An tAire Chambers i Londain chun bualadh leis an Seansailéir Reeves
- Foilsithe: 2 Meán Fómhair 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tá Jack Chambers TD, an tAire Airgeadais, i Londain inniu (2 Meán Fómhair) chun bualadh le Rachel Reeves MP, Seansailéir an Státchiste. Chinn an tAire agus an Seansailéir bualadh i bpearsa tar éis comhrá teileafóin tosaigh i lár mhí Iúil.
Ba cheart go dtabharfadh an cruinniú seo sárdheis dóibh saincheisteanna leasa choitinn dhéthaobhaigh a phlé d’fhonn caidreamh comhoibríoch a chothú ar an leibhéal polaitiúil agus ar an leibhéal oifigiúil araon.
Tá an Rialtas lántiomanta do chaidreamh láidir a chothú idir Éire agus an Bhreatain i ngach gné. Cé gur tháinig dúshláin shuntasacha chun cinn ina leith sin mar gheall ar an mBreatimeacht, tá móiminteam dearfach ann anois.
Ag labhairt dó roimh an gcruinniú, dúirt an tAire Chambers:
“Táim chomh diongbháilte leis an Seansailéir Reeves ról iomlán a imirt san obair atá ar siúl faoi láthair chun an caidreamh idir Éire agus an Bhreatain a athshocrú. Tá an caidreamh sin ríthábhachtach agus, ar ndóigh, tá roinnt mhaith gnéithe ag baint leis – gnéithe daonna, cultúrtha, spóirt agus gnó ina measc.
Ní hé amháin gur comhráthóirí Chomhaontú Aoine an Chéasta sinn, ach is comhpháirtithe an-suntasach trádála sinn freisin mar gheall ar na naisc thábhachtacha eacnamaíocha agus straitéiseacha atá ar bun eadrainn. B’fhiú níos mó ná €122 billiún trádáil dhéthaobhach dhá threo in earraí agus i seirbhísí idir Éire agus an Ríocht Aontaithe sa bhliain 2022. Tá sé sin cothrom le thart ar €2.4 billiún in aghaidh na seachtaine. Deimhnítear sna figiúirí sin cé chomh tábhachtach agus atá trádáil dhéthaobhach don dá gheilleagar, agus tá Éire rangaithe aois mar cheathrú comhpháirtí onnmhairiúchán is mó atá ag an Ríocht Aontaithe.
Bainfidh Éire an-tairbhe as dlúthchaidreamh comhoibríoch a bheith ann idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe. Táim ag tnúth le cluinstin ón Seansailéir maidir leis na tosaíochtaí atá ag rialtas na Ríochta Aontaithe ina leith sin”.
CRÍOCH