Trádáil agus infheistíocht dhéthaobhach idir Éirinn-Na Stáit Aontaithe: Caidreamh a mbainfidh an dá thír leas as
- Foilsithe: 29 Bealtaine 2019
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
- Éire i measc 21 thír atá liostaithe i 'dTuarascáil um Malairt Eachtrach' na Roinne Státchiste sna Stáit Aontaithe;
- Barrachas €23 billiún i gceist le trádáil earraí na hÉireann leis na Stáit Aontaithe;
- Easnamh mór trádála seirbhísí ag Éirinn leis na Stáit Aontaithe;
- Mar thoradh air sin, tá staid trádála chothrom den chuid is mó ag Éirinn leis na Stáit Aontaithe.
D'fhoilsigh Roinn Státchiste na Stát Aontaithe (an 'Státchiste') a thuarascáil gach sé mhí don Chomhdháil aréir (Dé Máirt) darbh teideal “Macroeconomic and Foreign Exchange Policies of Major Trading Partners of the United States” (an 'tuarascáil um malairt eachtrach').
Áirítear sa tuarascáil 'liosta monatóireachta' de thíortha a bhfuil súil ghéar le coinneáil orthu, dar leis an Státchiste, mar gheall ar na 'cleachtais airgeadra agus beartais mhaicreacnamaíochta' atá acu. Tá roinnt critéar bunaithe ag an Státchiste chun go n-áireofar tír ar an liosta. Tá an liosta monatóireachta méadaithe ó bhí tuarascálacha eile ann, agus tá Éire ar an liosta sin anois den chéad uair. Tá roinnt Ballstát de chuid an Aontais Eorpaigh ar an liosta chomh maith.
Ceann de chritéir an Státchiste chun go gcuirfí tír leis an liosta monatóireachta ná méid an bharrachais atá ag comhpháirtí trádála atá ag trádáil earraí leis na Stáit Aontaithe. Ní ghlactar trádáil seirbhísí san áireamh. (Féach ar na Nótaí d'Eagarthóirí)
Bhí barrachas i ndáil le trádáil earraí leis na Stáit Aontaithe ag Éirinn i gcónaí. B'ionann na hearraí a onnmhairíodh as Éirinn go dtí na Stáit Aontaithe agus €39 billiún anuraidh (táirgí cógaisíochta den chuid is mó) agus b'ionann na n-allmhairithe ó na Stáit Aontaithe agus €16 billiún anuraidh (aerárthaí á n-allmhairiú ag cuideachtaí léasa atá lonnaithe in Éirinn den chuid is mó). Dá bharr sin, bhí barrachas trádála earraí €23 milliún ag Éirinn leis na Stáit Aontaithe in 2018.
Ó thaobh na hÉireann de, tá sé tábhachtach féachaint ar fhorbairtí trádála déthaobhacha sa bhabhta, i.e. trádáil seirbhísí déthaobhacha a áireamh in aon anailís.
In 2017 (an bhliain is déanaí a bhfuil sonraí ar fáil ina leith), d'allmhairigh an tír seo seirbhísí arbh fhiú iad agus breis is €47 billiún ó na Stáit Aontaithe (is sna Stáit Aontaithe is mó a tharlaíonn forbairt táirgí ard-luacha R&D atá mar bhonn le go leor d'onnmhairithe cógaisíochta na hÉireann agus, dá bhrí sin, tabhaíonn earnáil ceimiceáin agus cógaisíochta na hÉireann ríchíosanna agus táillí ceadúnais ollmhóra* agus déantar íocaíochtaí fairsinge chomh maith i ndáil le seirbhísí gnó lena gcuid máthairchuideachtaí sna Stáit Aontaithe). Tá luach na seirbhísí a n-allmhairítear ó na Stáit Aontaithe níos airde ná mar atá i gceist le haon tír eile. Ar an lámh eile, d'onnmhairigh Éire seirbhísí a raibh luach €18 billiún leo chuig na Stáit Aontaithe (seirbhísí ríomhaireachta agus ríchíosanna den chuid is mó). Mar thoradh air sin, bhí easnamh trádála seirbhísí ollmhór (€29½ billiún billiún) ag Éirinn leis na Stáit Aontaithe.
Nuair a chuirtear sin san áireamh le barrachas earraí tuairim is €29 billiún in 2017, bhí easnamh trádála foriomlán ag Éirinn leis na Stáit Aontaithe (-600 milliún) in 2017.
Maidir leis an staid trádála, dúirt an tAire Airgeadais agus Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Paschal Donohoe T.D.,:
'Cé go bhfuil barrachas mór trádála earraí ag Éirinn leis na Stáit Aontaithe, tá easnamh mór trádála seirbhísí againn ag an am céanna. Léirítear staid trádála atá cothrom den chuid is mó sna sonraí is déanaí nuair a ghlactar earraí agus seirbhísí araon san áireamh. Tá geilleagar na hÉireann neadaithe go domhain i slabhraí soláthair an domhain - is geilleagar an-oscailte muid. Is léir é sin go mór mór leis an trádáil a dhéanaimid leis na Stáit Aontaithe de bharr go bhfuil slabhraí soláthair comhtháite agus casta ag an dá thír araon. Is caidreamh é seo a mbaineann an dá thír leas as - oibríonn sé an dá bhealach. Tá caidreamh geilleagrach déthaobhach atá chun leasa an dá thír idir Éirinn agus na Stáit Aontaithe ar féidir é a thomhas tríd an infheistíocht dhíreach eachtrach a dhéanann na Stáit Aontaithe in Éirinn, agus tríd an infheistíocht a dhéanann Éirinn sna Stáit Aontaithe. Chun sin a chur i bhfigiúirí, tá isteach is amach le 150,000 duine fostaithe i gcomhlachtaí faoi úinéireacht na Stát Aontaithe in Éirinn agus tá isteach is amach le 100,000 duine sna Stáit Aontaithe ag obair i gcomhlachtaí faoi úinéireacht na hÉireann. De réir staitisticí ó Roinn Tráchtála na Stát Aontaithe, tá Éire ar an ochtú bhfoinse is mó a dhéanann infheistíocht dhíreach eachtrach sna Stáit Aontaithe. Is iad na trí earnáil is mó atá i gceist ná Bogearraí/ICT, Seirbhísí Gnó; agus Bia agus Deochanna'.
Baineann an dara critéar chun go n-áireofaí tír ar an liosta monatóireachta le cuntas reatha chomhardú na n-íocaíochtaí. In 2017, bhí barrachas cuntais reatha arbh ionann é agus 8.5 faoin gcéad den GDP ag Éirinn, agus bhí sin níos mó ná tairseach 2 faoin gcéad an Státchiste (b'ionann an barrachas in 2018 agus 9.1 faoin gcéad den GDP).
Tá go leor fianaise ann go bhfuil cuntas reatha na hÉireann go mór as riocht ag fachtóirí mar "déantús ar conradh"** agus sócmhainní maoine intleachtúla a chur ar bun sa bhaile an athuair. Dá réir sin, ní thugann sin léiriú ar idirbheartaíochtaí airgeadais na hÉireann leis an gcuid eile den domhan. Chun sin a ghlacadh san áireamh, táirgeann an CSO “cuntas reatha mionathraithe” arbh ionann é, in 2017 (na sonraí is déanaí) agus tuairim is 1¼ faoin gcéad den ioncam náisiúnta, atá faoi thairseach an Státchiste. Meastar gur léiriú níos oiriúnaí ar staid na hÉireann iad figiúirí an chuntais reatha mhionathraithe.
Maidir leis an tuarascáil dúirt an tAire Donohoe:
'De bharr go bhfuil foireann oibre sholúbtha a bhfuil scileanna acu ag Éirinn agus de bharr an áit a bhfuil an tír suite idir mór-roinn na hEorpa agus na Stáit Aontaithe, tá tóir ag cuideachtaí as Meiriceá uirthi chun láithreacht Eorpach a bhunú. Gnóthaíonn cuideachtaí ilnáisiúnta a thagann chun na hÉireann, lena n-áirítear cuideachtaí ó na Stáit Aontaithe, leas airgeadais a chuidíonn lena gcuid oibríochtaí ar fud an domhain. Ag an am céanna, tá breis is 500 cuideachta faoi úinéireacht na hÉireann (in Éirinn) ag onnmhairiú chuig na Stáit Aontaithe, agus tá láithreacht lánaimseartha sna Stáit Aontaithe ag tuairim is dhá thrian díobh sin, idir oifig díolachán aon duine amháin agus oibríochtaí déantúsaíochta ina bhfuil na mílte daoine fostaithe. Cuireann cuideachtaí na hÉireann, dá bhrí sin, go mór le geilleagar na Stáit Aontaithe. Sheol an Rialtas straitéis le gairid chun na caidrimh gheilleagracha idir Éirinn agus na Stáit Aontaithe agus Ceanada a neartú, lena n-áirítear lorg an IDA agus Fiontar Éireann sna tíortha sin a mhéadú.
Críoch
Trádáil agus infheistíocht dhéthaobhach idir Éirinn-Na Stáit Aontaithe: Caidreamh a mbainfidh an dá thír leas as
- Go ginearálta, is íocaíochtaí iad ríchíosanna agus táillí ceadúnais a dhéanann eintiteas atá lonnaithe in Éirinn (agus, dá réir, seirbhís a allmhairítear) lena mháthairchuideachta i ndáil le cearta (mar shampla) maoine intleachtúla a úsáid d'fhonn a dhul i mbun déantúsaíochta in Éirinn.
** Is modh seachfhoinsithe é déantús ar conradh ina bhfostaíonn comhlacht atá lonnaithe in Éirinn cuideachta thar lear chun earraí a dhéanamh thar a cheann (agus vice versa). Is é an rud is tábhachtaí faoi sin ná go bhfanann na hionchuir a úsáidtear sa phróiseas táirgthe, lena n-áirítear na cearta maoine intleachtúla luachmhara, faoi úinéireacht an eintitis atá lonnaithe in Éirinn agus meastar nach bhfuil aon athrú déanta ar úinéireacht gheilleagrach le linn an phróisis táirgthe. Lena chur ar bhealach eile, cuireann an déantúsóir ar conradh atá lonnaithe thar lear seirbhís déantúsaíochta ar fáil don chuideachta atá lonnaithe in Éirinn agus ní bheidh úinéireacht ag tráth ar bith ag an gcéad eintiteas ar an táirge. Nuair a dhíoltar na hearraí sin sa tríú tír i ndeireadh na dála, meastar go bhfuil athrú ar úinéireacht gheilleagrach tarlaithe agus déantar an t-idirbheart a thaifeadadh mar onnmhairiú ón eintiteas atá lonnaithe in Éirinn. Cé go gcuireann an gníomh sin le honnmhairí na hÉireann, is beag tionchair a bhíonn aige ar chaighdeán maireachtála mhuintir na hÉireann de bharr gur beag gníomhaíochta/fostaíochta baile a ghintear, má ghintear ar chor ar bith iad.
Nóta d’Eagarthóirí:
- Faoin dlí, foilsíonn Roinn Státchiste na Stát Aontaithe tuarascáil gach sé mhí ar a dtugtar “Macroeconomic and Foreign Exchange Policies of Major Trading Partners of the United States”. Déantar an tuarascáil sin a chur faoi bhráid Chomhdháil na Stát Aontaithe go foirmeálta.
- Áirítear sa tuarascáil "Liosta Monatóireachta de Mhórchomhpháirtithe Trádála" a bhfuil, dar leis an Státchiste na Stát Aontaithe, "súil ghéar le coinneáil orthu maidir leis na cleachtais airgeadra agus beartais mhaicreacnamaíochta" atá acu.
- Tá trí phríomhchritéar curtha i dtoll a chéile ag an Státchiste faoina gcuirfí tír leis an liosta seo:
1. Barrachas trádála déthaobhaigh mór (atá sainmhínithe mar '$20 billiún ar a laghad) leis na Stáit Aontaithe (go tábhachtach, ní bhaineann an critéar seo ach le trádáil earraí);
2. Barrachas ábharach cuntais reatha (a shainmhínítear mar '2 faoin gcéad ar laghad den GDP); agus,
3. Idirghabháil bhuanseasmhach, aontaobhach airgeadra, a thagann chun cinn nuair a dhéantar airgeadra iasachta a ghlancheannach arís agus arís eile agus gurb ionann an t-iomlán agus 2 faoin gcéad ar a laghad de GDP an gheilleagair thar thréimhse 12 mhí. [Ní bhaineann sin le hÉirinn]
- In 2018, b'ionann barrachas marsantais/earraí na hÉireann leis na Stáit Aontaithe agus €23 billiún. Bhí sin comhdhéanta d'onnmhairí earraí arbh fhiú €39 milliún iad (táirgí cógaisíochta den chuid is mó) go dtí na Stáit Aontaithe agus €16 billiún maidir le hearraí a allmhairíodh ó na Stáit Aontaithe.
- Tá comhdhéanamh na n-onnmhairí agus na n-allmhairí leagtha amach sna graif thíos.
- Tomhaiseann cuntas reatha chomhardú na n-íocaíochtaí an trádáil ghlan (earraí agus seirbhísí) lúide glanaisdúichiú brabúis agus déantar é a chur in iúl de ghnáth mar sciar den GDP. Ní áirítear an saobhadh a eascraíonn as infheistíochtaí i sócmhainní maoine intleachtúla, aerárthaigh ar léas agus plc-annaí athshainchónaithe sa chuntas reatha mionathraithe, agus déantar sin a chur in iúl mar sciar den ollioncam náisiúnta mionathraithe.
- Tríú critéar a úsáideann an Roinn Státchiste ná "idirghabháil leanúnach, aontaobhach sna margaí airgeadra". Ní bhaineann sin le hÉirinn de bharr gur ball í de limistéar an Euro.
Onnmhairí na hÉireann chuig na Stáit Aontaithe, € milliúin