An tAire D’Arcy ag tabhairt faoi chuairt oifigiúil ar Bhéising, Hong Cong agus Macau
- Foilsithe: 14 Eanáir 2019
- An t-eolas is déanaí: 6 Márta 2019
Labhróidh an tAire Stáit a bhfuil freagracht air maidir le Seirbhísí Airgeadais agus Árachas, Michael D’Arcy TD ag Fóram Airgeadais na hÁise i Hong Cong inniu (Dé Luain) mar chuid de chuairt oifigiúil ar Bhéising, Hong Cong agus Macau.
Freastalóidh an tAire D’Arcy ar Lón Oibre in éineacht le pearsana sinsearacha gnó agus Comhlachais Tráchtála na hÉireann & AE Macau. Labhróidh an tAire D’Arcy ag Fóram Airgeadais na hÁise i Hong Cong ar an ábhar: “Todhchaí Inmharthana agus Uilechuimsitheach a Chruthú: Deiseanna agus Dúshláin” agus casfaidh sé leis an Rúnaí Airgeadais, Paul Chan; agus an Rúnaí do Sheirbhísí Airgeadais agus don Státchiste, James Lau. Casfaidh sé leis na meáin freisin chomh maith le bualadh le cliaint de chuid Fiontar Éireann agus an IDA.
Fad a bheidh sé i mBéising, freastalóidh an tAire ar bhricfeasta gnó le Danny Alexander, Leas-Uachtarán Bhanc Infheistíochta Bonneagair na hÁise agus le Liu Wei, Leas-Aire san Roinn Airgeadais.
Dúirt an tAire sular thug sé faoina chuairt:
‘Is é príomhchuspóir na cuairte seo a bheith rannpháirteach i bhFóram Airgeadais na hÁise, Éire a chur chun cinn mar áit le hinfheistíocht a dhéanamh i Seirbhísí Airgeadais agus tacú le cuideachtaí na hÉireann atá gníomhach sa mhargadh. Cinnteofar leis an gcuairt go mbeidh rannpháirteacht mhór i bhFóram Airgeadais na hEorpa a bheidh ar siúl i gCaisleán Bhaile Átha Cliath an 13 Feabhra”.