Ceann ar an Aonad Airgeadais agus ar an Aonad Státchiste sa Roinn Airgeadais (Ard-Phríomhoifigeach)
- Foilsithe: 22 Lúnasa 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Is é misean na Roinne Airgeadais comhlíonadh spriocanna beartais eacnamaíoch, fhioscaigh, baincéireachta agus airgeadais an Rialtais a threorú, agus aird á tabhairt ar na spriocanna atá leagtha amach i gClár an Rialtais.
An Ról
Iarrann an Roinn Airgeadais iarratais ar an ról ardbhainistíochta mar Cheann Airgeadais. Is ról ardbhainistíochta é an ról seo agus is deis chorraitheach é chun feidhm airgeadais na heagraíochta a threorú agus an phríomhfhreagracht a ghlacadh as Aonad Airgeadais agus Aonad Státchiste na Roinne.
Mar bhall den lucht ardbhainistíochta, beidh deis agat rannchuidiú go gníomhach le cuspóirí straitéiseacha na Roinne a chomhlíonadh, agus beidh tú freagrach as na gnéithe uile de rialú airgeadais, lena n-áirítear ceanglais reachtúla agus rialála, tuairisciú airgeadais, agus forbairt buiséid.
Tá an Roinn Airgeadais tiomanta d’fhórsa saothair a chur chun cinn atá cuimsitheach agus éagsúil agus ina léirítear Éire an lae inniu agus na daoine a bhfreastalaímid orthu. Spreagann an Roinn iarratais ó iarrthóirí cáilithe éagsúla chun a chinntiú go mbeidh an Roinn ina fíorléiriú ar shochaí na hÉireann, agus beidh aird aici ar a inmhianaithe atá cothromaíocht inscne, éagsúlacht agus cuimsiú nuair a bheidh ceapacháin á ndéanamh aici.
Áirítear iad seo a leanas leis na príomhfhreagrachtaí atá i gceist:
- An tAonad Airgeadais agus an tAonad Státchiste a threorú agus a bhainistiú;
- A chinntiú go gcomhlíonfar oibleagáidí uile na Roinne i leith an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste le linn an Príomh-Chiste a oibriú;
- Formhaoirseacht a dhéanamh ar an bpróiseas meastachán bliantúil;
- Treorú a dhéanamh ar an obair a dhéantar chun straitéisí, beartais agus nósanna imeachta airgeadais a cheapadh, a fhorbairt agus a athbhreithniú;
- An tArd-Rúnaí agus an Bord Feidhmiúcháin a choinneáil ar an eolas faoi na nithe buiséadacha uile laistigh den Roinn;
- Próisis agus nósanna imeachta riosca na Roinne a fhorbairt agus a bhainistiú agus an fheidhm comhlíonta a bhainistiú, lena n-áirítear na róil mar Oifigeach Cosanta Sonraí agus mar Oifigeach Soláthair.
- Treorú agus bainistiú a dhéanamh ar na foirne a oibríonn laistigh de thimpeallacht chomhoibríoch obair foirne.
Féach an Leabhrán Faisnéise d’Iarrthóirí chun tuilleadh faisnéise a fháil faoin ról seo agus faoi conas iarratas a dhéanamh