Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fáiltíonn an tAire O'Brien roimh infheistíocht €3.5 billiún i mbonneagar leictreachais na hÉireann

Leis an infheistíocht, tacófar le príomhthosaíochtaí an rialtais a chur i gcrích a mhéid a bhaineann le tithíocht, le fuinneamh in-athnuaite agus le hiomaíochas

Inniu, cheadaigh an rialtas infheistíocht shuntasach €3.5 billiún i mbonneagar eangaí leictreachais na hÉireann (2026-2030) mar chuid den Phlean Forbartha Náisiúnta. Tá sé seo ar an infheistíocht aonair is mó riamh i líonra leictreachais na tíre seo. A bhuí leis an infheistíocht bhunathraitheach seo, treiseofar le slándáil fuinnimh na hÉireann, tacófar le fás geilleagrach, agus cuirfear dlús lenár n-aistriú chuig fuinneamh in-athnuaite.

Leithdháilfear €1.5 billiún agus €2 billiún ar Líonraí BSL agus ar EirGrid faoi seach, rud a chuirfidh ar chumas an dá chuideachta infheistíocht chaipitil i bhfad níos mó a dhéanamh ar mhaithe lenár mbonneagar líonra tarchurtha agus dáileacháin leictreachais ar talamh agus amach ón gcósta a leathnú. Mar thoradh ar an ngealltanas stairiúil seo, déanfar córas leictreachais na hÉireann slán i bhfad na haimsire, agus cinnteofar go mbeidh sé in ann freastal ar éilimh mhéadaitheacha ár ngeilleagair agus ár dtithe agus ar ár spriocanna aeráide. Teastaíonn infheistíocht shuntasach chun an t-aistriú a dhéanamh chuig córas fuinnimh atá faoi threoir ag foinsí fuinnimh in-athnuaite, ach is gá an infheistíocht sin a dhéanamh chun fuinneamh slán, inbhuanaithe agus inacmhainne a áirithiú do na glúnta atá le teacht.

Beidh ríthábhacht ag baint leis an eangach fheabhsaithe maidir le gealltanais thábhachtacha atá i gClár an Rialtais a chomhlíonadh, lena n-áirítear 80% dár leictreachas a bheith ag teacht ó fhoinsí in-athnuaite faoin mbliain 2030. Chun an méid sin a dhéanamh, beidh sé riachtanach 9 GW de thoilleadh fuinnimh gaoithe ar talamh agus 8 GW de thoilleadh grianfhuinnimh a thógáil agus tosú ar 5 GW de thoilleadh fuinnimh gaoithe amach ón gcósta a thógáil faoin mbliain 2030. Ní bheimid in ann na spriocanna sin a bhaint amach gan líonra leictreachais den chéad scoth a bheith againn.

Tá scála na hinfheistíochta ina léiriú ar an gcaiteachas a theastaíonn i bhformhór na dtíortha Eorpacha de réir mar a fhéachann siad leis an líon nasc fuinnimh in-athnuaite a mhéadú, le hidirnasc le tíortha comharsanacha, agus le líonraí iontaofa a sholáthar le haghaidh leictriú méadaithe an chórais fuinnimh.

Dúirt an tAire O'Brien:

"Is é atá i gceist leis an infheistíocht €3.5 billiún seo an bonneagar fuinnimh a thógáil a theastóidh ó Éirinn sa todhchaí. Is é atá i gceist léi freisin a chinntiú go bhfuil foinse iontaofa shlán leictreachais ag gach teach agus gnólacht, na mílte post a chruthú, agus Éire a dhéanamh ina háit níos tarraingtí do chuideachtaí idirnáisiúnta, áit ar féidir leo infheistiú agus fás.

"Is í eangach nua-aimseartha athléimneach leictreachais a bhuntacóidh le gach a bhfuilimid ag iarraidh a bhaint amach, idir na 300,000 teach nua a ghabhamar orainn féin a thógáil faoin mbliain 2030 a chumhachtú agus an infheistíocht eachtrach a chruthaíonn poist i bpobail ar fud na hÉireann a mhealladh. Cabhróidh an infheistíocht seo le slándáil fuinnimh a sholáthar do theaghlaigh agus gnólachtaí na hÉireann, agus cabhróidh sí an tráth céanna linn a áirithiú go dtiocfaidh 80% dár leictreachas ó fhoinsí in-athnuaite faoin mbliain 2030."

Dúirt Timmy Dooley, an tAire Stáit ar a bhfuil freagracht as Gnóthaí Muirí:

"Tá acmhainneacht ollmhór ag Éirinn ó thaobh fuinnimh amach ón gcósta de, agus is gá an infheistíocht seo a dhéanamh san eangach ar mhaithe leis an acmhainneacht sin a bhaint amach. Is le fáil feadh ár gcósta Atlantaigh atá roinnt de na hacmhainní fuinnimh gaoithe amach ón gcósta is fearr ar domhan agus, tríd an mbonneagar ceart a chur i bhfeidhm, is féidir linn Éire a bhunathrú ó allmhaireoir fuinnimh ina honnmhaireoir fuinnimh."

Tá an infheistíocht seo mar chuid de phróiseas an tSéú hAthbhreithniú Praghsanna atá ar siúl faoi láthair, agus táthar ag súil le cinneadh deiridh ón gCoimisiún um Rialáil Fóntais (CRU) faoi dheireadh na bliana.

CRÍOCH

Nótaí don Eagarthóir

Instealladh cothromais i Líonraí BSL agus in EirGrid

Mar thoradh ar an instealladh cothromais ón rialtas i Líonraí BSL agus in EirGrid (€1.5 billiún agus €2 billiún faoi seach), tacófar le neart chláir chomhardaithe na n-eintiteas sin agus cabhrófar leo ar deireadh sár-rátálacha creidmheasa a choinneáil ar bun. Agus rátálacha creidmheasa láidre acu, beidh Líonraí BSL agus EirGrid in ann iasachtaí a fháil ar rátaí úis ísle, rud a laghdóidh costas foriomlán na hinfheistíochta agus a laghdóidh aon tionchar a bheidh ag muirir ar bhillí custaiméirí sa deireadh. Tríd an gcistiú cothromais seo a sholáthar, cabhrófar le méaduithe i muirir líonra leictreachais a mhaolú.

Inacmhainneacht fuinnimh

Bhunaigh an rialtas Tascfhórsa trasrialtais um Inacmhainneacht Fuinnimh chun bearta a shainaithint, a mheasúnú agus a chur chun feidhme lena gcuirfear lena inacmhainne a bheidh fuinneamh do theaghlaigh agus do ghnólachtaí agus lena dtabharfar gealltanais thábhachtacha maidir le foinsí fuinnimh in-athnuaite agus lena gcosnófar slándáil an tsoláthair agus cobhsaíocht gheilleagrach an tráth céanna. Tá an Tascfhórsa faoi chathaoirleacht ag an Aire O’Brien, agus cuimsíonn sé ionadaithe ó ranna éagsúla rialtais agus ó gheallsealbhóirí ríthábhachtacha earnála fuinnimh.

Áireofar le hobair an tascfhórsa Plean Gníomhaíochta um Inacmhainneacht Fuinnimh a ullmhú agus faireachán a dhéanamh ar a chur chun feidhme. Tá an Tascfhórsa ag déanamh athbhreithniú ar bhearta gearrthéarmacha is féidir leis an rialtas a dhéanamh mar chuid de Bhuiséad 2026, mar aon le hathchóirithe struchtúrtha atá ceaptha chun dul chun tairbhe do thomhaltóirí idir an meántéarma agus an fadtéarma.

Plean Athléimneachta Eangaí do Gheimhreadh 2025

Tá Plean Athléimneachta Eangaí do Gheimhreadh 2025 á chur chun feidhme ag Líonraí BSL faoi láthair, tar éis don Aire O’Brien bearta feabhsaithe athléimneachta eangaí a iarraidh i mí Feabhra. Leis an bplean seo, neartaítear an líonra leictreachais sna láithreacha is leochailí, bunaithe ar na ceachtanna a foghlaimíodh ó eachtraí adhaimsire a thit amach le déanaí, amhail Stoirm Éowyn. Cuirfear an plean chun feidhme faoi dheireadh mhí Dheireadh Fómhair.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat