Cuardaigh Sonraí Taiscéalaíochta agus Táirge Peitriliam
- Foilsithe: 16 Meitheamh 2020
- An t-eolas is déanaí: 25 Iúil 2025
- Cuardaigh Sonraí
- Faigh Rochtain ar Léarscáileanna agus Tuarascálacha
- Suirbhé Seismeach Réigiúnach 2013-14
Ní mór na sonraí teicniúla uile a fhaightear faoi údaruithe peitriliam arna n-eisiúint ag an Aire a thuairisciú don Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil a dhéanann Stór Náisiúnta na sonraí sin a bhainistiú agus a chothabháil. Áirítear leis an Stór sin sonraí ó thoibreacha (samplaí geolaíocha san áireamh), suirbhéanna geoifisiceacha agus staidéir theicniúla.
Chun taiscéalaíocht éifeachtach peitriliam a éascú, cuireann an Roinn na sonraí sin ar fáil go poiblí a luaithe a théann an tréimhse rúndachta in éag.
Chun tuilleadh faisnéise maidir le staidéir theicniúla, rochtain ar shamplaí ó thoibreacha, nó aon chuardach sonraí eile, is féidir leat ríomhphost a sheoladh chuig gsro@dcee.gov.ie nó glao ar 01 6782714.