English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

An tAire Donohoe ar chuairt oifigiúil chuig Londain agus chuig Caerdydd le haghaidh Lá Fhéile Pádraig

Rachaidh an tAire Airgeadais agus Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Paschal Donohoe TD go Londain inniu (Dé Máirt) chun tús a chur lena chuairt oifigiúil le haghaidh Lá Fhéile Pádraig 2019.

Cuireann Lá Fhéile Pádraig deis ar leith ar fáil chun Éire a chur chun cinn ar fud an domhain, ár naisc le muintir na hÉireann thar lear a athnuachan agus ár gcultúr oidhreachta a cheiliúradh.

Tá an tAire ag dul go Londain ag am cinniúnach i bpróiseas an Bhreatimeachta, agus leagfaidh a chuairt béim ar chomh tábhachtach is atá an caidreamh idir muid féin agus an Ríocht Aontaithe. Casfaidh an tAire le pearsana sinsearacha sa Ríocht Aontaithe, lena n-áirítear Philip Hammond, Seansailéir an Státchiste agus Mark Carney, Gobharnóir Bhanc Shasana. Díreoidh an plé ar an gcaidreamh geilleagrach atá againn leis an Ríocht Aontaithe, lena n-áirítear mar a bheadh an caidreamh sin nuair a bheidh an Ríocht Aontaithe imithe as an Aontas Eorpach.

Freastalóidh an tAire Donohoe chomh maith ar roinnt imeachtaí a bhaineann leis an bpobal Éireannach, lena n-áirítear imeacht a bheidh ar siúl in Ionad Phobal na hÉireann i Cricklewood, agus tabharfar aitheantas don méid atá curtha ag Pobal na hÉireann leis an mBreatain.

Tá béim mhór leagtha ar chúrsaí gnó sa chlár, ag tacú le gnóthaí as Éirinn atá ag onnmhairiú chun na Ríochta Aontaithe agus ag déanamh infheistíochta sa Ríocht Aontaithe. Tabharfaidh an tAire chomh maith faoi chlár de chruinnithe chun cúrsaí trádála a chur chun cinn, lena n-áirítear le IDA Ireland, Fiontar Éireann, Turasóireacht Éireann agus i gCathair Londan.

Maidir leis an gcaint a dhéanfaidh an tAire Donohoe ag Bloomberg Dé hAoine, tráchtfaidh sé ar Éirinn, ar an mBreatimeacht, ar chúrsaí mar atá idir Éire agus an Ríocht Aontaithe, agus áit na hÉireann san Eoraip agus go deimhin sa domhan.

Mar chuid de cheiliúradh na bliana seo, beidh soithíoch Seirbhíse de chuid Chabhlach na hÉireann, an LÉ James Joyce, i Londain agus déanfaidh an tAire léirbhreithniú ar chuid den chriú a bheidh rannpháirteach i bparáid na Féile Pádraig i Londain.

Léiríonn clár cuairteanna na nAirí don bhliain 2019 láithreacht taidhleoireachta agus gníomhaireachta stáit na hÉireann ar fud an domhain, láithreacht atá ag méadú, mar chuid den tionscnamh Éire Dhomhanda. Tabharfaidh an tAire Donohoe cuairt ar Chaerdydd, agus osclóidh Éire Consalacht in 2019 ansin arís mar chuid den tionscnamh sin, agus casfaidh sé le Chéad-Aire na Breataine Bige, Mark Drakeford.

Sular thug sé faoina chuairt, dúirt an tAire:

'An príomhchuspóir atá le mo chuairt ar Londain agus ar Chaerdydd ná béim a leagan ar an tábhacht a bhaineann le caidreamh a bheith idir muid féin agus an tír is gaire dúinn ag am cinniúnach sa phróiseas Breatimeachta, agus ceiliúradh a dhéanamh ar an méid a chuireann pobal na hÉireann leis an mBreatain'.

"Ainneoin na ndúshlán a chruthóidh an Breatimeacht, táim ag súil leis an gcaidreamh tábhachtach seo eadrainn a fheiceáil ag fás agus ag athrú sna blianta atá romhainn."

CRÍOCH

Teagmháil

Deborah Sweeney, Comhairleoir Preasa an Aire Donohoe – 086 858 6878

Aidan Murphy, Preasoifigeach, An Roinn Airgeadais – 085 886 6667

pressoffice@finance.gov.ie