Oideachas Airgeadais i Scoileanna: Treoirlínte don Tionscal Seirbhísí Airgeadais
- Foilsithe: 20 Feabhra 2025
- An t-eolas is déanaí: 24 Feabhra 2025
Soláthraítear leis na treoirlínte seo an bunús ar ar féidir le bunscoileanna, le hiar-bhunscoileanna agus le soláthraithe seirbhísí airgeadais naisc oideachais atá iomchuí, cuimsitheach agus ar ardchaighdeán a chruthú, ar mhaithe le feabhas a chur ar litearthacht airgeadais, athléimneacht airgeadais agus folláine fhoriomlán airgeadais do leanaí agus daoine óga.
Is é an aidhm fhoriomlán atá leis na treoirlínte seo comhpháirtíochtaí ar ardchaighdeán a chothú idir scoileanna agus an tionscal seirbhísí airgeadais maidir le cláir oideachais airgeadais a sholáthar ar
fud na tíre.
Ba cheart do na cláir sin a bheith ag teacht leis an dea-chleachtas idirnáisiúnta, lena n-áirítear an Creat Inniúlachta Airgeadais ón AE (EU) / ECFE (OECD) do Leanaí agus don Óige san Aontas Eorpach.