Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Iarratas a dhéanamh ar an gCiste Gníomhaíochta Comhshaoil Pobail

Cuireann an Ciste Gníomhaíochta Comhshaoil Pobail forbairt inbhuanaithe chun cinn trí thacaíocht a thabhairt do thionscadail chomhshaoil ar scála beag ag leibhéal áitiúil.

Oibríonn pobail agus grúpaí áitiúla i gcomhar leis na húdaráis áitiúla chun bearta a dhéanamh i réimsí amhail dramhaíl, bithéagsúlacht, athrú aeráide, aer agus uisce.

Bíonn tionscadail a n-éiríonn leo á gcomhchistiú ag údaráis áitiúla i gcomhar leis an roinn seo. Féadfar cistiú a fháil ó fhoinsí eile chomh maith, amhail an earnáil phríobháideach, chun barr feabhais a chur ar na tionscadail.

De bharr na srianta a cuireadh i bhfeidhm le linn na paindéime COVID-19 tá síneadh ama curtha ag an RAFC leis an dáta críochnaithe do thionscadail an Chiste Gníomhaíochta Comhshaoil Pobail 2019 ó mhí Lúnasa 2020 go deireadh mhí na Nollag 2020. Tá féidearthacht na Scéime don bhliain 2020 á meas againn faoi láthair agus na treoirlínte agus na srianta sláinte poiblí atá ann faoi láthair á gcur san áireamh. Táthar ag súil go gcuirfear iarratais don chéad bhabhta eile den Chiste Gníomhaíochta Comhshaoil Pobail siar go dtí an chéad ráithe den bhliain 2021.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat