Paschal Donohoe
- Foilsithe: 27 Meitheamh 2020
- An t-eolas is déanaí: 7 Feabhra 2025

Is é Paschal Donohoe an tAire Airgeadais. Ceapadh sa ról seo é an 23 Eanáir 2025. Roimhe sin, bhí sé ina Aire Caiteachais Phoiblí, Seachadta agus Athchóirithe an PFN.
Mar Aire Caiteachais Phoiblí, Seachadta agus Athchóirithe an PFN, bhí Paschal freagrach as caiteachas poiblí dea-bhainistithe agus dea-spriocdhírithe a sheachadadh, trí sheirbhísí poiblí a bhí nua-aimseartha, éifeachtach agus cuntasach. Déanann an Roinn maoirsiú ar chur i bhfeidhm an Phlean Forbartha Náisiúnta, tiomáineann sí clár athchóirithe na seirbhíse poiblí, agus tá príomhról aici i gcinntí a dhéantar ar fud an Rialtais.
Toghadh an tAire Donohoe ina Uachtarán ar Ghrúpa Euro na n-airí airgeadais i mí Iúil 2020 ar feadh téarma dhá bhliain go leith. Atoghadh é i mí na Nollag 2022, ag cur tús lena dhara mandáid i mí Eanáir 2023.
Ó Meitheamh 2017 - Nollaig 2022, bhí sé ina Aire Airgeadais.
Ó Bhealtaine 2016 - Meitheamh 2020, bhí sé ina Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, agus ó Iúil 2014 - Bealtaine 2016, mar Aire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt. Bhí post aige freisin mar Aire Gnóthaí Eorpacha ag Roinn an Taoisigh agus sa Roinn Gnóthaí Eachtracha ó Iúil 2013 - Iúil 2014.
Toghadh an tAire Donohoe mar TD den chéad uair i mí Feabhra 2011 do thoghcheantar Bhaile Átha Cliath Láir. Roimhe seo bhí sé ina bhall de Sheanad Éireann, ó 2007 - 2011. Bhí sé ina bhall de Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath ó 2004 - 2007 freisin.
Roimhe sin bhí sé ina Chathaoirleach ar Fhochoiste Oireachtais Todhchaí na hÉireann san Eoraip, agus ina bhall den Choiste um Chuntais Phoiblí. D’fhóin sé freisin mar Leas-Chathaoirleach ar an gCoiste um Ghnóthaí Eorpacha agus, mar Sheanadóir, d’fhóin sé mar chomhalta den Chomhchoiste Oireachtais um Iompar.
Le linn a thréimhse mar bhall de Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, d’fhóin sé mar Chathaoirleach ar an gCoiste um Beartais Straitéiseacha Comhshaoil & Innealtóireachta, mar bhall den Ghrúpa Beartais Chorparáidigh agus freisin mar Chathaoirleach ar an Lárchoiste Ceantair.
Is céimí de chuid Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath é an tAire Donohoe, le céim sa Pholaitíocht agus san Eacnamaíocht agus d’fhreastail sé ar CBS St. Declan.
Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Uasal Donohoe ag paschal.donohoe@oireachtas.ie