English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Buiséad 2004

  • Ó: An Roinn Airgeadais

  • Foilsithe: 24 Meán Fómhair 2020
  • An t-eolas is déanaí: 24 Meán Fómhair 2021


Cuspóirí Buiséadacha

Tá ceithre mhórchuspóir sa bhuiséad seo:

  • Fostaíocht agus fás a fhorbairt
  • Leanúint le cur chuige stuama i leith ár maoiniú poiblí
  • Infheistíocht bhreise a dhéanamh inár bhfostruchtúr
  • Ár gcumas iomaíochta a chinntíu trí bhoilsciú íseal

chun na hacmhainní is gá a sholáthar le cuimsiú sóisialta a chinntiú


Coimriú ar an Staid Eacnamaíoch agus Buiséadach 2004

  • Fás eacnamaíoch de réir breis agus 3%
  • Meadú de 23,000 san fhostaíocht
  • Dífhostaíocht coinnithe ag 5% ar an meán
  • Titim sa bhoilsciú go 2½%
  • Méadú díreach faoi bhun 7% ar chaiteachas comhlán go €41.1 billiún
  • Iasachtaí Státchiste de €2.8 billiún
  • Easnamh Ginearálta Rialtais ag 1.1% den OTI

Bearta um Chánachas Pearsanta

  • €300 milliún de laghduithe cánach
  • Méadú de €240 go €1040 in aghaidh na bliana sa chreidmheas cánach IMAT don fhostaí
  • Fanfaidh 90% den íosphá taobh amuigh de scóip na cánach
  • Méadú de €500 go €15,500 do dhuine singil agus de €1000 go €31,000 do dhuine pósta sa bhliain sna teorainneacha díolúine ó chain ioncaim do daoine in aois 65 agus os a chionn
  • Bainfear breis agus 41,000 íocoírí cánach as scóip na cánach an bhliain seo chugainn
  • Liúntas cánach i leith síntiús ceardchumann ardaithe go €200 in aghaidh na bliana

Faoisimh ó Cháin

  • Leanfar den Scéim Fairsingiú Gnó agus den Scéim Síol Caipitil go dtí 31 Nollaig 2006. Méadófar an teorainn do Chuideachtaí go €1 milliún
  • Sínfear Faoiseamh Scannán ó dheireadh 2004 go dtí deireadh 2006. Méadófar ó 1 Eanáir 2005 an t-uasmhéid (in aghaidh an scannáin) de mhaoiniú atá i dteideal faoisimh cánach ó €10.48 milliún go €15 milliún
  • Creidmheas Cánach nua do Thaighde agus Forbairt i gcuideachtaí chun postanna níos luachmhaire a spreagadh
  • Faoiseamh Cánach nua do Chuideachtaí Sealbhaíochta chun ceannoifigí agus postanna a mhealladh anseo
  • Sínfear an Faoiseamh Cánach do Fhuinneamh In-athnuaite go dtí 2006
  • Sínfear Scéim Athnuachana Uirbeach agus Scéimeanna eile ó 31 Nollaig 2004 go dtí 31 Iúil 2006

Cáin Indíreach

Ó mheán oíche 3 Nollaig:

  • Méadú de 25c ar 20 toitín (CBL san áireamh)
  • Dleacht ar pheitreal agus díosal gluaisteáin ardaithe de 5c an líotar (CBL san áireamh)

Gnéithe Tuaithe

  • Méadú sa liúntas díolúine cánach bliantúil i leith talamh feirme ar léas - €7,500 do léasanna ar feadh tréimhse 5-7 mbliana agus €10,000 do léasanna 7 mbliana nó os a chionn. Tá an teorainn aoise laghdaithe ó 55 bl. go 40 bl.
  • Ráta comhréidh CBL d'fheirmeoirí ardaithe go 4.4%
  • Ioncam ó scéim (mná tí) na gColáistí Samhraidh Gaeltachta díolmhaithe ó cháin
  • Sínfear an liúntas caipitiúil i leith smachta ar thruailliú feirme ar feadh 3 bliana eile
  • Scéim nua Shóisialta Tuaithe chun suas le 2500 áit a sholáthar ar scéimeanna fostaíochta pobail

Dílárú

  • Mórschlár díláraithe do Ranna agus Oifigí Rialtais
  • Breis agus 10,000 post do 53 ionad i 25 contae
  • Soláthar caipitil de €20 milliún mar infheistíocht thosaigh
  • Aistriú foirne ar bhonn deonach

Leas Sóisialach

(Ó Eanáir 2004, ach amháin má deirtear a mhalairt)

  • Méadú € 630 milliún sa bhliain iomlán i Leas Sóisialach mar a leanas:
  • Méaduithe i rátaí go mór os cionn an ráta bhoilscithe
  • Méadú de €10 sa tseachtain sna huasrátaí Pinsin Seanaoise agus pinsean gaolmhar.
  • Méadú de €11.50 sa tseachtain sa Phinsean Ranníocach Baintrí (Fir) agus sa Phinsean Mná Céile Tréigthe do dhaoine os cionn 66
  • Méadú de €10 sa tseachtain sna rátaí pearsanta seachtainiúla eile go léir.
  • Méadú Speisialta de €16.10 sa ráta Liúntais do Phinsean Míchumais do Dhuine Fásta Cáilithe nuair atá an duine cáilithe 66 bliana nó os a chionn
  • Méadú de €6 i Sochar Linbh (an 1ú agus an 2ú leanbh) go €131.60 sa mhí agus méadú de €8 (an 3ú leanbh agus níos mó) go €165.30 ó Aibreán 2004
  • Méadú de €28 sa tseachtain sna Tairsigh ioncaim don Fhorlíonadh Ioncaim Teaghlaigh agus méadú de €7 san íocaíocht is lú
  • Méadú go €835 sa bhliain sa Deontas um Fhaoiseamh Cúraim ó Mheitheamh 2004
  • Méadú go €2700 sa Deontas do Thuismitheoir atá ina b(h)aintreach (fir) ó lá an Bhuiséid

Míchumais

Tá €25 milliún breise á chur ar fáil chun cabhrú le daoine le míchumais intleachtúla, coirp nó céadfaíocha


Leasú ar Phinsin Seirbhíse Poiblí

I gcás iontrálaithe nua, tá an Rialtas ag tabhairt isteach na bearta seo a leanas:

  • Ardú go 65 bliana san aois is lú le haghaidh pinsin don chuid is mó de na hiontrálaithe nua ó Aibreán 2004.
  • An aois is lú le haghaidh pinsin i gcás catagóirí áirithe (Gardaí, Oifigigh Phríosúin) le hardú go 55 bliana, agus i gcás na bhForsaí Cosanta go 50 bliain
  • An aois is lú le haghaidh pinsin ardaithe go 65 bliana i gcás baill den Oireachtas agus Sealbhóirí Oifige a thoghadh nó a cheapadh ar 1 Aibreán 2004 nó ina dhiaidh sin
  • Cealófar an aois pinsin éigeantach de 65 i gcás iontrálaithe nua, ag ligean do bhaill foirne fanacht ag obair más mian leo

I gcás seirbhísigh phoiblí reatha:

  • Socruithe nua comhtháthaithe le Leas Sóisialach chun cuidiú le seirbhísigh phoiblí ar ioncam íseal
  • Cuirfear tús le scéim aonair de chineál Scéim Ranníocach Deonach Breise

Caiteachas Caipitiúil

  • Beartáin rolltacha 5 bliana don infheistíocht chaipitiúil go léir. Tiomantas don infheistíocht chaipitiúil a choinneáil suas go 5 faoin gcéad den OTN le linn na 5 mbliana seo romhainn
  • €30m breise le haghaidh oibreacha Tógála Scoile

Airgeadas Rialtais Áitiúil

Soláthar breise aon uaire de €30m in 2004 do ranníocaíocht an Státchiste leis an gCiste Rialtais Áitiúil