Ceathrar comhaltaí nua á gceapadh ag an Aire Donohoe ar Bhord HBFI
- Foilsithe: 9 Bealtaine 2019
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
D'fhógair Paschal Donohoe T.D., an tAire Airgeadais agus Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, inniu (Déardaoin) go bhfuil ceathrar á gceapadh aige ar Bhord Mhaoiniú Theaghas-Tógála Éireann (HBFI).
Tá Marie Collins ainmnithe ina Cathaoirleach ag an Aire chomh maith le triúr stiúrthóirí neamhfheidhmiúcháin eile a cheapadh ar an mBord, Claire Solon, Gráinne Hennessy agus Ken Slattery.
Eagraíodh an próiseas roghnúcháin maidir leis na ceapacháin i gcomhréir leis na Treoirlínte maidir le Ceapacháin ar Bhoird Stáit a d'fhoilsigh an Rialtas i mí na Samhna 2014. An tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí a rinne an bhainistíocht ar an bpróiseas agus cuireadh spéis mhór sna poist a fógraíodh.
Ag tagairt dó do na ceapacháin, dúirt an tAire Donohoe:
‘Is ábhar ríméid dom na ceapacháin seo ar Bhord HBFI lena gcinnteofar go mbeidh leas ag an eagraíocht nua as sárcheannaireacht agus as réimse leathan scileanna agus taithí agus an obair á tabhairt chun cinn an bhliain chinniúnach tosaigh seo dá ré feidhme.'
“Chomh maith sárthréithe na stiúrthóirí nua, is cúis áthais dom freisin gur mná triúr den cheathrar atá á n-ainmniú, an Cathaoirleach ina measc. Is léiriú seo ar an tábhacht atá leis an iléagsúlacht sa réimse maidir le cúrsaí maoine agus gnóthaí airgeadais ar fir ba mhó go mór a bhíodh ag obair ann le tamall fada.”
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir:
- Rinneadh Maoiniú Teaghais-Tógála Éireann (HBFI) a sheoladh go hoifigiúil i mí Eanáir 2019 arna chur ar bun chun maoiniú a dhéanamh ar an obair thógála maidir le hárais nua cónaithe in Éirinn. Eintiteas tráchtála atá ann a chuireann cistí ar fáil ar rátaí an mhargaidh d'fhorbraíocht ar árais cónaithe a bhfuil bonn maith tráchtála.
- Foráiltear le hAlt 8 den Acht um Maoiniú Teaghais-Tógála Éireann 2018 do Bhord idir 3 agus 7 stiúrthóir ag HBFI, an Cathaoirleach san áireamh, agus iad ar fad á gceapadh ag an Aire Airgeadais.
- Cheap an tAire Airgeadais triúr comhaltaí Boird ar an HBFI a bhunú agus a chlárú. Is iad sin:
o Des Carville - Ceann na Rannóige maidir le Scarshealbhóireacht agus Comhairle Airgeadais sa Roinn Airgeadais
o Andrew Flanagan – Príomh-Oifigeach Dlí le Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta
o Michael Broderick – Ceannasaí Tionscadail maidir le HBFI
Cuntas Beathaisnéise ar na Daoine a Ainmníodh
• Tá taithí ag Marie Collins ina stiúrthóir neamhfheidhmiúcháin san earnáil phríobháideach agus san earnáil phoiblí. Bhí sí ina Bainisteoir Ginearálta tráth ar Chiste Pinsin BSL agus tá sí ina comhalta boird faoi láthair le Irish Property Unit Trust Plc. (IPUT), Bank of Ireland: General Investment Trust DAC, Fondúireacht Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus Eco-UNESCO. Beidh leas as taithí ceannaireachta Marie Collins freisin ina Cathaoirleach di, bhí sí ina cathaoirleach roimhe seo ar Chomhlachas Chistí Pinsin na hÉireann (IAPF) chomh maith le cathaoirleacht a dhéanamh ar an gCoiste Iniúchta & Riosca in eagraíochtaí éagsúla.
• Is í Claire Solon an Ceannasaí Maoine le Aviva agus é de chúram uirthi bainistíocht a dhéanamh ar chistí maoine in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe le luach is mó ná €600m. Bhí Claire freagrach roimhe seo as an mbainistíocht ar an bpunann maoine is fairsinge in Éirinn agus í ina Ceannasaí maidir le Bainistíocht Eastáit le BSL. Tá fónamh déanta aici ina hUachtarán ar Chumann na Suirbhéirí Cairte i rith na bliana 2016 agus ar Bhord an Irish Green Building Council.
• Is aturnae sinsearach le Arthur Cox í Gráinne Hennessy a bhfuil níos mó ná 27 bliain taithí aici ar chomhairle a chur ar iasachtóirí agus ar iasachtaithe maidir le hinfheistíocht i maoin réadach, roinnt de na tograí airgeadais is mó maidir le gnóthaí tógála sa tír seo san áireamh. Chaith sí 6 bliana ina comhalta ar choiste bainistíochta Arthur Cox.
• Tá Ken Slattery ina chomhalta d'Institiúid na mBaincéirí agus ina Stiúrthóir Deimhnithe Bainc. Tá blianta fada taithí aige ina chomhalta boird in earnáil na seirbhísí airgeadais. Tá sé ag fónamh faoi láthair ina stiúrthóir neamhfheidhmiúcháin le Permanent TSB agus leis an Oifig Náisiúnta um Sheirbhísí Comhroinnte mar a bhfuil sé ina Chathaoirleach chomh maith ar an gCoiste Iniúchta & Riosca. Chaith sé níos mó ná 15 bliana ina Stiúrthóir maidir le Baincéireacht Chorparáide le Banc na hÉireann agus bhí sé ina stiúrthóir feidhmiúcháin leis an Social Finance Foundation ar feadh 9 mbliana.