English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Aidan Williams á cheapadh ar Bhord NAMA

D'fhógair Paschal Donohoe TD, an tAire Airgeadais agus Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, inniu (Dé Céadaoin) go bhfuil Aidan Williams Uasal á cheapadh ina chomhalta nua ar Bhord na Gníomhaireachta Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní.

Tá fónamh níos mó ná ceathracha bliain déanta ag an Uasal Williams le Margaí Caiptil Idirnáisiúnta, Baincéireacht Infheistíochta, Bainistíocht Cistí agus Stocbhróicéireacht. Tá sé ina Stiúrthóir Neamhfheidhmiúcháin agus ina Chathaoirleach ar Unicredit Bank Ireland plc. agus ceapadh le gairid é ina Stiúrthóir Neamhfheidhmiúcháin agus ina Chathaoirleach ar Macquarie Capital Ireland DAC.

Ag trácht ar an gceapachán dó, dúirt an tAire Donohoe:

“Tá Aidan Williams sároilte maidir lena cheapadh sa ról seo i bhfianaise saol fada oibre caite aige le seirbhísí airgeadais in Éirinn agus thar lear. Fágfaidh an taithí fhairsing atá ag an Uasal Williams ar sheomraí boird na scileanna is gá ar fáil ag NAMA chun dul i mbun a bhfuil fágtha le déanamh den chlár oibre díghiarála agus an farasbarr €3.5 billiún a bhfuiltear ag tnúth leis ón ngníomhaireacht a thabhairt i gcrích.”

CRÍOCH