English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón Aire Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil, Éamon Ryan T.D., faoi chead pleanála ó Thuaiseart Éireann do Idirnascaire Leictreachais Thuaidh Theas

Tugaim de m’aire cinneadh mo chontrapháirt i dTuaisceart Éireann, an tAire Mallon, cead pleanála a thabhairt le haghaidh an idirnascaire Thuaidh Theas i dTuaisceart Éireann, agus fáiltím roimhe. Tá an cinneadh seo ag teacht le cinneadh an Bhoird Pleanála i bPoblacht na hÉireann i mí na Nollag 2016. Is í seo an chloch mhíle dheireanach i bhforbairt an Idirnascaire Thuaidh Theas, ar cuid ríthábhachtach é den bhonneagar fuinnimh a dtiocfaidh buntáistí eacnamaíochta as do gach duine ar oileán na hÉireann.

Leis an gcead deiridh seo, is féidir an tionscadal idirnascadh leictreachais trasteorann seo a fhorbairt anois. Beidh an dara líne traschurtha ardacmhainneachta leictreachais idir Poblacht na hÉireann agus Tuaisceart Éireann mar thoradh ar an tionscadal seo. Beidh líne lastuas 400kV 140 km ar fad idir Contae na Mí agus Contae Thír Eoghain, agus nuair a bheidh sí réidh, beidh méadú ar éifeachtúlacht an Mhargaidh Aonair Leictreachais uile-oileáin, beidh laghdú ar na costais a bhíonn le híoc ag tomhaltóirí leictreachais agus beidh feabhas ar shlándáil an tsoláthair leictreachais ar fud oileán na hÉireann.

Táim ag súil go gcoinneoidh EirGrid na pobail atá lonnaithe feadh bhealach an tionscadail seo ar an eolas go hiomlán, go mbeidh siad oscailte leo ionas go gcuirfear i gcrích é ar dhóigh fhóirsteanach agus go gcuirfear iad siúd atá ina gcónaí ina aice leis an mbealach ar an eolas faoi na buntáistí a bhaineann leis agus go mbeidh tuiscint acu orthu.

CRÍOCH