Tuairisceoidh Éire feasta astaíochtaí agus asbhaintí gás ceaptha teasa ó bhogaigh bhainistithe (lena n-áirítear portaigh) mar chuid den dul chun cinn i dtreo spriocanna gáis cheaptha teasa an AE a bhaint amach
- Foilsithe: 7 Eanáir 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Roghnaigh Éire tionchar na mBogach faoi Bhainistíocht ar astaíochtaí agus asbhaintí gás ceaptha teasa a chur san áireamh ó thús 2021. Cuireann an chuntasaíocht dheonach seo bonn níos láidre faoi Éirinn maidir le cuntas a thabhairt ar astaíochtaí agus asbhaintí gás ceaptha teasa agus chun na hathruithe straitéiseacha a dhéanamh atá riachtanach chun tacú leis an tír chun ár spriocanna náisiúnta, Eorpacha agus idirnáisiúnta maidir le hathrú aeráide a bhaint amach.
Faoi Rialacháin an AE, cuimsíonn Bogaigh faoi Bhainistíocht bogaigh a fhanann ina mbogaigh, lonnaíocht nó talamh eile arna thiontú go bogach; nó bogach a tiontaíodh ina lonnaíocht nó ina thalamh de chineál eile. In Éirinn, i gcás formhór na mBogach faoi Bhainistíocht is tailte portaigh iad a saothraíodh chun móin bhaint astu ar mhaithe le cúrsaí fuinnimh agus gairneoireachta.
Cé go dtuairiscíonn Ballstáit an AE astaíochtaí agus asbhaintí ón earnáil úsáide talún faoi láthair, níl baint acu sin le baint amach spriocanna ó thaobh astaíochtaí gás ceaptha teasa. Athrófar é seo nuair a chuirfear córas nua cuntasaíochta faoi úsáid talún an AE i bhfeidhm, a mbeidh feidhm aige maidir le hastaíochtaí agus asbhaintí sa tréimhse ó 2021 go 2030 (arna thomhas thar dhá thréimhse, ó 2021 go 2025 agus ó 2026 go 2030). Áireofar tionchar astaíochtaí agus asbhaintí ó 5 de 6 earnáil úsáide talún sa chóras nua ó 2021 (Tailte Curraíochta Bainistithe, Féarach Bainistithe, Foraoisiú, Baint Foraoisí agus Foraoisí Bainistithe), agus beidh rogha ag na Ballstáit tionchar na séú hearnáil, “Bogaigh Bainistithe”, a áireamh sa chéad tréimhse seo. Meastar go mbeidh sé seo éigeantach i gcás na mBogach Bainistithe sa dara tréimhse.
Beidh tionchar ag an gcinneadh seo freisin ar an gcur chuige a bheidh ag Éirinn maidir le beartas úsáide talún i gcás na mBogach faoi Bhainistíocht agus go ginearálta:
- nuair a chuirfear astaíochtaí agus asbhaintí na mBogach faoi Bhainistíocht san áireamh spreagfar daoine chun portaigh dhíghrádaithe a athshlánú. D’fhéadfadh feabhsú tailte portaigh na hÉireann astaíochtaí a laghdú agus iad a athrú ó fhoinse gás ceaptha teasa go doirteal ina shlogfaí na gáis sin le himeacht aimsire.
- d’fhéadfaí na laghduithe féideartha ar astaíochtaí agus/nó asbhaintí feabhsaithe na mBogach faoi Bhainistíocht a úsáid chun cabhrú le hÉirinn a spriocanna maidir le húsáid talún, ár n-athruithe ar úsáid talún agus ár sprioc foraoiseachta a bhaint amach, cé nach féidir meastacháin chinnte a thabhairt maidir le torthaí den sórt sin ag an am seo. Tá sé seo á mheas freisin faoi Chomhaontú Glas Choimisiún an AE
Trí thús a chur leis an bpróiseas anois beidh Éire ullmhaithe níos fearr maidir le cuntasaíocht éigeantach dhóchúil na dara tréimhse, ó 2026-2030. Beidh Éire amuigh chun tosaigh maidir lenár mbonneagar cuntasaíochta a fheabhsú agus aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna tomhais agus tuairiscithe maidir le cúrsaí astaíochtaí agus sonraí spásúlachta ó thaobh úsáid talún.
Dúirt an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, Eamon Ryan TD:
"Tá an cinneadh seo cuntas a thabhairt ar Bhogaigh faoi Bhainistíocht i gcaitheamh na tréimhse 2021-2025 ar cheann de na príomhrudaí atá á gcur i bhfeidhm againn chun tacú le cuspóirí aeráide an Rialtais a bhaint amach. Tá ról lárnach ag ár mbogaigh maidir le hastaíochtaí carbóin a ghabháil agus a stóráil. Déantar bainistíocht ar an méid a thomhaistear, agus spreagfaidh sé sin muid chun níos mó deiseanna a chruthú le haghaidh slogaidí carbóin."
Luaigh an tAire freisin na buntáistí a bhaineann le héiceachórais na mbogach maidir le tacú le bithéagsúlacht, cosaint in aghaidh tuilte, bainistiú agus íonú uisce mar aon leis an acmhainn atá iontu ó thaobh deiseanna áineasa agus turasóireachta.
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
Rinne Aire na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide an cinneadh seo mar thoradh ar athbhreithniú fianaise mionsonraithe agus comhairliúcháin le comhghleacaithe Rialtais a léirigh go raibh comhaontú leathan eatarthu gur dul chun cinn dearfach agus loighciúil a bheadh ann Bogaigh faoi Bhainistiú a áireamh sa chéad tréimhse den Rialachán um Úsáid Talún, Athrú ar Úsáid Talún agus Foraoiseacht (LULUCF) ó 2021-2025 mar chuid de phlean na hÉireann chun aghaidh a thabhairt ar spriocanna maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus spriocanna feabhsaithe a cheapadh maidir lena mbaint. Maidir leis na córais oibriúcháin atá ag teastáil agus na struchtúir mhodheolaíochta agus anailíseacha le haghaidh tomhais, rinneadh iad a thriail agus a thástáil agus tá siad solúbtha chun go bhféadfar glacadh leis na feabhsúcháin maidir le bailiú sonraí atá ar bun cheana féin ar fud na tíre.
Sonraí Teicniúla
Tomhas Uileghabhálach
Is é sprioc 2030 an AE ná laghdú 40% ar a laghad a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa baile i gcomparáid le leibhéil na bliana 1990. Tá athruithe le sonrú sna laghduithe riachtanacha de réir earnála agus ballstát. Tá sprioc faoi leith ag gach ballstát, solúbthacht aonuaire faoi leith ó thrádáil astaíochtaí, agus corrlach solúbthachta ó thaobh úsáid talún.
Is mar seo a leanas atá sprioc 2030 an AE ceaptha:
- Laghdú 43% sa Chóras Trádála Astuithe (ETS) (earnáil giniúna cumhachta agus tionscal mór) i gcomparáid le leibhéil na bliana 2005. Tá an sprioc seo ceaptha don AE ar fad.
- Laghdú 30% san earnáil neamh-ETS i gcomparáid le leibhéil na bliana 2005. Tá sprioc neamh-ETS na hÉireann leagtha amach sa Rialachán um Chomhroinnt Iarrachtaí (ESR) ina leagtar síos cheangailteach 30% maidir le laghdú astaíochtaí. Tá sprioc faoi leith tugtha do gach Ballstát chun sprioc fhoriomlán 30% an AE a bhaint amach - is é 30% sprioc na hÉireann.
Maidir le húsáid talún, éilíonn an Rialachán ar gach Ballstát a chinntiú go ndéantar astaíochtaí coibhéiseacha CO2 cuntasacha ón earnáil LULUCF a chúiteamh go hiomlán trí choibhéis CO2 a bhaint ón atmaisféar trí bhearta san earnáil LULUCF. Ríomhtar é seo mar shuim na n-astaíochtaí iomlána agus na n-asbhaintí iomlána i ngach ceann de na catagóirí cuntasaíochta talún atá sainithe i Rialachán LULUCF. Tugtar an “riail do thoradh neodrach nó dearfach” air seo.
Cé go dtuairiscíonn Ballstáit an AE astaíochtaí agus asbhaintí ón earnáil úsáide talún faoi láthair, níl aon spriocanna sonracha ceaptha maidir le hastaíochtaí agus asbhaintí ó úsáid talún. Athróidh sé seo trí chóras nua cuntasaíochta úsáide talún an AE a chuirfear i bhfeidhm ó 2023 ar aghaidh don bhliain 2021. Faoin gcóras nua seo, déanfar astaíochtaí agus asbhaintí a mheas thar dhá thréimhse chuntasaíochta as a chéile, an chéad cheann ó 2021 go 2025 agus an dara ceann ó 2026 go 2030. Ní mór cuntas a thabhairt ar chúig cinn de na sé earnáil úsáide talún sa chéad tréimhse (Tailte Curaíochta Bainistithe, Féarach Bainistithe, Foraoisiú, Baint Foraoisí agus Foraoisí Bainistithe) mar aon leis an séú ceann, Bogaigh faoi Bhainistiú, a dtabharfar cuntas orthu ar bhonn éigeantach sa dara tréimhse agus cuntasaíocht roghnach sa chéad tréimhse tuairiscithe.
Mar aitheantas ar acmhainneacht maolaithe níos ísle na n-earnálacha talmhaíochta agus úsáide talún a chumhdaítear leis an Rialachán um Chomhroinnt Iarrachtaí (2018/842) (ESR), is féidir creidmheas LULUCF a úsáid go páirteach chun astaíochtaí faoin ESR a fhritháireamh. Má bhíonn astaíochtaí gáis cheaptha teasa na hÉireann do bhliain ar leith níos mó ná leithdháileadh na n-astaíochtaí d’Éirinn don bhliain sin, agus má bhíonn astaíochtaí agus asbhaintí LULUCF iomlána na hÉireann faoi bhun nialas, is féidir an “creidmheas” seo a chur san áireamh maidir le comhlíonadh na hÉireann an bhliain sin. Ní féidir cainníocht charnach na gcreidmheasanna sin bheith níos airde ná an tsolúbthacht is mó a leithdháiltear d’Éirinn don tréimhse 2021 go 2030, is é sin coibhéis 26.8 meigeathonna CO2.
Cad atá san áireamh i mBogach Bainistithe
Faoi Airteagal 7 de Rialachán LULUCF beidh cuntasaíocht i leith na mBogach faoi Bhainistíocht bunaithe ar thréimhse tagartha stairiúil 2005-2009, a chuirtear i bhfeidhm freisin i gcás na gcatagóirí Féarach Bainistithe agus Tailte Curaíochta Bainistithe
De réir threoirlínte an Phainéil Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) agus Rialachán LULUCF, tagraíonn cuntasaíocht d’astaíochtaí ó Bhogaigh Bhainistithe do na bogaigh sin ina n-athraítear an maoschlár go saorga (m.sh. trína dhraenáil nó trína ardú) nó iad siúd a gcruthaítear trí ghníomhaíocht dhaonna (m.sh. trí dhamba a chur ar abhainn). Faoi Airteagal 1 “Raon feidhme” Rialachán LULUCF, tá siad seo san áireamh i gcás Bogaigh faoi Bhainistiú:
- bogach atá fágtha ina bhogach
- lonnaíocht nó talamh eile, arna thiontú go bogach
- bogach a ndéantar lonnaíocht nó thalamh eile de
Ní dhéantar astaíochtaí ó bhogaigh gan mhilleadh nach ndearna daoine athrú, saothrú nó bainistíocht orthu ach cuirtear a n-achar talún san áireamh chun go ndéanfar tuairisciú iomlán chun go mbeidh tuairisc ar gach limistéar talún sa tír. In Éirinn, i gcás formhór na mBogach faoi Bhainistíocht is tailte portaigh iad a saothraíodh chun móin bhaint astu ar mhaithe le cúrsaí fuinnimh agus gairneoireachta.
Dúshláin Tomhais
Tugtar breac-chuntas i dTuarascáil Fardail Náisiúnta na hÉireann 2020 go gcuireann neamhchinnteachtaí maidir le réimse áirithe bainistíochta talún agus na hastaíochtaí gaolmhara leis an neamhchinnteacht fhoriomlán maidir le hastaíochtaí agus asbhaintí a thuairiscítear i gcás na mBogach Bainistithe.
Chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna maidir le neamhchinnteacht sonraí, tá an EPA ag maoiniú tionscadail a dhéanann imscrúdú ar airíonna tailte portaigh a mbíonn tionchar acu ar astaíochtaí agus ar asbhaintí gás ceaptha teasa i gcás tailte portaigh in Éirinn. Cuimsíonn sé seo athbhreithniú ar leaganacha agus uirlisí reatha a úsáidtear chun riocht phortaigh a mheas, agus an tábhacht a bhaineann le hairíonna agus bainistíocht tailte portaigh i samhaltú astaíochtaí gás ceaptha teasa. Chuir an EPA tús freisin le léarscáil spásúlachta faoi úsáid talún a fhorbairt a chabhróidh le sonraí limistéir agus meastacháin astaíochtaí agus asbhaintí a bheachtú, cé go bhfuil an tionscadal seo i gcéimeanna luatha na forbartha fós (cuireadh tús leis i Ráithe 3 2020, tar éis staidéar píolótach a rinneadh i Ráithe 4 2019), agus ní dócha go mbeidh aon fheabhsúcháin shuntasacha le fáil faoi shonraí sa chéad bhliain nó dhó.
Tá tuilleadh sonraí faoi na buntáistí níos leithne a bhaineann le bogaigh le fáil anseo