Tá an tAire Ryan ar cheann na Toscaireachta Náisiúnta Aeráide sa dara seachtain de COP27 agus fógraíonn sé tacaíocht maoiniúcháin aeráide is fiú €18 milliún do thíortha i mbéal forbartha
- Foilsithe: 14 Samhain 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tá an tAire Ryan ar cheann na Toscaireachta Náisiúnta Aeráide sa dara seachtain de COP27 agus fógraíonn sé tacaíocht maoiniúcháin aeráide is fiú €18 milliún do thíortha i mbéal forbartha
Thaistil Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, chuig Sharm el-Sheikh, an Éigipt, chun freastal ar an 27ú Comhdháil de na Páirtithe i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (COP27) chun dul i gceannas thoscaireacht na hÉireann sa tseachtain deiridh den chomhdháil.
Tá ag géarú ar an idirbheartaíocht ar phríomh-shaincheisteanna, lena n-áirítear uaillmhianta breisithe agus méaduithe sa mhaoiniú aeráide, agus díriú ar leith á leagan ar aghaidh a thabhairt ar chaillteanas agus damáiste arb í an aeráid is cúis leis.
Tá ag géarú ar an idirbheartaíocht ar phríomh-shaincheisteanna, lena n-áirítear uaillmhianta breisithe agus méaduithe sa mhaoiniú aeráide, agus díriú ar leith á leagan ar aghaidh a thabhairt ar chaillteanas agus damáiste arb í an aeráid is cúis leis.
Dúirt an tAire Ryan:
"Tosaíocht d’Éirinn ag COP27 is ea caillteanas agus damáiste. Táimid tiomanta do thacaíocht a thabhairt do na tíortha is leochailí, atá ar na tíortha is neamhchosanta ar an athrú aeráide fós. Teastaíonn gníomhaíocht phráinneach chun ár bpláinéad agus ár bpobal a chosaint ar léirscrios breise arb í an aeráid is cúis leis. Is é a bheidh i gceist leis sin éisteacht leis an treoir eolaíochta, laghduithe láithreacha tapa in astaíochtaí a sholáthar trí aistriú brostaithe chuig fuinneamh glan, deireadh a chur lenár spleáchas ar bhreoslaí iontaise, agus treisiú leis an maoiniú aeráide, lena n-áirítear le haghaidh caillteanas agus damáiste, ar bhealaí a fhreastalóidh ar an gcéad dul síos ar na riachtanais atá acu sin atá is faide chun deiridh.
"Tá Éire tiomanta do laghdú 51% in astaíochtaí a bhaint amach faoin mbliain 2030 agus d’aeráidneodracht a bhaint amach faoin mbliain 2050. Sa chéad leagan eile den Phlean Gnímh don Aeráid, rud a fhoilseofar sna seachtainí atá le teacht, leagfar amach conas a bhainfimid laghduithe amach i bpríomhearnálacha chun a chinntiú go gcomhlíonfaimid ár ngealltanais faoi Chomhaontú Pháras."
Mar chuid den phacáiste sin, fógróidh an tAire na nithe seo a leanas:
- €1 mhilliún don Chiste Speisialta don Athrú Aeráide chun tacú le gníomhaíocht oiriúnaithe i Stáit Oileánacha Bheaga i mBéal Forbartha
- €11 mhilliún don Chiste Domhanda Comhshaoil
- €1 mhilliún don Chomhghuaillíocht Aeráide agus Aeir Ghlain
- €5 mhilliún don Sciath Dhomhanda (mar chuid den tsuim €10 milliún a d’fhógair an Taoiseach an tseachtain seo caite)
I measc na gcoinní ag COP27, glacfaidh an tAire ról gníomhach agus páirt i gcruinnithe ballraíochta de chomhghuaillíochtaí ardleibhéil, lena n-áireofar:
- an Beyond Oil and Gas Alliance (BOGA)
- an Chomhghuaillíocht Ard-Uaillmhéine
- an Chomhghuaillíocht Aeráide agus Aeir Ghlain
Chomh maith leis sin, freastalóidh an tAire Ryan ar roinnt cruinnithe déthaobhacha agus glacfaidh sé páirt ghníomhach i gcruinnithe idirbheartaíochta ar fud na laethanta deiridh den chomhdháil mhullaigh.
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
Is é is COP27 ann ná an 27ú Comhdháil de na Páirtithe i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide. Tá an chomhdháil ar siúl faoi láthair in Sharm el-Sheikh, an Éigipt. Thosaigh sí an 6 Samhain 2022 agus tiocfaidh sí chun deiridh an 18 Samhain 2022. Dhá phríomh-shaincheist do COP27 is ea treisiú leis an maoiniú aeráide le haghaidh athléimneacht ó thaobh na haeráide de agus aghaidh a thabhairt ar chaillteanas agus damáiste arb í an aeráid is cúis leis. Chuir Uachtaránacht na hÉigipte in iúl freisin go ndíreodh COP27 ar na gealltanais a tugadh agus na gníomhartha a rinneadh ag comhdhálacha COP roimhe seo a chur chun feidhme, d’fhonn an dul chun cinn agus an ghníomhaíocht san uaillmhian dhomhanda aeráide a chur ar aghaidh.