Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Osclaíonn an tAire Eamon Ryan an dara Comhrá d’Oileán Comhroinnte ar "An Comhshaol agus an Aeráid – Dul i nGleic le Dúshláin Chomónta”

Maidin inniu, d’oscail an tAire Eamonn Ryan Comhrá d’Oileán Comhroinnte ar "An Comhshaol agus an Aeráid – Dul i nGleic le Dúshláin Chomónta”. Is é seo an dara ceann de shraith comhráite d’Oileán Comhroinnte a sheol an Taoiseach i mí Dheireadh Fómhair seo caite mar chuid de thionscadal um Oileán Comhroinnte an Rialtais.

Lárnach don chur chuige Oileáin Chomhroinnte tá oibriú le Feidhmeannas Thuaisceart Éireann agus le Rialtas na Breataine chun dul i ngleic le dúshláin straitéiseacha chomhroinnte, i gcomhpháirtíocht uaillmhianach agus éifeachtach, bunaithe ar Chomhaontú Aoine an Chéasta.

Tugann an dara comhrá seo le chéile níos mó ná 100 rannpháirtí ó gach cearn d’oileán na hÉireann a ghlac páirt i bplé ar líne ina raibh grúpaí sibhialtacha ón tsochaí páirteach; ionadaithe gnó agus talmhaíochta; saineolaithe acadúla agus taighde; Údaráis Áitiúla agus Gníomhaireachtaí Stáit.

Dúirt an tAire Ryan:

"Is réimsí uathúla beartais iad an comhshaol agus an aeráid de bharr a dtionchar domhanda agus teastaíonn freagra comhroinnte domhanda uathu má tá beartais le bheith éifeachtach. Ciallaíonn sé sin nach bhfuil aon dúshlán níos mó nó níos comónta romhainn mar oileán, ná dul i ngleic leis an éigeandáil aeráide agus géarchéim na bithéagsúlachta, leis an bpráinn, an diongbháilteacht agus an dlúthpháirtíocht a éilíonn sí.

"Tá samplaí suntasacha ann cheana féin de chomhoibriú comhshaoil a d’fhorbair muid ar an oileán le blianta beaga anuas. Mar shampla, maidir le bithéagsúlacht, le tacaíocht ón tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra agus Gníomhaireacht Comhshaoil Thuaisceart Éireann, d’fhorbair an tIonad Náisiúnta le Sonraí Bithéagsúlachta (NBDC) bunachar sonraí ar speiceas ionrach ar líne a éascaíonn tuairisciú ar speicis ionracha, Thuaidh nó Theas, agus a sholáthraíonn feidhm monatóireachta agus rialaithe atá ríthábhachtach. Is é seo an cineál comhoibrithe leathan - lena mbaineann an rialtas, gníomhaireachtaí, taighdeoirí agus an tsochaí shóisialta – a dhéanann an difear. "

Chomh maith le PEACE PLUS, d’fhógair an Rialtas ár gCiste Oileán Comhroinnte i mBuiséad 2021, agus cuirfear €500 milliún i maoiniú caipitil ar fáil sna cúig bliana amach romhainn, imfhálaithe le haghaidh infheistíochtaí comhoibritheacha Thuaidh/Theas, le cur ar aon dul lenár gClár le haghaidh tiomantais agus tosaíochtaí an Rialtais, lena n-áirítear cosaint an chomhshaoil agus forbairt inbhuanaithe.

Soláthraíonn comhrá an lae inniu deis taithí agus moltaí a roinnt ar na nithe sin a oibríonn, nithe eile a d’fhéadfaimis a dhéanamh le chéile agus bealaí inar féidir linn foghlaim óna chéile ar an oileán - sa rialtas, sa taighde, agus inár ngeilleagar agus inár sochaí - chun ár dtimpeallacht chomhroinnte a chosaint.

Is fóram é an comhrá seo a chuireann ar chumas an Rialtais éisteacht le cur chuige oileáin chomhroinnte atá fiúntach agus éifeachtach ar fud ár mbeartais aeráide, bithéagsúlachta agus comhshaoil, agus comhoibriú leis an bhFeidhmeannas agus Rialtas na Breataine.

CRÍOCH


Nótaí don Eagarthóir

Sraith Comhráite Oileán Comhroinnte

  • Is é imeacht an lae inniu an dara himeacht earnála iomlán a tionóladh mar chuid den tsraith Comhráite Oileán Comhroinnte a sheol an Taoiseach i mí Dheireadh Fómhair chun comhrá poiblí atá cuiditheach agus ionchuimsitheach a chothú ar gach gné de thodhchaí roinnte ar an oileán atá mar bhonn le Comhaontú Aoine an Chéasta
  • Leanfaidh an tSraith Comhráite Oileán Comhroinnte ar aghaidh in 2021 ag díriú ar shaincheisteanna tábhachtacha do thodhchaí an oileáin, lena n-áirítear sláinte, oideachas agus an geilleagar, agus ar phríomhchúiseanna imní a dtugtar aghaidh orthu i gComhaontú Aoine an Chéasta, amhail féiniúlacht agus comhionannas
  • Cuirfidh an tsraith comhráite le cur chuige an Rialtais maidir le tionscnamh an Oileáin Chomhroinnte, ag comhlánú taighde coimisiúnaithe agus ag cur i bhfeidhm na dtiomantas maidir le hOileán Comhroinnte a thógáil atá leagtha amach sa Chlár Rialtais
  • Is príomhchuspóirí iad naisc shóisialta, eacnamaíocha agus pholaitiúla a neartú ar an oileán agus cur chuige uile-oileáin a chur chun cinn maidir leis na dúshláin straitéiseacha atá roimh Éirinn, Thuaidh agus Theas
  • Tá comhráite an Oileáin Comhroinnte á n-eagrú ag an aonad um Oileán Comhroinnte i Roinn an Taoisigh i gcomhpháirtíocht le Ranna Rialtais. Rinneadh comhrá an lae inniu a sholáthar i gcomhar leis an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide agus leis an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta
  • Tá tuilleadh eolais faoin tionscadal um Oileán Comhroinnte ar fáil ag [link broken] and the Plenary sessions of the Shared Island Dialogues are being added at [link broken]

Comhrá ar “An Comhshaol agus an Aeráid – Dul i nGleic le Dúshláin Chomhroinnte”

  • Is é Eagarthóir Comhshaoil agus Eolaíochta an Irish Times, Kevin O’Sullivan, a dhéanann modhnóireacht ar Chomhrá Oileáin Chomhroinnte an lae inniu
  • Cuimsíonn an comhrá dhá chur i láthair agus trí phlé painéil
  • Cuirfidh an Dr Jeanne Moore, Anailísí Beartais, An Chomhairle Náisiúnta Eacnamaíoch agus Shóisialta (NESC) dréachtpháipéar i láthair ó Rúnaíocht NESC le haghaidh comhairliúcháin dar teideal "Comhairliúchán maidir le hOileán Comhroinnte: Dúshláin agus Deiseanna Aeráide agus Bithéagsúlachta"
  • Tabharfaidh Dara McAnulty, nádúraí, scríbhneoir agus feachtasóir comhshaoil a chur i láthair don chomhrá le dán dar teideal "Invisible Lines"
  • Clúdóidh na painéil na téamaí "Dul i nGleic leis an Éigeandáil Aeráide - peirspictíocht Oileáin Chomhroinnte", "Aghaidh a thabhairt ar ghéarchéim na Bithéagsúlachta ar an oileán" agus "Tosaíochtaí sa todhchaí do chomhoibriú uile-oileáin maidir leis an gComhshaol"

Is iad seo a leanas painéalaithe don Chomhrá:

Painéal 1 – Dul i nGleic leis an Éigeandáil Aeráide - peirspictíocht Oileáin Chomhroinnte

  • Dr Amanda Slevin, Cathaoirleach Climate Coalition NI
  • An tOllamh Brian Ó Gallachóir, Stiúrthóir, MaREI, Lárionad an SFI um Thaighde ar Fhuinneamh, ar Aeráid agus ar Mhuirí
  • Dr Eimear Cotter, Stiúrthóir, An GCC: An Oifig Forfheidhmithe i leith cúrsaí Comhshaoil

Painéal 2 – Aghaidh a thabhairt ar ghéarchéim na Bithéagsúlachta ar an oileán

  • Anne-Marie McDevitt, Ceannasaí Speicis, RSPB TÉ
  • Professor Yvonne Buckley, Nature +, the Trinity Centre for Biodiversity and Sustainable Nature Based Solutions
  • Shirley Clerkin, Oifigeach Oidhreachta le Comhairle Chontae Mhuineacháin

Painéal 3 – Tosaíochtaí sa todhchaí do chomhoibriú uile-oileáin maidir leis an gComhshaol.

  • Oonagh Duggan, Ceannasaí Abhcóideachta BirdWatch Ireland, mar ionadaí d’Earnáil an Chomhshaoil
  • Dr. Viviane Gravey, Léachtóir le Polaitíocht na hEorpa, Ollscoil na Ríona, Béal Feirste.
  • An tOllamh Tom Collins, Cathaoirleach, An Fóram Uisce

Cuirfidh @merrionstreet ábhar ón imeacht ar na meáin shóisialta i rith an lae agus is féidir an comhrá a leanúint ar líne trí úsáid a bhaint as #SharedIsland.