Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Taistealaíonn an tAire Ryan chuig COP28 chun tathant a dhéanamh ar son gníomhaíocht níos láidre ar fhuinneamh in-athnuaite agus ar dheireadh a chur de réir a chéile le húsáid breoslaí iontaise

  • Brúfaidh Éire ar son toradh cuimsitheach cothromaithe a bhaint amach ón idirbheartaíocht in Dubai

Taistealóidh Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, chuig COP28 in Dubai inniu (Dé hAoine an 1 Nollaig), áit a n-oibreoidh sé i gcomhar le ceannairí domhanda agus le páirtithe eile chun dlús a chur leis an gcomhrac in aghaidh na géarchéime aeráide.

Tá Éire ag tnúth le toradh cuimsitheach cothromaithe a bhaint amach ó COP28. Chuir an tAire Ryan fáilte roimh an gcomhaontú ar thángthas air ar chaillteanas agus damáiste ar an gcéad lá den chomhdháil dhomhanda aeráide agus dúirt sé go dtabharfadh Éire a gealltanas don chiste chun tacú leis na tíortha is leochailí ar domhan ar ball beag.

Toradh eile atá ar an gcomhaontú luath sin ar cheann amháin de na príomh-shaincheisteanna a cuireadh ar aghaidh ó Chomhdháil na bliana seo caite is ea go gcuirtear ar chumas na Comhdhála bogadh ar aghaidh chuig saincheisteanna práinneacha eile, amhail maoiniú don aeráid a leathnú, an t-oiriúnú, uaillmhian mhéadaithe maolaithe a sholáthar, agus sásra a chur i bhfeidhm chun an prionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as a áireamh ionas gur féidir le hearnálacha breoslaí iontaise a gcion cothrom féin a dhéanamh i leith maoiniú don aeráid agus i leith rochtain a mhéadú ar fhuinneamh in-athnuaite, go háirithe i dtíortha atá i mbéal forbartha.

Bhí ról lárnach ag an Aire Ryan agus ag oifigigh Éireannacha san idirbheartaíocht ag COP27 in Sharm-El-Sheik an bhliain seo caite ar dá bun a comhaontaíodh go mbunófaí ciste caillteanais agus damáiste. Ó shin i leith, chomhroinn Éire suíochán leis an nGearmáin ar an gcoiste idirthréimhseach ar cuireadh de chúram air an ciste a chur ar aghaidh.

Tá Éire dírithe freisin ar an toradh ar an gcéad phróiseas Athbhreithnithe Dhomhanda, agus é ar an bpríomhní a ndíreofar air ag COP28. Mar chuid den Athbhreithniú Domhanda, déanfaidh tíortha athbhreithniú ar an dul chun cinn a rinneadh i dtreo spriocanna Chomhaontú Pháras 2015 a chomhlíonadh, lena n-áirítear na hiarrachtaí atá ar bun chun téamh domhanda a choinneáil ag 1.5 °C. Is cosúil nach bhfuil an domhan ar an mbóthar ceart faoi láthair agus go dtiocfaidh méadú, seachas laghdú, ar astaíochtaí suas go dtí an bhliain 2030. Fágann sé sin, dar leis an Aire Ryan, gur gá don chomhghuaillíocht dhomhanda gníomhaíocht a dhéanamh anois ar scála agus ar luas nach bhfacthas a leithéid riamh.

Caillteanas agus damáiste

Chuir an tAire Ryan fáilte roimh an gcomhaontú stairiúil ar tháinig na páirtithe air ar chaillteanas agus damáiste. Dúirt sé:

"Tá an-bhród orm as a bhfuil déanta ag Rialtas na hÉireann chun cabhrú leis an gcomhaontú seo ar chaillteanas agus damáiste a bhaint amach. Tá an comhaontú ina léiriú ar stuaim agus scil ár seirbhíseach poiblí, a chomhroinn suíochán leis an nGearmáin ar an gcoiste idirthréimhseach ar cuireadh de chúram air an tsaincheist sin a chur ar aghaidh ón mbliain seo caite. Fágann sé gur féidir linn fíorchistí a sholáthar chun tacaíocht agus cosaint a thabhairt do na tíortha agus na stáit is leochailí.

"Mar sin féin, is gá dúinn cuid mhór eile a dhéanamh i mbliana mar gheall ar a phráinní atá an t-athrú ollmhór ar an aeráid agus mar gheall ar an bhfianaise ar an athrú sin. Ós rud é go léireoidh an tAthbhreithniú Domhanda nach bhfuil an domhan ar an mbóthar ceart ar chor ar bith chun a spriocanna astaíochtaí a bhaint amach, cuirfear ualach méadaithe ar cheannairí freagairt leathan, uaillmhianach agus nuálach a sholáthar in Dubai."

Maoiniú don aeráid agus inrochtaineacht fuinnimh

Tá an tAire Ryan ag iarraidh go gcuirfí plean le chéile chun a chinntiú go nglacfaidh tionscail breoslaí iontaise tuilleadh freagrachta as maoiniú don aeráid agus as infheistíocht a dhéanamh san aistriú chuig úsáid foinsí fuinnimh in-athnuaite.

Dúirt sé:

"Is gá dúinn infheistíocht fhiúntach a fheiceáil i bhfuinneamh glan i dtíortha atá ag forbairt agus atá ag teacht chun cinn, go háirithe san Afraic. Ní bhíonn cuideachtaí breoslaí iontaise ag infheistiú ach 1-2 faoin gcéad dá mbrabúis osnormálta isteach i bhfuinneamh glan faoi láthair, agus is iad an Eoraip, na Stáit Aontaithe agus an tSín a bhíonn ag fáil na coda is mó den airgead sin. Beidh ar chuideachtaí breoslaí iontaise a gcion cothrom féin a íoc.

"Is mó an líon grianphainéal san Ísiltír ná san Afraic ar fad, áit a bhfaightear 60% de ghrianradaíocht an domhain. Níl sé sin cothrom. Is gá an scéal sin a athrú, agus ní amháin ar chúiseanna aeráide. Má infheistímid san Afraic, tabharfaimid tacaíocht láithreach do na tíortha is mó a ndéanann an t-athrú aeráide difear dóibh, agus iad ar na tíortha is lú cúis leis an athrú aeráide freisin. Is féidir linn tacú le forbairt i dtíortha ina bhfuil roinnt de na coinbhleachtaí is achrannaí ar domhan ar siúl. Ar deireadh, is féidir leis an aistriú sin chuig cothromas fuinnimh cabhrú leis an aeráidimirce éigeantach a bhainistiú, rud atá ar cheann amháin de na dúshláin is mó atá romhainn."

Dúirt an tAire Ryan freisin go mbeadh córais agus struchtúir curtha i bhfeidhm ag ollstruchtúr airgeadais an domhain chun an t-aistriú chuig réabhlóid dhomhanda fuinnimh ghlais a éascú, amhail rioscaí airgeadra a laghdú, rialáil agus trédhearcacht a chinntiú, agus a chinntiú go bhfuil acmhainn agus scileanna ar fáil i dtíortha atá i mbéal forbartha chun an bonneagar agus na heangacha a theastaíonn a thógáil.

Dúirt sé, mar fhocal scoir:

"Tá an t-aistriú seo chuig úsáid foinsí fuinnimh in-athnuaite ar siúl cheana féin. I mbliana, agus den chéad uair riamh, is mó an méid airgid a infheisteofar i bhfoinsí fuinnimh in-athnuaite ná i bhforbairt breoslaí iontaise. Is gá dúinn dul níos faide anois. Is féidir leis an aistriú seo dul chun tairbhe don chuid den domhan atá i mbéal forbartha, don aeráid agus do ghnólachtaí toisc go dtabharfaidh sé bealach malartach níos fearr chun infheistiú ina bhfuil i ndán dúinn."

Tá COP28, a bheidh ar siúl ón 30 Samhain go dtí an 12 Nollaig, ar an gcruinniú domhanda is tábhachtaí chun plé a dhéanamh ar an ngéarchéim aeráide, saincheist is práinní ár linne. Creideann Éire go láidir i ndul i ngleic le dúshláin aeráide, agus tá gníomhú níos láidre ar son na haeráide á mholadh go gníomhach aici ar roinnt modhanna difriúla.

CRÍOCH


Nótaí don Eagarthóir

Is ionann an Chomhdháil de na Páirtithe (COP) agus príomhchomhlacht cinnteoireachta Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide. Tugtar le chéile ag an gComhdháil an 198 bPáirtí – 197 náisiún agus an tAontas Eorpach – a shínigh an Creat-Choinbhinsiún ar mhaithe le gníomhartha a chomhaontú chun dul i ngleic leis an ngéarchéim aeráide.

Gach bliain ón mbliain 1995 i leith, seachas an bhliain 2020 de dheasca na paindéime, óstáladh Comhdháil do na tíortha ionas go bhféadfadh siad teacht le chéile chun dul chun cinn a chur i gcomparáid leis an eolaíocht aeráide is déanaí agus chun gealltanais nua a bhunú maidir leis an ngéarchéim aeráide a chosc agus maidir le hoiriúnú di araon. Ag na Cruinnithe Mullaigh, tagann ceannairí ó gach cuid den domhan le chéile chun teacht ar réitigh ar ghéarchéim a dhéanann difear dúinn go léir.

Éire ag COP 28

Seolfaidh Éire toscaireacht láidir chuig COP28 ar aon dul leis an tuairim atá againn ar thábhacht an Chruinnithe Mullaigh. Beidh an Taoiseach Leo Varadkar, an Tánaiste Micheál Martin, an tAire Eamon Ryan, an tAire Charlie McConalogue agus an tAire Jennifer Carroll MacNeill go léir i láthair le linn an dá sheachtain den Chruinniú Mullaigh.

Brúfaidh Éire ar son toradh cuimsitheach cothromaithe a bhaint amach ó COP28. Táimid ag iarraidh dul chun cinn a fheiceáil ar na príomh-shaincheisteanna seo a leanas: caillteanas agus damáiste; bonn níos leithne a áirithiú le haghaidh maoiniú don aeráid; uaillmhian mhéadaithe a shocrú don mhaolú agus don oiriúnú; agus léiriú láidir a thabhairt go dtosóidh an domhan ag cur deireadh de réir a chéile le húsáid breoslaí iontaise.

Dar leis an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil, laghdaigh astaíochtaí na hÉireann faoi bheagnach 2% sa bhliain 2022. Ó chuaigh sé i mbun oifige sa bhliain 2020, thug an Rialtas seo tús áite do ghníomhú ar son na haeráide agus rinne sé sraith beart a bhíonn ag cabhrú lenár n-astaíochtaí a laghdú, agus é mar aidhm againn iad a laghdú tuilleadh bliain ar bhliain.

Caillteanas agus damáiste

Baineann caillteanas agus damáiste leis na tionchair dhiúltacha a imríonn an t-athrú aeráide beag beann ar iarrachtaí maolaithe agus oiriúnaithe.

Tá caillteanas agus damáiste de dheasca an athraithe aeráide ina réimse príomhthosaíochta d’obair na hÉireann ar an athrú aeráide, ós rud é gurb ionann na tíortha leochaileacha a rinne an rannchuidiú is lú leis an athrú aeráide agus na tíortha is mó atá thíos leis an tionchar atá aige.

Maoiniú don aeráid

Baineann maoiniú don aeráid le maoiniú a bhfuil mar aidhm leis tacú le gníomhartha maolaithe agus oiriúnaithe mar fhreagairt don athrú aeráide.

Aithníonn Éire nach mbeifear in ann dul i ngleic leis an ngéarchéim aeráide in éagmais maoiniú leordhóthanach don aeráid.

Maolú

Baineann an maolú ar an athrú aeráide le bearta a bhfuil mar aidhm leo tionchar an athraithe aeráide a laghdú.

Ceann amháin de thosaíochtaí seasta an Aontais Eorpaigh is ea go méadódh gach tír, go háirithe geilleagair ardastaíochtaí, a n-uaillmhian aeráide agus a spriocanna aeráide chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú.

Oiriúnú

Baineann an t-oiriúnú le gníomhaíocht a dhéanamh chun oiriúnú do thionchair láithreacha an athraithe aeráide agus do thionchair an athraithe aeráide sa todhchaí.

Tá diantionchair an athraithe aeráide á mbrath ag a lán tíortha ar fud an domhain cheana féin. Teastaíonn tacaíocht mhéadaithe spriocdhírithe ó thíortha atá i mbéal forbartha chun treisiú lena n-athléimneacht in aghaidh tionchair aeráide.

Aeráid agus slándáil

Tá an-imní ar Éirinn faoi thionchar an athraithe aeráide ar shíocháin agus ar chobhsaíocht. Trí dhul i ngleic leis an athrú aeráide, creidimid gur féidir linn cabhrú le héagobhsaíocht a chosc agus le síocháin a chothú.