Chairt Custaiméirí
- Foilsithe: 30 Bealtaine 2024
- An t-eolas is déanaí: 29 Iúil 2024
- Gealltanais do Chustaiméirí
- Faireachán agus Meastóireacht ar Fheidhmíocht
- Na Nithe a Tharlóidh Nuair a Dhéanann Tú Teagmháil Linn
- Aiseolas
- Moltaí, Barúlacha agus Gearáin
- Conas Barúil nó Gearán a Chur Isteach
Mionsonraítear sa Chairt Custaiméirí seo an leibhéal seirbhíse ar féidir le custaiméirí a bheith ag súil leis agus iad ag déileáil linn. Leagtar an méid sin amach ar bhealach níos mine inár bPlean Gníomhaíochta Custaiméirí.
Gealltanais do Chustaiméirí
Déanfaimid na nithe seo a leanas nuair a dhéanann tú teagmháil linn nó nuair a thugann tú cuairt orainn:
- Caitheamh go cothrom leat, le cúirtéis agus le meas
- A chinntiú go mbeidh ár seirbhísí lán-inrochtana
- Gnó a dhéanamh trí Ghaeilge, nuair a iarrfar é sin
- Na caighdeáin is airde ionracais a chur i bhfeidhm
- Bheith oscailte agus comhairleach, agus éisteacht le tuairimí daoine eile agus na tuairimí sin a chur san áireamh
- Iontaoibh an phobail a chothú trí sheirbhís ardchaighdeáin agus trí dhea-chumarsáid
Faireachán agus Meastóireacht ar Fheidhmíocht
Déantar faireachán agus tomhas ar ár bhfeidhmíocht ó thaobh seirbhíse do chustaiméirí de bunaithe ar na nithe seo a leanas:
- an 12 Phrionsabal um Sheirbhís Ardchaighdeáin do Chustaiméirí
- ár ngealltanais, mar atá leagtha amach inár bPlean Gníomhaíochta Custaiméirí agus
- an líon gearán a fhaighimid
Na Nithe a Tharlóidh Nuair a Dhéanann Tú Teagmháil Linn
Teagmháil trí litir nó trí ríomhphost
- Nuair is cuí, admhóimid go bhfuarthas gach píosa comhfhreagrais scríofa laistigh de chúig lá oibre ó é a fháil.
- Déanfaimid ár ndícheall freagra a thabhairt ar fhiosruithe ó chustaiméirí laistigh de 20 lá oibre. I gcás nach féidir freagra iomlán a thabhairt laistigh den chreat ama sin, eiseofar freagra eatramhach ina dtabharfar creat ama measta don fhreagra
- Cinnteoimid go n-imscrúdófar fiosruithe agus gearáin agus go n-eiseofar freagra ina leith
- Cuirfear ainm teagmhála, uimhir theileafóin agus/nó seoladh ríomhphoist ar áireamh i ngach freagra
Teagmháil thar an bhfón
- Freagróimid glaonna teileafóin go pras, agus ár n-ainm agus ár réimse oibre á lua againn
- A mhéid is féidir, ní aistreofar aon ghlaoiteoir níos mó ná uair amháin le linn aon ghlao teileafóin aonair
- Más rud é nach féidir linn déileáil le d’fhiosrú láithreach, tógfaimid do mhionsonraí agus glaofaimid ar ais ort a luaithe is féidir
Cuairteoirí ar ár nOifigí
- Caithfear le gach cuairteoir le meas agus le cúirtéis
- Tabharfaimid suaitheantas cuairteora do chuairteoirí, de réir mar is gá
- Cinnteoimid go mbeidh ár saoráidí fáiltithe agus cruinnithe glan agus inrochtana
- Tabharfaimid fógra don lucht fáiltithe sula dtiocfaidh cuairteoirí a bhfuiltear ag súil leo
An dóigh a ndéileálaimid leat
- Freastalófar ar chustaiméirí a bhfuil riachtanais shonracha acu agus sinn ag soláthar seirbhísí
- Déanfaimid ár ndícheall freastal ar chustaiméirí ar mhaith leo a ngnó a dhéanamh trí Ghaeilge
- Scríobhfaimid i dteanga shoiléir agus míneoimid aon téarmaí teicniúla a úsáidimid
- Beidh ár bhfoilseacháin ar fáil ar ár suíomh Gréasáin
Aiseolas
Fáiltímid roimh aiseolas ar ár seirbhísí agus iarraimid an t-aiseolas sin. Soláthraímid cártaí barúla saorphoist inár bpríomhlimistéar fáiltithe. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn trí ríomhphost freisin: customer.service@finance.gov.ie
Moltaí, Barúlacha agus Gearáin
Déileálfaimid le do chomhfhreagras ar bhealach pras, cothrom agus neamhchlaon.
Más rud é go mbeidh tú míshásta leis an tseirbhís a fuair tú, is féidir leat na nithe seo a leanas a dhéanamh:
- gearán a dhéanamh leis an rannóg a bhfuil tú ag déileáil léi, nó
- do ghearán a sheoladh chuig an Oifigeach Seirbhíse do Chustaiméirí
Tabhair do mhionsonraí teagmhála agus an fhaisnéis iomchuí a bhaineann le do ghearán.
I ngach cás, admhóimid go bhfuarthas an gearán laistigh de chúig lá oibre.
Déanfaimid imscrúdú ar do ghearán agus tabharfaimid freagra air laistigh de 20 lá oibre. I gcás nach féidir freagra iomlán a thabhairt laistigh den chreat ama sin, eiseofar freagra eatramhach.
Conas Barúil nó Gearán a Chur Isteach
Tabhair cuairt ar an rannán Déan Teagmháil Linn dár suíomh Gréasáin
Ríomhphost: customer.service@finance.gov.ie
Chun cabhrú linn déileáil le do bharúil nó do ghearán, tabhair na mionsonraí seo a leanas:
- D’ainm, do sheoladh agus do sheoladh ríomhphoist
- Faisnéis chruinn iomlán a bhaineann le d’fhiosrú
- Uimhir theileafóin lae
Caith lenár mbaill foirne le cúirtéis agus le meas