English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

An tAire Donohoe ag tabhairt faoi chuairt oifigiúil ar San Francisco agus Silicon Valley

An tAire Donohoe ag tabhairt faoi chuairt oifigiúil ar San Francisco agus Silicon Valley

Rachaidh an tAire Airgeadais agus an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Paschal Donohoe TD go San Francisco, California inniu (Dé Luain) ar chuairt oifigiúil. Is é cuspóir na cuairte aird a tharraingt ar an tábhacht atá leis an trádáil agus an caidreamh infheistíocht idir Éire agus na Stáit Aontaithe agus castáil le roinnt cuideachtaí i Silicon Valley atá lonnaithe in Éirinn le fada agus a bhfuil ionaid sách mór acu sa tír.

Casfaidh an tAire le cliantchuideachtaí tábhachtacha de chuid an IDA sna hearnálacha teicneolaíochta agus idirlín agus beidh sé rannpháirteach in imeacht de chuid Fiontar Éireann a bheidh dírithe ar chuideachtaí san earnáil seirbhísí airgeadais agus san earnáil teicneolaíochtaí airgeadais. Tá an tAire Donohoe ag súil freisin castáil le pobal gnó na hÉireann i gCeantar Bay agus bualadh le daoine de phobal na hÉireann sa gConsalacht i San Francisco le linn a chuairte.

Sular thug sé faoina chuairt, dúirt an tAire:

Is ceangal í Éire chun na hEorpa ag cuideachtaí Mheiriceá le breis is 70 bliain. Is in Éirinn atá bunáit straitéiseach ag 1,400 cuideachta idirnáisiúnta don Eoraip. Tá go leor de na cuideachtaí seo a bhfuil a gceanncheathrú acu i California agus a fhostaíonn roinnt mhaith daoine in Éirinn. Is mó daoine atá fostaithe ag cuideachtaí idirnáisiúnta in Éirinn anois ná riamh cheana agus is ionann cliaint an IDA agus 10% den lucht oibre.

“Is caidreamh infheistíochta agus trádála é seo a théann an dá bhealach agus méadú ag teacht ar líon na gcuideachtaí as Éirinn atá ag déanamh infheistíochta agus ag cruthú fostaíochta ar fud na Stát Aontaithe, California san áireamh. Táim ag tnúth le bualadh le gnólachtaí Éireannacha le linn mo chuairte agus mar a fhéadfaidh an Rialtas leanúint ag tacú le gnónna na hÉireann a phlé agus an caidreamh tábhachtach sin a neartú.

CRÍOCH

Leagan amach an turais ar San Francisco:

Cruinnithe le cliaintchuideachtaí

Cruinnithe arna reáchtáil ag Consalacht na hÉireann le ceannairí gnó agus pobail na hÉireann agus Gael-Mheiriceánach i gCeantar Bay;

Bricfeasta gnó Fhiontar Éireann chun seirbhísí airgeadais teicneolaíochta airgeadais a phlé.