Emma Cunningham
- Foilsithe: 17 Nollaig 2019
- An t-eolas is déanaí: 12 Samhain 2024

Is í Emma an Rúnaí Cúnta sa Rannóg Baincéireachta. Tá sí i gceannas ar fhoireann atá freagrach as forbairt beartais agus reachtaíochta ag an leibhéal intíre agus ag leibhéal an AE maidir le ceisteanna amhail rialú baincéireachta, soláthar creidmheasa agus cosaint tomhaltóirí. Tá an fhoireann freagrach freisin as forbairt beartais maidir le cumhachtaí agus feidhmeanna an Bhainc Cheannais agus an NTMA.
Bhí poist éagsúla ag Emma sa Roinn i rith a saoil oibre go dtí seo ar a n-áirítear í bheith ag obair sa rannóg idirnáisiúnta agus i rannóg an AE agus sa Rannóg Eacnamaíochta agus Buiséid. D’oibrigh sí freisin mar Chomhairleoir Buiséid i mBuanionadaíocht na hÉireann san Aontas Eorpach agus sa Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta.
Tá PhD (Stair), M.Econ.SC (Anáilís Bheartais) agus BA (Stair & Eacnamaíocht) ag Emma agus tá oiliúint iarchéime déanta aici le hInstitiúid na Baincéireachta maidir le comhlíonadh, seirbhísí airgeadais agus bainistíocht riosca.