Aontaithe